‘Chonálfadh sé na corra!’

‘Seo chugainn an geimhreadh!’ mar a déarfadh lucht leanta Chluiche na Corónach, agus tá muintir na hÉireann á n-ullmhú féin don Sneachta Mór atá ar an mbealach anoir as an Rúis. Tá suas le 50cm sneachta geallta ag lucht Met Éireann dúinn agus an teocht le bheith chomh fuar le seacht gcéim faoi bhun an reophointe.

Ar ndóigh, is í an aimsir an t-ábhar cainte is fearr linne mar Éireannaigh, ach níl muid i dtaithí ar stoirmeacha sneachta dá leithéid seo. Chuige sin, tá liosta focal agus téarmaí anseo do lucht léite NÓS lena chinntiú go mbeidh sibh in ann cur síos beacht cruinn a dhéanamh ar chomh préachta is a bheidh sibh sna laethanta amach romhainn!

 

Síobadh sneachta’ – stoirm mhór shneachta.

‘Ní léir duit do lámh sa síobadh sneachta’ – tá an sneachta chomh trom sin nach bhfeicfeá do lámh amach romhat.

‘Bhí sí gafa ag an sneachta ar feadh trí lá’ – ‘snowed in’ an Bhéarla!

‘Chuir sé cuma an mhisnigh air féin agus amach leis sa sneachta’

‘Bhí cnagarnach ag an sneachta faoinár gcosa’ – an torann a bhíonn ag sneachta úr faoin gcos

‘Thit cáitheadh sneachta’ – rinne sé sneachta trom

‘Rinne an sneachta ciolar chiot den trácht’ – bhí an trácht ina chíor thuathail ag an sneachta.

‘Bhí greallach á dhéanamh den sneachta’ – an sneachta salach leáite a bhíonn ann cúpla lá i ndiaidh an tsíobtha

‘Tá sé ag tórmach stoirme’ – tá stoirm ar an mbealach

‘Tá gaoth fheanntach ann’ – tá an ghaoth an-fhuar

‘Bhí coinlíní reoite ina fhéasóg’ – tá a fhéasóg reoite.

‘Tá mo chuid alt stromptha leis an bhfuacht’ – tá na lámha agus na cosa reoite.

‘Tá siocán mór air’

Préachta go cnámh’

‘Táim focain préachta anseo!’

‘Tá mé conáilte anseo/chonálfadh sé na corra!’ – ‘It would freeze the herons!’

 

Ar ndóigh is féidir brath ar an Athair Pádraig Ó Duinnín i gcónaí agus muid ar thóir focla agus téarmaí maithe agus tá roinnt mhaith samplaí ina fhoclóir siúd d’fhocla geimhriúla freisin.

‘Lógach’ — snowflake

‘Sneachta dearg’ — something extraordinary

‘Copaí sneachta’ — large snowflake

‘An sneachta a bhí i lár do chléibh a chloígh mé’ — ‘the coldness of your heart undid me’

‘Slámóg’ — a little flake of snow

‘Sneachta crua clochta’ — hard stony snow

‘Coscairt’ — the slush in a thaw; mingled rain and snow.

‘Lá coscartha an tsneachta’ — the day that melted the snow

‘Duartan sneachta’ — a heavy fall of snow

Tá Coiste na bhFocal Nua ann ar Twitter freisin, ar ndóigh, agus tá leaganacha éagsúla de leasainm na stoirme ‘The Beast from the East’ á gcumadh agus á roinnt ag an gcuntas sin agus a chuid leantóirí.

Fágfaidh muid sibh leis an rann deas sin a d’fhoghlaim muid uilig ar scoil faoin ngaoth fhuar anoir!

An ghaoth aduaidh, bíonn sí crua, is cuireann sí fuacht ar dhaoine;
An ghaoth anoir, sneachta go spéir, is fágann sí aibhneacha líona;
An ghaoth aneas, bíonn sí tais, is tugann sí bric chun tíre,
An ghaoth aniar, bíonn sí te, is cuireann sí geir sna caoirigh!

 

SCÉALTA EILE