‘Cheap mé nach mbeadh orm cuimhneamh ar bhronntanais Nollag arís go ceann bliana…’

Tá muid ag druidim anois leis an tráth sin bliana ina mbíonn deich gcluaisín Google oscailte síoraí ar mo ríomhaire agam, (agus tuilleadh fós déanta beag agam lena gcur i bhfolach orm féin) agus mé i mbun diantaighde. Anois, ní ag caint ar thaighde i gcomhair aistí ná tionscnaimh atá mé, ach ar shiopadóireacht na Nollag. 

Beidh siad uilig á seoladh ag an teach in Éirinn agam ionas nach mbeidh orm iad a iompar abhaile liom, mar sin beidh jab agam nuair a théim abhaile ar an naoú lá déag cuimhneamh ar cé dó ar ceannaigh mé cén rud. Is é sin, murar chuir duine éigin sa mbaile in “áit shábháilte” dom iad ionas nach ngabhfaidís amú idir an dá linn agus é dearmadta acu cár chuir siad iad faoin am a dtagaim. 

I mbliana, gan Mama in ann a bheith ag breathnú thar mo ghualainn, shocraigh mé na nascanna uilig a sheoladh chuici le go mbeadh sí in ann breathnú orthu, iad a thomhais agus rá liom ar fiú iad a cheannacht. 

Ag magadh atá mé, ní bhíonn sí ag breathnú thar mo ghualainn. Cuireann sí amach as an gcathaoir mé agus suíonn sí féin síos, sa gcaoi is gur mise atá ag breathnú thar a gualainn-se. 

Théis an anonn agus anall uilig le nascanna agus físghlaonna ar chaighdeán íseal le bronntanais a roghnú, thosaigh sé ag éirí róchasta. Is éard a rinne mé sa deireadh ná cunntas a chruthú ar shuíomh, an ciseán a líonadh agus dindiúirí an chuntais a sheoladh ar aghaidh ag Mama ionas go gceannóidh sí féin iad. 

Bhí fadhb éigin leis mar go raibh mise thar lear agus ag ordú rudaí le dhul go hÉireann agus leis an fhírinne a insint bhí mé bréan den rud uilig. Bhí chuile shórt beo sa gciseán pléite deich n-uaire againn, bhí na nascanna faighte agus feicthe aici de na rudaí uilig agus cheap mé gurbh in deireadh leis. 

Ha!

Fuair mé glaoch ansin agus mé i gcaifé (ag staidéar) le cara liom. Í féin a bhí ann agus mo chuid bronntanas á gceannacht aici. Go hiondúil déanann muid físghlaonna ó d’fhág mé an baile, ach mar go raibh mé amuigh as an teach ag an am, dhiúltaigh mé físeán a dhéanamh. Níl a fhios agam ar thuig Mama é sin mar choinnigh sí uirthi ag fiafraí díom cá raibh chuile rud ar scáileán an ríomhaire. 

(“Cá’il an ciseán? An bhfeiceann tusa an ciseán?” 

“Níl a fhios agam, a Mhama, seans go bhfuil sé thuas ar thaobh na láimhe deise…” 

“Cén chaoi a raibh a fhios agat é sin, bhfuil tú in ann mé a fheiceáil nó rud éicint?!” )

Bhí mo chara trasna uaim ag gáire, ní dóigh liom go raibh gá di a bheith in ann Gaeilge a labhairt le tuiscint go raibh mé ag éirí beagáinín mífhoighdeach. Bhí mé céasta ag na ceisteanna uilig. Sa deireadh d’fhiafraigh mé de Mhama an raibh Deaide sa seomra léi le cabhrú léi. 

“Níl” a deir Deaide, agus é soiléir gur ón taobh eile den seomra a bhí sé ag caint. D’fhan seisean glan ar na comhráití seo – bhí ciall aige! Faoi dheireadh thiar thall, d’éirigh linn theacht ar gciseán agus chuile rud a bhí curtha isteach againn ann. Cheap mise go raibh chuile shórt curtha ina cheart an lá sin againn agus nach mbeadh orm cuimhneamh ar bhronntanais na Nollag arís go ceann bliana. Go dtí gur labhair mé le Mama maidin inniu. Is cosúil nach raibh an siopa as a raibh muid ag ceannacht sásta earraí a 

SCÉALTA EILE