Seo é, an rud a raibh tú ag fanacht leis le (ar a laghad) bliain anuas!
Tá na coláistí ag tosnú arís, agus tá mic léinn nua fud fad na tíre ag bogadh isteach sna hallaí, ag bualadh le cairde nua, agus ag dul amach corr-oíche fosta!
Ach tabhair aird anois má tá tusa ina measc, nó tá rud beag comhairle agam a dhéanfaidh cinnte go mbeidh do chéad bhliain de shaoirse chomh sultmhar agus is féidir!
Buail le daoine nua:
Nuair a bhogann tú go háit choimhthíoch ar nós coláiste, bíonn an cathú ann fanacht le seanchairde ón bhaile. Gabh amach agus buail le daoine nua!
Tá saol an choláiste lán de dhaoine ó háiteanna agus cúlraí difriúla – ná bíodh eagla ort cairde nua a dhéanamh.
Bí i do bhall de chumann nó club:
Tá níos mó le déanamh ar choláiste ná freastal ar ranganna agus dul ar an drabhlás.
Bí páirteach i gcumann a bhfuil dúil agat ann, bíodh sé An Cumann Gaelach nó club spóirt, is seans ann bualadh le daoine nua, agus bíonn leithéidí ‘An Turas Mistéireach’ mar pháirt den choláiste nach ndéanfar dearmad air choíche (ag brath ar líon na Jagerbombs a bhí agat sa chlub deireanach sin!)
Cuir glas ar dhoras do sheomra leapa:
Samhlaigh anois é, bhí oíche spraoiúil agat leis na leaids, tá tú spianta agus tá léacht agat i gceann 2 uaire – ach tagann tú abhaile le feiceáil go bhfuil paipéar leithris gach áit, agus do leaba sa seomra folctha.
Ní féidir an phrancáil a sheachaint don bhliain ar fad, mar sin cén chomhairle atá agam? Déan tusa ar tús é, agus bíodh céim chun tosaigh agat ar do chairde!
Ar an drochuair, is féidir le gadaíocht tarlú minic go leor ar champas fosta – cosain tú féin chomh maith agus is fédir, níl mothúchán níos measa le feiceáil go bhfuil do ríomhaire agus iPod imithe as radharc in aon lá amháin.
Seachain cóisirí i do theach féin:
Is smaoineamh iontach é ag an am – tabharfaidh muid cuireadh do 50 dár gcairde is fearr teacht chun tí do chóisir roimh an oíche mhór sa chlub.
Ar an drochuair, ní bhíonn tú ag smaoineamh ar ghloine bhriste gach áit, poill dóite sa chairpéad (damnú ar thoitíní), agus cibé amadán a chaith amach sa chúinne!
Feicfidh tú roimh i bhfad nach mbeidh na daoine céanna go fóill ann nuair a chaithfear an áit a ghlanadh, agus fágtar tusa bocht leis an teach ina chac.
Ná tit i ngrá sa chéad seachtain:
Do chéad bhliain de shaoirse, agus tá tú ag iarraidh cailín nó buachaill bheith leat gach uile nóiméad?
Bain sult as na hoícheanta amuigh, gabh go háiteanna éagsúla ach ná bí ag pleanáil aon bhainis go fóill.
Is iad laethanta na hollscoile an t-am nuair a fhaigheann tú amach cuid mhór fút féin.
Déan do rogha ruda ar feadh tamaill. Agus má tharlaíonn sé go bhfuil do theanga amuigh mar gheall ar líon na mbuachaillí/cailíní i mbéar an SU, in ainm Dé bí slán!
Bíonn go leor feachtas ar siúl ag Seachtain na bhFreshers agus gnéas slán á chur chun cinn acu, mar sin níl aon leithscéal agat!
Gabh chuig na ranganna:
Maith go leor, b’fhéidir nár thóg mé mo chomhairle féin agus mé sa chéad bhliain, ach beidh tú buíoch ag deireadh na bliana nuair nach bhfuil oiread agus nóta ag na daoine eile sa rang!
Déan iarracht freastal ar an chuid is mó acu, nó ar a laghad déan socrú go mbeidh tú ábalta cóip a dhéanamh de nótaí do charad.
Bí slán:
Seans maith nach bhfuil mórán eolais agat ar do cheantar nua, mar sin ní hé an smaoineamh is fearr le bheith as do mheabhair i d’aonar!
Gabh amach le grúpa agus tar abhaile le grúpa i gcónaí más féidir. Má tá tú ag fáil tacsaí abhaile, níl aon dochar téacs a chur chuig do chairde faoin chineál carr fiú.