Chuaigh mé ag rith — comhartha go bhfuil mé ag dul as mo mheabhair

Bhí cúpla seachtain iontach strusmhar agam le déanaí, idir aistí ollscoile, scrúdaithe agus  bhall teaghlaigh san ospidéal mar gheall ar thimpiste bhóthair. Anuas air seo ar fad, bhí mé ag streachailt le cúrsaí airgid, mar atá gach duine ag an am seo den bhliain. 

Mhothaigh mé an brú intinne ach bhí sé orm go fisiciúil chomh maith. Ní raibh mé ag ithe mórán, ní raibh mé in ann codladh agus nuair a bhí mé i mo chodladh bhí brionglóidí aisteacha agam a mhúscail mé i lár na hoíche. Tá an t-ádh liom go bhfuil síceolaí iontach agam a bhfuil muinín iomlán agam aisti agus tá ag éirí níos fearr liom ina dhiaidh dom rudaí a phlé léi. 

Ach ar ndóigh, ní uirthise atá sé gach rud a dheisiú i mo shaol agus tá orm roinnt mhaith oibre a chur isteach mé féin idir na seisiúin. In amanna bíonn na rudaí a phléim léi mar ábhar machnaimh agam ar an cholún anseo mar ní bhíonn mórán níos suimiúla ag dul ar aghaidh i mo shaol agam! 

Tá muid saor anois ón ollscoil mar gheall go bhfuil na scrúduithe ar siúl, beidh dhá cheann agam an tseachtain seo chugainn agus beidh mé saor don Nollaig ansin faoi dheireadh. Ach ciallaíonn sé seo go bhfuil mo chairde imithe abhaile agus nach bhfuil rud ar bith le déanamh agam seachas suí sa teach ag ligean orm féin go bhfuil mé ag déanamh staidéir agus ag tabhairt faoi jigsaw. 

Sílim go bhfuil mé ag dul as mo mheabhair de réir a chéile anois as siocair mé a bheith i mo sheomra liom féin gan labhairt le duine ar bith agus gan an teach a fhágáil seachas nuair atá orm bia a fháil. Níor oscail mé mo bhéal le labhairt le oiread is duine amháin inniu ná inné agus is dócha nach rud iontach é sin ach tá mé cineáilín ag baint sult as. 

Chuaigh mé ag rith aréir den dara huair riamh i mo shaol agus actually thaitin sé go mór liom (seo chuid den fáth a sílim go bhfuil mé ag dul ar mire). Bhí mé ag aislingeacht le cúig bliana anuas go nglacfadh duine éigin mé ar dháta chuig músaem na Gaillimhe ach bhí mé tinn tuirseach de bheith ag fanacht ar an duine sin agus inniu ghlac mé mé féin ann agus tá mé ag smaoineamh faoi dul ar dháta eile liom féin chuig caifé éigin amárach. Seans go bhfaighidh mé pionta dom féin chomh maith, má tá an fonn sin orm. 

Bíonn sé deacair dom in amanna suí in áit phoiblí liom féin mar gheall go mbím chomh féin-choinsiasach sin ach éireoidh sé níos fusa de réir a chéile. Tá mé ag foghlaim nárbh fhiú a bheith ag fanacht ar dhaoine rud a dhéanamh liom nó dul áit éigin liom nó beidh tú ag fanacht leo go deo. Agus má tá sé uafásach ar fad a bheith amuigh sa domhan mór liom féin, beidh an jigsaw agus podchraoltaí maithe agam sa bhaile.