Comhairle Carad: Taithí a dhéanann máistreacht

Is cuma cén aois thú, bíonn brú agus strus ar gach uile dhuine. Tig athrú ar bhrúnna an tsaoil de réir mar a théann tú in aois agus in aibíocht, ach fanann na ceachtanna saoil a fhoghlaimítear le linn na dtréimhsí is strusmhaire linn ar feadh i bhfad. Déanaimse iarracht, i gcolún na seachtaine seo, mo chuid taithí agus ceachtanna féin a roinnt lenár gceistitheoirí. Ón Ardteist go dtí an obair, níl aon éalú ón bhrú…

C, 18
Tá imní orm faoin Ardteist – tá sí ag druidim linn. Níor éirigh go maith liom sna scrúduithe bréige agus bíonn mo thuismitheoirí ag cur brú orm lá i ndiaidh lae mar gheall ar an drochthoradh a fuair mé sa Mhata. Tá seal dom féin de dhíth orm, ach ní féidir liom an staidéar a chaitheamh in aer… cad ba cheart dom a dhéanamh?

Ah, a chroí, tá brón orm faoin mhéid struis atá ort. Ní chreidfeá an oiread daoine atá sa chás chéanna – fiú má deir siad a mhalairt ar scoil. Bíonn bealaí difriúla ag gach duine déileáil le strus, agus san am strusmhar seo, ba cheart dúinn béim a leagan ar cén dóigh a ndéileálann tusa le strus.

Cé go bhfuil na scrúduithe ag teannadh linn, níl sé rómhall plean a chur le chéile muna bhfuil ceann agat cheana féin. B’fhearr i bhfad an tréimhse dheireanach seo a chaitheamh ag staidéar go héifeachtach ná a bheith faoi strus nár thosaigh tú roimhe seo. Níl smacht agat air sin anois. Tá smacht agat ar an mhéid a dhéanfas tú as seo amach.

Cén chuma a bheas ar an phlean seo, mar sin? Tosaigh leis na scrúduithe. Cuir san fhéilire ar dtús iad agus ansin aon mhór-imeachtaí eile i do shaol, nó aon rud nach féidir a chailleadh, agus oibrigh siar uaidh sin. Bí cinnte go bhfuil go leor ama tugtha sa phlean agat do gach ábhar, agus níos mó ama do na hábhair a mbíonn tú ag streachailt leo. Tá a fhios agam go mbeadh sé deas gach lá staidéir a chaitheamh ag dul do na hábhair is fearr leat, ach beidh tréimhse de dhíth ar an Mhata chomh maith!

Scríobh cén t-ábhar a ndéanfaidh tú staidéar air gach lá (ceann amháin nó cúpla ceann, ag brath ar cad é ab fhearr leat). Ansin is féidir leat na topaicí difriúla ó na hábhair sin a chur leis an phlean. Glacfaidh sé tamall, agus seans go mbeidh tú a rá leat féin, “cad chuige a bhfuil mé ag caitheamh ama air seo nuair a thiocfadh liom a bheith ag staidéar anois?” Ach a chroí, geallaim duit, nuair a fheiceann tú do phlean amach romhat, tabharfaidh sé faoiseamh nach beag duit.

Tabhair sosanna duit féin. Déan cinnte go bhfuil am saor agat gach lá, nó lá saor fiú más féidir. Glac sosanna beaga i rith an lae, agus nuair a mhothaíonn tú an-tuirseach, imigh ón staidéar agus tar ar ais chuige am eile. Tá do chuid fuinnimh ríthábhachtach agus ní éireoidh leat aon rud a dhéanamh agus tú scriosta.

Nuair atá an plean réidh agat, taispeáin do do thuismitheoirí é. Tá súil agam go n-aithneoidh siad go bhfuil tú réamhghníomhach, freagrach agus eagraithe, agus go stopfaidh siad a bheith do do chrá faoin staidéar. Ná déan dearmad fosta nach bhfuil do thuismitheoirí ach ag iarraidh cuidiú leat. Níor mhaith leo cur isteach ort, tagann sé ón ghrá. 

As seo amach, dírigh ar an mhéid a bhfuil smacht agatsa air, ar an mhéid is féidir leat a dhéanamh anois. Iarr cuidiú sna háiteanna a bhfuil sé de dhíth (an Mata, b’fhéidir). Is fiú labhairt le múinteoirí na n-ábhar nach bhfuil tú cinnte fúthu le feiceáil cén leideanna atá acu duit. Arís eile, má thaispeánann tú an plean seo dóibh, tchífidh siad go bhfuil tú dáiríre faoi seo agus is mó seans go mbeidh siad sásta tacaíocht a thabhairt duit.

Ar deireadh, a stór, cuimhnigh nach bhfuil ann ach seal i do shaolsa. Cé go bhfuil an Ardteist tábhachtach, ní bheidh daoine ag caint air seo i gceann 10 mbliana. Éireoidh leat sa deireadh le do chuid spriocanna saoil, agus bíonn bóthar difriúil le siúl ag gach duine. Gheobhaidh tú na marcanna a gheobhaidh tú. Leanfaidh tú an bóthar atá romhat. Agus beidh gach rud go breá.

E, 25
Tá mé ag obair sa phost chéanna ó d’fhág mé an ollscoil agus ní miste liom an obair. Ach le tamall anuas, mothaím brú agus strus leis an obair agus rudaí eile i mo shaol agus tá gach rud ag tógáil níos mó agus níos mó iarrachta. Musclaím gach lá faoi strus. Cén dóigh ar féidir liom an brú seo a láimhseáil nó a laghdú?

Baineann brú le gach gné den tsaol. Go háirithe ag an aois ag a bhfuil tú, is minic a bhíonn daoine ag aithint agus ag mothú bhrúnna an tsaoil mhóir níos mó ná riamh.

Mothaím i do chás féin nach é do phost an t-aon chúis leis an strus, cé gurb é an t-aon rud a luann tú go sonrach i do cheist. Bíonn cúinsí saoil difriúla ann agus athraíonn an saol bliain i ndiaidh bliana. Mar sin, cé go bhfuil strus bainte le do phost, ba bhreá liom a fhiosrú cad iad na rudaí eile atá ag cur strus ort.

Cairdis? Caidrimh? Na soithí? An ghlantóireacht? Bia a roghnú agus a ullmhú gach lá? 

Aimsigh an ghné is mó, nó an cúpla gné is mó, atá ag cur isteach ort. Beidh plean áirithe i gceist do gach gné, is dócha, agus bealach difriúil le dul i ngleic leo. Cuid acu, beidh tú in ann iad a bhaint ó do shaol go hiomlán, cuid acu beidh tú in ann iad a athrú, agus cuid eile a mbeidh ort glacadh leo agus bealach a aimsiú déileáil leo.

Glacfaidh muid do chuid oibre mar shampla óir is é sin a luaigh tú. An féidir na dualgais atá ort a laghdú ar bhealach ar bith? An gcuirfeadh do bhainisteoir fáilte roimh chomhrá mar sin? An mbeadh bealach ann cuid den obair a roinnt nó cuid de na cinntí a laghdú fiú?

Domhsa, bíonn go leor struis ag baint le cinntí a dhéanamh. Tuirse na cinnteoireachta (decision fatigue) a chuirtear air. Glacann sé méid ar leith fuinnimh cinneadh a dhéanamh agus a dheimhniú gurb é sin an cinneadh “ceart”. Agus déanann muid go leor leor cinntí in aghaidh an lae. Cén éadaí a chuirfidh muid orainn? Cad é a déarfaidh muid ar an obair faoin fhadhb sin? Cad é a íosfaidh muid? Cá suífidh muid? Cad a n-amharcfaidh muid air? Cad é a cheannóidh muid?

Cuireann na ceisteanna seo tuirse ar an intinn agus cruthaíonn sin brú agus strus. An dóigh a laghdaímse féin an strus seo ná laghdaím na cinntí atá le déanamh agam gach lá. Déanaimse sin le gnáthamh agus nósanna. (Sea, tá sí ag caint faoi nósanna arís…) Ach má mhúsclaím agus fios agam cheana cad é a íosfaidh mé don bhricfeasta, cén t-ord ina ndéanfaidh mé gach rud sula dtosaím ar an obair, cá háit a bhfuil gach rud, agus cad iad na héadaí a chuirfidh mé orm, bíonn an mhaidin i bhfad níos fusa. Bíonn brú an lae laghdaithe ón tús.

Éiríonn an intinn cleachtaithe leis na gnáthaimh seo agus glacann sé leis ansin nach bhfuil air a bheith ag smaoineamh nó ag déanamh cinntí faoi sin níos mó. Ansin, má bhíonn cinneadh le déanamh agam ar an obair nó i mo chuid cairdis, nó caidrimh, bíonn sé i bhfad níos fusa. Bíonn spás ag m’intinn déileáil leis an chinneadh ansin. Bíonn fuinneamh aige.

Arís eile, cosúil le mo chuid comhairle don mhac léinn thuas, déan sosanna a phleanáil duit féin mar chuid den ghnáthamh seo. Thiocfadh leat rud deas a dhéanamh duit féin gach maidin agus é sin a bheith mar nós agat. Má bhíonn tús dearfach agat leis an lá, is amhlaidh is lú struis a bheas ort le linn an lae.

Agus an nod deireanach uaim… labhair le daoine. Tá do chuid cairde agus do theaghlach ann le cuidiú leat fríd dhrochthréimhsí. Bain leas as na caidrimh atá togtha agat thar na blianta agus iarr cuidiú in aon áit ar féidir. Ná bí róchrua ort féin. Tá tú ag déanamh do dhíchill. Geallaim duit gur leor sin.


An bhfuil comhairle uait? Seol ceist nó fadhb, mór nó beag, chuig Kathryn san fhoirm anaithnid seo, agus freagróidh sí do cheist amach anseo. 

SCÉALTA EILE