Ní minic gur Snapchat is cúis le machnamh saoil, ach tharla dom an tseachtain seo gur phreab “Cuimhne” ón bhliain 2017 aníos ar an aip. Grianghraf a bhí ann, grianghraf de liosta a scríobh mé, drochdhóigh orm agus mé in ísle brí. Ábhar an liosta? “Rudaí atá maith faoi mo shaol.”
Bímse ag seanmóireacht go minic faoi thábhacht an bhuíochais agus faoin sásamh a bhaineann leis. Is dócha go bhfuil sibh tinn de ag an staid seo, ach an príomhrud a deirim i gcónaí ná gur gá a bheith leanúnach leis an bhuíochas. Ní leor liosta a scríobh uair amháin. Níor athraigh an liosta sin ó 2017 mo shaol. Tá a fhios agam gurbh é an chéad liosta den chinéal sin a scríobh mé riamh áfach, agus leis sin, gur chothaigh mé nós an bhuíochais.
Anois, an bhfuil mise foirfe? An mbím buíoch gach uile lá as gach uile rud? Seans ar bith. An ndéanaim comparáid idir mo shaolsa agus saolta daoine eile go fóill? Go cinnte dearfa. Ach le seacht mbliana anuas, déanaim níos lú comparáide, níos mó machnaimh ar na rudaí maithe i mo shaol, agus tá mé níos sásta dá bharr. Ní bhíonn achan lá ina lá maith, ach bíonn maitheas in achan lá.
Tig litir na seachtaine seo ó dhuine atá in áit cosúil leis an Kathryn sin a scríobh a céad liosta buíochais in 2017. Tá frustrachas orthu, tá saolta a cuid cairde á gcur i gcomparáid acu lena saol féin, agus tá siad ag cailleadh misnigh. Chuaigh an cheist seo go mór i bhfeidhm orm, agus nuair a chonaic mé an “chuimhne” ar Snapchat cúpla lá ó shin, bhí a fhios agam go mbeadh orm é a chlúdach daoibh an tseachtain seo.
C.D. 27
Tá frustrachas orm maidir leis an áit ina bhfuil mé sa saol i láthair na huaire. Tá a fhios agam go mbraitheann cuid mhór daoine mar an gcéanna, ach ar chúis éigin tá sé deacair agam rud ar bith a dhéanamh faoi na laethanta seo. Ní thuillim an méid céanna airgid le mo chairde, agus ag obair ón mbaile don chuid is mó a bhím mar tá timpeallacht sách leamh san oifig (cé go bhfuil an-phaisean agam don obair féin!), agus tá mórchuid de na cairde agam anois ag dul, nó ar tí dul, ar imirce!
Braithim cineál sáinnithe agus uaigneach agus cé go bhfuilim buíoch as an méid atá agam (i ndáiríre, tá!), bíonn drogall orm labhairt fúm féin ag imeachtaí teaghlaigh, nó ar choinní caife le mo chairde mar tá náire de shaghas éigin orm faoi. Sílim go gcuireann sé sin isteach ar chúrsaí grá freisin, mar ní bhraithim muiníneach go leor ionam féin le bheith ag dul amach agus ag bualadh le daoine nua. Níl a fhios agam an bhfuil ciall leis sin ach bheinn buíoch as aon leideanna a bheadh agat dom! Míle buíochas <3
Ar dtús, bain díot hata na “náire” anois. Ní tusa an chéad duine a mhothaigh mar seo, agus ní tusa an t-aon duine a mhothaíonn mar seo díreach anois. Níl aon chúis náire anseo. Tá sé go hiomlán nádúrtha seal a bheith agat nuair nach bhfuil tú róchinnte fút féin nó faoi cad é atá romhat. Chuirfinn geall air gur rud é seo a dtéann gach duine fríd ag staid amháin nó staid eile.
Mar sin, an chéad rud a déarfainn ná, labhair le cara leat nó le ball teaghlaigh. Duine a bhfuil tú compordach leo a chuideoidh leat é seo a roinnt leo gan aon náire a bheith ort. Tá mé cinnte go bhfuil duine mar sin agat i do shaol. Deir tú go bhfuil tú ag streachailt leis seo a phlé le do chairde thar “choinne caife” agus is dóigh liom go mbaineann an suíomh le cuid den streachailt sin. Tá sé thar a bheith deacair mothúcháin agus rudaí íogaire a phlé in áit phoiblí go háirithe má tá náire ort faoi na mothúcháin sin cheana.
Roghnaigh “duine sábháilte” agus déan plean leo a ligfidh duit a bheith ar do chompord an t-ábhar seo a phlé. De réir taighde, is cosúil gur fusa rudaí íogaire a phlé muna bhfuil tú “aghaidh le haghaidh” leis an duine. Ar thug tú fá deara roimhe go bpléitear níos mó ar thuras bóthair sa charr nó ar siúlóid ná mar a phléitear ag dinnéar? Bain triail as rud mar sin. Agus lig duit féin caoineadh, má tá ort é sin a dhéanamh. Molaimse an caoineadh i gcónaí (is caointeoir mé, cuir ceist ar mo chairde nó ar mo bhuachaill). Cuidíonn an caoineadh leat an strus a scaoileadh uait agus cuid den fhrustrachas a ligint amach.
Sílim gurb iad an t-uaigneas agus an chomparáid an dá rud is mó atá ag cur as duit. Tá súil agam go gcuideoidh an méid thuas leis an uaigneas, ach b’fhiú duit rudaí eile a thriail chomh maith. Agus cairde ag dul ar imirce nó ina gcónaí in áiteanna eile, bíonn sé ina athrú ollmhór gan ciorcal mór cairde a bheith leat i rith ama mar a bheadh ar scoil nó ar an ollscoil. Is féidir leat ciorcal mar sin a thógáil arís ámh.
An bhfuil aon chaitheamh aimsire a thaitin leat is tú níos óige, nó a bhí ar intinn agat a thriail nár thosaigh tú riamh? Sílim gurb é seo an t-am lena thoiseacht. Buailfidh tú le daoine go rialta, a bhfuil comhshuimeanna leat acu. Cuideoidh sé le cúrsaí muiníne a bheith ag dul do rud éigin a bhfuil tú go maith aige, nó a dtig leat a fheabhsú ann, taobh amuigh den obair. Tógfaidh sé amach as an teach thú i ndiaidh lá fada den chianobair fosta!
Anois, an chomparáid. Deirtear gur gadaí an áthais í an chomparáid, agus creidimse gur fíor sin. Maith go leor, tá cuid de do chairde ag saothrú níos mó airgid ná tú. Ar mhaith leat na poist atá acu? Ar mhaith leat féin dul ar imirce? Dá mba mhaith, déan é! Munar mhaith (agus sílim nár mhaith), cuir i gcuimhne duit féin na rudaí atá go maith faoin saol seo atá roghnaithe agat duit féin. Deir tú go bhfuil tú buíoch as na rudaí maithe, agus tá sin go hiontach, ach ní athróidh sé do shaol machnamh a dhéanamh ar na rudaí a bhfuil tú buíoch astu uair amháin, nó fiú liosta a dhéanamh uair sa bhliain. Is cleachtas rialta é, agus mholfainn duit machnamh a dhéanamh air am ar bith a mhothaíonn tú an t-éad seo ag teacht ort.
I ndáiríre, tuigim do chás agus tá súil agam go bhfuil mo chuid moltaí cuidiúil. Tá sé tuillte ag gach duine a bheith sona, muiníneach agus compordach ina saol féin, agus guím gach rath ort agus tú á aimsiú sin ionat féin.
An bhfuil comhairle carad uait? Fáiltítear roimh gach cinéal ceiste sa cholún seo: dáiríre agus amaideach, tromchúiseach agus greannmhar. Seol ceist chuig an fhoirm anaithnid seo agus déanfar do cheist a fhreagairt amach anseo.