Conas teacht slán ó ionsaí zombaí

Tá an rialtas ullamh d’Apacailipsis na Zombaithe, ní mór duitse a bheith réidh chomh maith, a deir Mícheál Mac an Bheatha…


Agus mé i mo shiopa áitiúil leabhar ar na mallaibh tháinig mé ar rud brónach tragóideach.

Bhí an Zombie Survival Guide sa rannóg ficsin acu!

Daoibhse atá ar an eolas, tuigfidh sibh go bhfuil sé seo ar na leabhair is tábhachtaí a scríobhadh riamh i stair ár gcine.

Ghlac mé gur dearmad a bhí ann mar sin agus shocraigh mé go gcuirfinn in iúl dóibh go ciúin agus go tuisceaneach.

Caithfidh tú a bheith cúramach faoi na rudaí seo, níl duine ar bith ag iarraidh scanradh a chur ar an phobal.

Tar éis dom a rá leis an chúntóir faoin bhotún, áfach, baineadh geit asam.

“Ficsean atá ann,” a dúirt sí.

Bhuail fearg mé ach choinnigh mé smacht orm féin.

“Go raibh maith agat as do mhacántacht,” a dúirt mé, “ach ná bí ag teacht chugamsa ag iarraidh mo chuid cabhrach nuair a thiocfas an lá. Ní bheidh mé in ann cabhrú ach le mo theaghlach féin.”

Sea, bhí sí ag gaire ansin, ach seo an duine céanna a bheidh ag bualadh ar fhuinneoga mo SUV speisialta ag impí orm “leanbh s’aici a ghlacadh”.

Ní ghlacfaidh, áfach. Agus ní mhothóidh mé ar dhóigh ar bith ciontach.

Tá a rogha féin ag gach duine agus, más duine thú atá ag roghnú a bheith ullmhaithe, ní mór a thuiscint gur cuid den ullmhú céanna é a bheith cinnte de go mbeidh tú ábalta iad sin nach bhfuil ullmhaithe a fhágáil i do dhiaidh.

Ní dhéanfaidh siad ach tú a mhoilliú agus ná déanaimis dearmad nach gá do na z-annaí stopadh faoi choinne sos beag ná bia.

Maidir leis an Zombie Survival Guide féin, níl aon amhras ach go bhfuil ceisteanna le freagairt ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag an gCoimisinéir Teanga.

Cén fáth, mar shampla, nach bhfuil an leabhar seo ar fáil i nGaeilge?

Seo ceann de na leabhair is suntasaí dár foilsíodh riamh agus leabhar a bhfuil todhchaí an chine dhaonna ag brath air.

zombie-survival-guide

Tá sé aistrithe go beagnach gach mórtheanga ar domhan agus díolta amach ar fud na cruinne – léiriú go bhfuil an pobal mór ag ullmhú don bhriseadh amach, rud atá dosheachanta i ndeireadh na dála.

Cén leithscéal atá ag an rialtas faoi sin?

Níl ábhar buairimh acusan, áfach.

Tuigtear go bhfuil scáthlán frith-zombaithe ag rialtas na hÉireann i sléibhte Chill Mhantáin agus go bhfuil sé beartaithe acu ‘tosú ar ais’ ar na hoileáin amach ó chósta an Iarthair.

Nach dtuigeann sibh anois cén fáth a raibh teach ag Charlie Haughey in Inis Mhic Uileáin sna Blascaodaí?

Ach déan dearmad air sin – níl aon áit ansin duitse ná do theaghlach, goimbíní agus seoiníní amháin a bheidh i bhfolach thíos ansin.

Cá rachaidh Sinn Féin?

Tuigtear go bhfuil bunáit á hullmhú acu i mBéal Feirste le blianta, Muileann Mhic Chonmhaí in iarthar na cathrach, ach arís, ‘Iad Féin’ amháin a bheidh daingnithe istigh ann.

Tá sinn féin linn féin a chairde, tá sé suas dúinne amháin maireachtáil tríd an apacailipsis atá romhainn.

Mar sin, ná déan dearmad, i ndeireadh na dála, nach bhfuil ann ach dhá chineál duine ar an saol seo: iad siúd atá ullmhaithe d’oll-ionsaí na zombaithe agus iad siúd nach bhfuil.

Cén cineál thusa?

Cad is féidir leat a dhéanamh?


1. Traenáil

traenail

Is é an rud is fearr is féidir leat a dhéanamh ná tú féin a choinneáil aclaí.

Beidh tú ag rith cuid mhór má éiríonn leat theacht fríd an chéad bhriseadh amach agus thiocfadh dó go mbeidh leanbh ar do dhroim, agus bia á iompar agat chomh maith.

Ná cuir ar an mhéar fhada é – tosaigh ag traenáil inniu.


2. Bí ar airdeall

cireib

Coinnigh do shúile is do chluasa oscailte – ní inseoidh rialtas ar bith an fhírinne duit, caithfidh tú féin a bheith airdeallach.

Amharc amach le haghaidh nuachta ar nós ‘círéibeacha’ gan chúis cosúil leis na cinn a bhí i Londain tamall ó shin.

Ní iompar frithshóisialta a bhí ann mar a dúradh linn ar an teilifís ach briseadh amach zombaithe leis na fabhtaigh ag ionsaí gach rud arbh fhéidir leo.

Bhí na tinte móra a ndearnadh úsáid astu chun na coirp a dhó le feiceáil fosta ach fiú ansin d’éirigh leis an rialtas an dallamhullóg a chur ar an chuid is mó againn.

Ar a bharr sin, déarfaidh siad go bhfuil “zombie film” á scannánú.

Sin a rinne siad anuraidh in Albain ag an am céanna a bhí na ‘círéibeacha’ ar siúl i Sasana ach, ar ndóigh, ní scannán a bhí i gceist ar chor ar bith.


3. Ullmhaigh do theach

storas-bia

Bí cinnte é a dhaingniú chomh maith agus is féidir leat.

Cinntigh go bhfuil go leor bia (sláintiúil!) stóráilte agat nó d’fhéadfá a bheith ann ar feadh na mblianta.

Agus ar ndóigh beidh foinse uisce de dhíth.


4. Córas Iompair

gluaistean

An bhfuil caoi mhaith ar do charr?

Seo rud tábhachtach, samhlaigh cad a tharlóidh má bhriseann do ghluaisteán síos le linn oll-ionsaí zombaithe.

Tubaiste a bheadh ann.


5. Airm

tua

Seo an cheist is ciotaí mar ní féidir leat dlíthe do thíre féin a bhriseadh.

Más féidir leat AK47 a cheannach, tá go maith, ach is tearc tír ina mbeadh a leithéid ar fáil.

Déan dearmad ar ‘samurai swords’ chomh maith – tá siad ró-leochaileach, ró-dheacair a úsáid agus beagnach dodhéanta a fháil.

Is an rud is fearr duit a fháil ná lámhchrann piocóide.


Na leabhair traenála is fearr: The Zombie Survival Guide, The Wilderness Survival Guide: The Practical Skills You Need for the Great Outdoors, Survival Retreat: A Total Plan for Retreat Defense Eddie McGee’s Complete Book Of Survival

Ná scannáin traenála is fearr: 28 Days Later, 28 Weeks Later, I am Legend, Dawn of the Dead

Na rudaí is tábhachtaí: Foinse uisce, na daoine cearta a bheith leat, na hairm chearta, an dearcadh ceart


Foilsíodh an t-alt seo ar dtús in eagrán 27 den iris chló de NÓS

SCÉALTA EILE