Ag tús na bliana úire bíonn rún ag go leor againn bogadh i dtreo bhealach ár leasa agus meáchan a chailleadh nó staonadh den ól.
Ní chiallaíonn sé sin áfach nach féidir blas níos sultmhaire a chur ar chuid eile de do shaol… an chuid is fearr liom.
Cuir an tseaclaid agus an t-uachtar sin ar shiúl, seo réimse bia gur féidir a úsáid i do shaol collaíochta, gan titim chun feola.
Sula léimeann tú isteach, rud amháin a déarfainn faoi bhia a thabhairt isteach i saol na collaíochta ná déan cinnte de go bhfuil gach rud glan agus gearrtha síos go beag i gcodanna roimh ré: níl rud ar bith a mhúchfadh tinte an ghrá ní ba thapúla ná bheith ag fanacht agus duine ag ullmhú bia le scian ina lámh ag do thaobh.
Bí cosúil le Jamie Oliver agus gach rud leagtha amach agat i mbabhlaí beaga roimh ré… pukka!
Moladh eile ná bráillín uiscedhíonach a cheannach don leaba… nó leathar blasta a bhualadh ar urlár/tábla na cistine, furasta á ghlanadh i do dhiaidh agus cuirfidh sé go mór leis an eispéireas!
Maidir leis an bhia féin, seo thíos 10 moladh a chuirfidh bhur dteangacha ar obair:
1. Fíonchaora na Féinne
Ná bác le muintir na Gréige, ba iad Fionchaora na Féinne a d’fhág croí Oisín bocht fann agus beidh sibh féin cloíte i ndiaidh corraíocht a dhéanamh leis na laochra seo. Isteach sa bhéal ar dtús, agus ansin bhur rogha féin!
2. Sméara Sexyáilte
Sútha talún, silíní, sméara dubha, sméara gorma go fiú… is féidir neart spraoi a chothú leis na torthaí blasta seo, agus is sárbhianna iad chomh maith! Buntáiste breise, wúhú!
3. Meallta Mealbhacháin (melon balls)
Samhlaigh na liathróidí beaga fliucha seo a chur i do bhéal agus leadóg teanga a imirt leo eadraibh beirt sula slogann sibh siar iad, mmm…
4. Oighear-gasam
Ice ice baby… pictiúir a tharraing ar chraiceann a chéile le do bhéal, an siocán a chur isteach in áiteanna éagsúla agus ligean dó a leá. Is cinnte go mbeidh ‘cool’-chollaíocht ann agus an t-uisce ag rith timpeall oraibh.
5. An Bád Banana
An gá dom an ceann seo a mhíniú? Ní dóigh liom é. Úsáid do chuid samhlaíochta ach ná báigh an bád!
6. Anam Anainn
Sú anainn a dhoirteadh ar a chéile, nó fáinní anainn a chaitheamh thart ar a / do bhod, lán le vitimín C, le blas trópaiceach a chur ar do spraoi leapa.
7. Cúcamar na Collaíochta
Bíonn i gcónaí mistéir ag baint leis an rud nach bhfeiceann tú mar sin cuir slisní ar do dhá shúil. Nó ar do dhá shine fiú, beidh siad fuar ach, mar a deir muintir na Fraince, formidable!
8. Deoch na nDéithe
Is ón phlanda céanna a thug tequila dúinn a thagann síoróip agáibhe (agave). Deir cuid daoine go bhfuil sé níos fearr do do shláinte ná siúcra agus is cinnte go gcuirfidh sé áthas in bhur gcroíthe. Aimsigh an spota milis úd…
9. Líreacáin Leáite
Maith go leor, níl an ceann seo iontach sláintiúil ach beidh sibh in ann aclaíocht a dhéanamh chun aon chalraí breise a dhó. Le Loop the Loop nó Twister beidh bhur dteangaacha tuirseach i ndiaidh bheith timpeall na líreacán, agus rudaí eile nach iad.
10. Glóthach go Leor
Níl a fhios agam cé acu an bhfuil tusa réidh den ghlóthach seo nó nach bhfuil, a Bheyoncé? Cuimil é seo isteach ar do chorp nó cuir do bhaill chorp isteach ann, bog, fliuch, ní fada go mbeidh tú féin agus an glóthach ar crith.
Anois a chairde, tá mo bholg thiar mo dhroim agam ag smaoineamh faoin bhia álainn sin ar fad, beidh orm dul amach chuig na siopaí le roinnt rudaí a fháil.
Ó, agus maidir le mo rún féin don bhliain úr le bheith foighneach? Tá sé briste agam cheana féin 😉