An bhfuil do pháirtí tí ag diúltú na boscaí bruscair a thabhairt amach cé gur leo tromlach an bhruscair? An bhfuil an ribín amháin gruaige sin ar do ghabhal nach féidir leat a bhearradh leis an rásúr ag cur ruaig ar na Gaelbabes a bhfuil tú sa tóir orthu? Nó an é go bhfuil amhras ort faoi bhogadh go Ros Comáin go díreach? (I ndáiríre, ní bheadh aon mhilleán againn ort.)
Suigh leat in oifig an chomhairleora, mar sin, ar tholg breá compordach agus cúisíní boga timpeall ort. Bíodh an t-idirleatóir labhandair do do shuaimniú agus sceith leat na fadhbanna agus na ceisteanna ar fad atá ag ciapadh d’intinne gach oíche.
Mar a tharlaíonn sé, is é do sheomra suí féin oifig an chomhairleora!
Tá fáilte roimh gach cineál ceiste i gComhairle Carad, colún comhairle a fhreagróidh na ceisteanna ciotacha sin nach bhfuil aon chur amach againn orthu. Ach tá ag Kathryn.
Glacfar le ceisteanna faoin chairdeas, oideachas, taisteal, poist, agus *i gcogar* gnéas. Níl aon leisce ar Kathryn dul i ngleic leis an fadhbanna is mó, is casta agus is aistí atá ag Gaeil na linne seo. Ná bíodh aon drogall ort na fadhbanna sin a roinnt ach an oiread!
Más suim leat comhairle a fháil ar an tsaol mhór mhearbhlach seo, scríobh chuig Comhairle Carad.