Chuala na daoine seo den chéad uair riamh


Déanann an formhór againn talamh slán dár gcumas éisteachta ach ní bhíonn gach duine in ann úsáid agus sult a bhaint as an gcéadfa áirithe seo.

Anuraidh thosaigh an tseirbhís sruthaithe cheoil Spotify scéim, in éineacht leis an Starkey Hearing Foundation, a chuir áiseanna éisteachta ar fáil do na mílte duine sna Filipínigh, áiseanna a d’athraigh a saol ó bhun go barr.

Tá físeán gleoite déanta acu d’fhreagra mothúchánach ó thriúr acu sin a bhí bodhar ach a chuala fuaimeanna an domhain den chéad uair riamh.

Is iad móimintí mar seo a léiríonn daonacht agus iontas álainn na cruinne seo.

SCÉALTA EILE