Mí is lá inniu, bhí mé i mo luí i leaba ospidéil ag fliceáil trí na stáisiúin teilifíse agus ag fanacht ar na haltraí uachtar reoite agus glóthach a thabhairt dom. Rinne mé cinneadh ollmhór laghdú cíoch a fháil san Avoca Clinic i gContae Chill Mhantáin. Bhí mé ag streachailt leis seo le fada an lá agus faoi dheireadh their thall bheartaigh rud éigin a dhéanamh faoi! Seo mo scéal.
Chomh fada siar is na déaga, bhí deacrachtaí agam le mo chíocha agus le m’íomhá cholainne. Is cuimhin liom a bheith sa halla spórt scoile agus buachaill amháin a dúirt is é ag gáire ‘féachaigí ar chíocha Rút agus í ag rith.’ Díreach nuair a cheap mé nach raibh rud ar bith níos measa ná an bleep test tháinig sé amach leis sin.
Cuimhne eile atá agam ná a bheith i siopa lingerie ag lorg cíochbheart ‘ceart’ le mo mháthair. Chuala mé bean ag maíomh go hard na spéire go raibh cíocha níos mó agamsa ná a bhí aicise – bhí mé dhá bhliain déag d’aois. Ceann amháin eile daoibh, fuair mé príomhról mar mháthair sa cheoldráma Fiddler on the Roof nuair a bhí mé trí bliana déag d’aois. Cinnte, tá bua an cheoil agam cheap mé i gcónaí go raibh sé aisteach go raibh cuma ‘mháthar’ orm agus mé chomh hóg…
Creidim mar mhná go bhfuil taithí againn ar an bpian. Tá sí fite fuaite inár saol agus ár gcorp. Níl éalú uaithi ar an drochuair. Mar gheall air sin, ní dhearna mé gearán ar bith faoi mo chruth riamh. Thuig mé nach raibh mé in ann cíochbhirt ghleoite a cheannach ó Penneys cosúil le mo chairde agus go raibh ormsa dul chuig Marks & Spencers i roinn na seanbhan. Ghlac mé leis sin. Níor smaoinigh mé go raibh aon fhadhb leis an ngortú droma a bhí agam agus choimeád mé na mothúcháin agus ar fad a bhraith mé faoi rún.
Ní raibh sé go dtí gur bhog mé go Ceanada gur chuala mé faoi daoine ag fáil laghdú cíoch agus gur obráid choitianta a bhí ann. D’fhoghlaim mé i gCeanada freisin nach bhfuil náire ar dhaoine rudaí a dhéanamh ar a son féin. Mhol cara liom laghdú cíoch a fháil agus ar dtús bhí mé píosa beag maslaithe. Cheap mé ‘Seo mo cholainn, caithfidh mé glacadh leis. Sin sin. Deireadh an scéil.’ Ach tar éis dom taighde a dhéanamh agus scéalta mná eile a chloisteáil ar YouTube, chonaic mé go raibh go leor daoine eile cosúil liom féin. Chaith mé oíche iomlán ag bingáil vlaganna ban ó gach coirnéal den domhan a roinn an faoiseamh a bhraith siad tar éis na hobráide. Ghlan mé na deora den scáileán agus chuir mé coinne leis an Dr. Srdjan Mitic in áirithe.
Bhí eagla orm dul faoi scian ach tar éis seachtaine bhraith mé go breá arís. Léim mé thart ag Féile na Gealaí fiú (cé gur sheachain mé moshpits Kneecap…) Roinn mé mo scéal ar fad ar mo leathanach Instagram Do Chailín Rút. Sheoil neart mná teachtaireachtaí chugam le ceisteanna agus ag lorg comhairle. Dúirt duine nó beirt go ndeachaigh siad féin faoin scian na blianta ó shin agus gur athraigh sé a saol!
Ní aithním mé féin i mo chuid éadaí a thuilleadh – rud atá ar fheabhas. Mothaím go hiomlán nua. Tá cúpla ceacht a la Princess Diaries de dhíth orm chun mo drochsheasamh a cheartú ach seachas sin táim réidh don chaibidil úr seo de mo shaol!
Níl ann ach seal do chuairte mar sin déan cibé rud a chuirfidh miongháire ar d’aghaidh!
Anois, ar aghaidh liom go Penneys! Wahú!