Bhí mé i gcónaí ag iarraidh rudaí iontacha a bhaint amach i mo shaol agus go mbeadh clú agus cáil orm. Ba ghnách liom suí os comhair an scátháin agus ligean orm féin go raibh Ellen DeGeneres do mo chur faoi agallamh nó go raibh mé ag tabhairt cainte i halla ollmhór faoi cé chomh hiontach is a bhí mo shaol. Liginn orm féin go raibh mé i bhfíseán ceoil agus mé ag damhsa i mo sheomra agus go raibh na céadta ansin le mé a fheiceáil.
Chreid mé go mbeadh grá ag daoine dom dá mbeinn cáiliúil. Go mbeadh na cairde ar fad ar domhain agam agus, ar ndóigh, nach mbeadh orm oiread is lá amháin oibre a dhéanamh agus mé saibhir. Bheinn chomh saibhir sin go mbeinn ag tabhairt na mílte punt don charthanacht achan lá agus bheadh níos mó grá ag daoine dom mar gheall go raibh mé chomh flaithiúil sin chomh maith.
D’fhás mé aníos giota beag agus thuig mé nach mbeadh seans ar bith ann go mbeinn i bhfíseán ceoil de mo chuid féin os rud é nach bhfuil nóta agam. Bím go fóill ag brionglóideach go mbeidh mé ag caint ar chlár Ellen lá éigin ach tuigim ar a laghad nach bhfuil ann ach brionglóid.
Ach suas go dtí b’fhéidir bliain ó shin, bhí mé go fóill ag iarraidh a bheith cáiliúil. Ach ansin, thit achan rud as a chéile. Bhí mé a rá liom féin go dtí sin, “beidh grá ag daoine duit má dhéanann tú X” nó “taitneoidh tú níos fearr le daoine má tá tú níos Y” agus araile.
Ansin le bliain nó níos mó anuas bhí mé ag iarraidh dul i bhfolach ón saol ar fad. Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh aithne ag duine ar bith orm, ní raibh mé ag iarraidh go bhfeiceadh duine ar bith mé agus is cinnte nach raibh mé ag iarraidh a bheith cáiliúil níos mó. Thosaigh mé a rá, “is fuath le daoine thú, ná bí chomh cainteach sin”, “ná bí chomh gealgháireach sin”, “ná bí ann”. Agus bhí sé ar nós go bhfuair an páiste a bhí ionam bás faoi dheireadh.
Ach anois tá mé ag déanamh an rud a dúirt mé i gcónaí nach raibh mé ag iarraidh a dhéanamh. Tá mé ag obair in oifig óna 10 go dtí a 4, téim abhaile agus bím amuigh sa ghairdín nó istigh ag cniotáil agus déanaim an rud céanna an lá dar gcionn agus bhfuil a fhios agat seo? Is breá liom é.
Tá saol agam cosúil le saol gach duine eile. Níl mé cáiliúil, níl mé ag sábháil an domhain agus is cinnte nach bhfuil mé ag dul a bheith ag caint le Ellen am ar bith go luath mar gheall ar a bhfuil ar bun agam ach is cuma liom níos mó.
Tá spriocanna saoil i bhfad níos réalaíche agam anois — tá mé ag iarraidh cat a fháil, ba mhaith liom cuma mhaith a chur ar mo ghairdín, agus lá éigin beidh mé aclaí go leor le rothaíocht suas an cnoc ollmhór sin ar mo bhealach abhaile ón obair.
Idir seo agus sin, tá mé sásta go leor le mo shaol beag leadránach díreach mar atá.