Feictear domsa go bhfuil chuile dhuine atá sna fichidí ag pósadh nó ag tógáil clainne. Lá amháin, dúisíonn tú, piocann tú suas do ghuthán agus is ball tú de ghrúpa nua Whatsapp dar teideal ‘Stag X 2025’ taobh le hemoji eitleáin. Tá dhá rud cinnte faoin áit; beidh sí lán le hól agus beidh muintir na háite á gciapadh againn. D’oscail mé an teachtaireacht mar iar-chearrbhach a shín a phá míosúil ar an gcuid dhubh. Go buíoch beannachtach, sheachain mé Cora Droma Rúisc uair amháin eile.
Shroich mé go luath baile an phoic agus ní raibh aithne agam ar éinne seachas an grúm. Níor tháinig an grúm ar an teach tábhairne go fóill agus ní raibh mé in ann ceist a chur ar gach uile dhuine an mbeidh siad ag dul in éineacht liom ar an drabhlás agus réidh le gníomhaíochtaí sóisialta a dhéanamh. Mar chomhartha deataigh ar oileán díthreibhe, chuir orm mo gheansaí Mhaigh Eo agus rinne mé dhá chuaird timpeall an tí. Bhí beirt ag stánadh idir an dá shúil orm, chuaigh mé i gcomhrá leo. “As Maigh Eo thú?” a dúirt siad. D’amharc mé síos a dheimhniú go raibh an geansaí ceart orm. “Táim, agus sibhse?”
“Táimid,” le tost beag ina dhiaidh.
“Aon seans go bhfuil sibh anseo chun dul ar chóisir na bpoc?”
“Táimid.”
Bhí sé sin dhóthain. Bhí siad ag pléascadh leis an gcaint agus an deoch ón am sin amach. Tá fíorúcháin níos treise faighte agam ó phrionsaí de chuid na Nigéire roimhe.
Léiriú ar chumhacht an chine dhaonna is ea cóisir na bpoc, gur féidir leat grúpa mór (strainséirí den chuid is mó) a fhágáil ar fhód coimhthíoch agus tiocfaidh siad le chéile gan aon fhuadar. Níl léargas níos fearr ar dhuine ná an tslí a ndoirteann sé deoch agus a mbriseann sé arán naan le duine anaithnid. Dá mbeadh Kant ar chóisir na bpoc ní bheadh imleabhar le scríobh aige chun a phointe a chur in iúl. Tá finné fir an-eagraithe de dhíth ar an ócáid áfach. Leagtar post an bhainisteora imeachtaí, ról an phreabaire, agus dualgais an tsíceolaí ort. Ní gá taithí mar mhúinteoir bunscoile a bheith agat ach cuideoidh sé go mór leat. Caithfidh an finné fir sampláil a dhéanamh ar an ngrúpa i rith na hoíche. Ag baint úsáid as a instinní oilte agus a bharaiméadar intinne chun an grúpa a chothromú. Do do cheistiú féin: “An raibh bricfeasta ag Mícheál fós, ní mhairfidh sé gan é?” “Níor chóir do Phádraig a bheith ar an bhfuisce 37 nóiméad romhainn.” “An mbeidh trí dheoch a dhóthain chun an leibhéal alcóil san fhuil a choinneáil ceart go leor roimh an dinnéar?”
Bhorr ár gciorcal pótairí go mall agus tháinig an-chraic leis. Nuair a tháinig siad, níor cuireadh éinne in aithne dúinn agus tugadh níos lú scéal cúlra dúinn ná eagrán Lost. Mar sin féin, bhí a leithéid de chraic againn agus i ngach teach tábhairne léiríomar dea-iompar den chéad scoth. Níor mhaolaigh easpa ceapairí liamháis sa siopa kebab an oíche fiú.
Cuidíonn an cluiche ríomhaire “Football Manager” leis an bhfinné fir a oiliúint. Idir pearsantachtaí agus coimhlintí pearsanta, tá cúpla lá neirbhíseach roimhe. Beidh air na carachtair seo a bhailiú agus a thomhas mar is ceart:
An Fuirseoir – Is é ciúnas ciotach creill bháis na cóisire. Ní féidir leat an t-am a líonadh le go leor imeachtaí agus is ar an bhfuirseoir a bhraitheann an oíche. Cuireann an fuirseoir an chúthaileacht díobh agus cuireann sé tús ar dhea-scéalaíocht nó leis an rince mór.
Fear na bPiontaí – Is é foinse beatha na cóisire é. Cinntíonn sé go bhfuil sruth na bpiontaí ag sileadh gan staonadh. Is féidir leis cúrsaí teasaí na hoíche a mheas agus ordóidh sé an deoch cheart cibé atá i gceist; braonta nó uisce beatha lena géarú, piontaí dubha lena coinneáil go maith, nó leann úll leis na máinneálaithe a athbheochan ar an dara nó an tríú lá. Céad faoin gcéad cinnte go mbeidh sé ag dul isteach sa tacsaí ag alpadh piontaí úra ag deireadh na hoíche fós.
An Chearc Áil – Ríthábhachtach chun an brú a mhaolú as an bhfinné fir. Tá na leibhéil piontaí i gcónaí ar a aire aige agus comhaireann sé líon na ndaoine ó theach go teach. Tugann sé gloiní uisce faoi cheilt do dhaoine i rith na hoíche. Ceannaíonn sé buidéil uisce don mhaidin roimh an drabhlás.
An Gaiscíoch Aon Uaire – “Nach raibh seisean go hiontach inné?” Caitheann sé an t-am ar fad eile sínte sa leaba agus ollphóit air.
An Ceap Milleáin – Deirtear go bhfuil gach meancóg agus mí-ádh déanta aige féin. Ag cailleadh bus, ceapairí ag titim ar an urlár, an bháisteach, gach rud mar gheall airsean. Tuigeann sé nach bhfuil siad ach ag magadh agus cuireann sé an fuinneamh diúltach ar bhealach grinn.
An Fear Luaineach – An duine cinniúnach ar an gcóisir. Tá vaidhb úr dhothuartha ina thimpeall, tugann sé cóisir na bpoc i mbealaí nua anaithnide. Déanfaidh sé rud ar an oíche nár rith le haon duine riamh roimhe i stair an domhain. Is iad a eachtraí an chéad rud a luafar Dé Luain nuair a bheidh tú ar ais san oifig. Tabhair do d’aire: dá mbeadh cúpla fear luaineach ar an turas, gach seans ann go dtroidfidís lena ndúiche a shealbhú.
Dhúisigh mé an lá ina dhiaidh agus mo chorp ina smidiríní. Shúigh mé ar m’fhiacla. Bhí baol fairsingithe fásaigh ar mo theanga agus míshásamh orm go bhfacthas dom go raibh mo sheomra ar ghráinne iompair. Bheinn i gceart dá mbeadh aer úr agam agus dá seachnóinn corraí tobann. Díreach ina dhiaidh sin feistíodh mé i suíochán cairtín i lár bothán tionsclaíochta. Scriosfaí an ciseal ózóin dá n-osclófaí an doras. Ní raibh mé ann ach cúig nóiméad sula raibh orm tuirlingt éigeandála a dhéanamh agus léim mé siar chuig an leithreas. Mo bhuíochas le cúpla buidéal Corona a d’athbheoigh mé don oíche.
Maidin Domhnaigh, bhí lagaithe go fisiciúil ach lán le misneach athnuaite mar gheall ar an gcine daonna. Chuaigh mé abhaile. Rollchóstóir ab ea é agus is cinnte go ndéanfaidh mé seic níos cúramaí agus lámha allasúla orm ar an gcéad ghrúpa Whatsapp eile.