Tá pornagrafaíocht díoltais ar na réaltachtaí is dorcha den saol síor-cheangailte, idirnasctha, digitithe seo.
Glacann lánúin grianghrafanna nochta díobh féin agus iad i gcaidreamh.
Tagann deireadh achrannach leis an ghaol agus foilsíonn duine acu – an fear go hiondúil – na grianghrafanna ar líne chun díoltas a imirt ar a iar-chéile.
Is beart suarach gránna é agus de bharr nádúr mearscaipthe an idirlín tá sé an-deacair bac a chur ar dhaoine pictiúirí a roinnt gan chead ar fud an ghréasáin.
Anseo in Éirinn tá an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí ag plé faoi láthair le reachtaíocht a chosnódh íospartaigh ó phornagrafaíocht díoltais ach go dtí go bhfuil dlí ceart i bhfeidhm, cad is féidir le daoine a dhéanamh chun iad féin a chosaint ar a leithéid de ghníomh?
I SAM tá cailín amháin tar éis teacht ar sheift ghlic chun an dlí a chur ar iar-bhuachaill a phostáil íomhánna nochta di féin gan chead: cóipcheart a chur ar a cíocha.
Mhínigh sí – faoin ainm bréige ‘Hilary’ – le CNN le déanaí gur chuir sí grianghrafanna nochta di féin chuig a buachaill nuair a bhí siad i gcianchaidreamh ach gur fhoilsigh seisean na pictiúirí ar líne nuair a tháinig deireadh lena suirí.
Rinne sí iarracht ar dtús gearán a chlárú tríd an Acht um Chóipcheart Digiteach de chuid na Stát Aontaithe a chuireann iallach, i gcásanna áirithe, ar shuíomhanna grianghrafanna nach bhfuil faoi chóipcheart a bhaint anuas.
Nuair nár éirigh lena hiarratas tháinig sí aníos le cur chuige cruthaitheach leis na híomhánna nochta a bhaint: chuaigh sí chun Leabharlann Chomhdhála na Stát Aontaithe chun cóipcheart oifigiúil a ghlacadh amach ar a cíocha.
Cé go raibh ar Hilary grianghrafanna nochta dá corp a chlárú leis an leabharlann, ní raibh na híomhánna le feiceáil ach ag oifigeach amháin agus sa deireadh d’éirigh léi stádas cóipchirt a fháil ar bhreis agus 100 pictiúr.
Go dtí seo baineadh íomhánna dithe anuas de roinnt láithreán gréasáin, cé go dtagann sí ar chuid eile anois agus arís go fóill.
Is réiteach ar leith é seo ar fhadhb atá ag éirí níos coitianta ach tugann sé faoiseamh áirithe do dhaoine atá ag fulaingt de bharr na pornagrafaíochta díoltais go bhfuil bealaí éalaithe amach ón chiapadh agus ón chrá croí.
Ag deireadh an lae áfach níor mhaith linn bheith beo ar domhan inar gá do dhaoine cóipcheart a chur ar a gcolainneacha chun bheith slán, ar líne nó san fhíorshaol.
Seift shuimiúil í ach tá reachtaíocht de dhíth, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, chun cosaint cheart chuí a chur ar fáil d’íospartaigh na coire díoltais seo.