Tá deireadh déanta.
Tá an turcaí ite, na bronntanais oscailte is na buidéil ólta, agus muid ar fad le pócaí folmha agus cloigeann tinn.
Anois tá dea-rúin na bliana úire ina seasamh os ár gcionn.
I mbliana, áfach, in ionad rún na bliana úire a roghnú a bhfuil deacair cloí leis, nárbh fhearr i bhfad rud éigin a roghnú a bheidh tú ag iarraidh a dhéanamh agus a bheidh deacair a bhriseadh?
Ag an am seo den bhliain agus tú i ndiaidh a bheith ag rith thart faoi bhrú agus faoi strus, agus anois ag ullmhú don tús nua, in amanna déanann tú dearmad den duine speisialta sin i do shaol agus ar am speisialta a chaitheamh leo siúd.
Mar sin de, in 2017, lena chinntiú go mbeidh an chollaíocht is fearr agaibh sa bhliain nua amach romhainn, bain triail as na rudaí seo a leanas a shníomh isteach i do shaol leathair.
1. Glacaireacht faoi dhó
Ná bí neirbhíseach – bí do d’fhéinsásamh féin os comhair do chéile. Ní amháin go bhfuil sé thar a bheith tarraingteach don duine eile, léiríonn sé cad is mian leat agus an chéad uair eile a leagfar lámh ort, beidh sé déanta ar an tslí is fearr leatsa é.
2. Amuigh faoin aer
Bain triail as collaíocht taobh amuigh den teach. Ní hé le rá go gcaithfidh tú ceann gasta garbh a bheith agat taobh thiar den scioból ach aimsigh áit iargúlta, tabhair leat roinnt blaincéad (cur síos tine bhreá fiú más féidir) agus bain sult as an chollaíocht leis an ghaoth thart ar do chollann nocht… geallaim daoibh nach mothóidh sibh an fuacht!
3. Caith amach na sean-fhobhristí
Tá siad againn uile, na fo-éadaí smolchaite sin atá ina luí i dtóin an tarraiceáin. Caith amach iad, déan gealltanas duit féin nach gcaithfidh tú arís iad agus gabh amach agus ceannaigh roinnt éadaí deasa cnis. Ní gá fortún a chaitheamh le cinn dheasa a fháil a choinneoidh rudaí te teolaí sa seomra leapa!
4. Úsáid do theanga
Tá sé ráite agam roimhe, agus déarfaidh mé arís é. Mura mbíonn sé á dhéanamh agat cheana féin, tosaigh ag caint go salach sa leaba, inis do do pháirtnéir cad is mian leat, cad ba mhaith leat a dhéanamh dóibh agus cad a thaitníonn leat féin. Cuirfidh sé dáir mhór oraibh beirt.
5. Amharc ar scannán collaíochta le chéile
Is minic a bhíonn muid ag amharc ar na scannáin seo linn féin amháin, ach taispeáin don duine eile cad a mbíonn tú ag amharc air, agus má bhíonn sibh cróga go leor, is féidir scannán de bhur gcuid féin a dhéanamh chomh maith… 😉
6. Gabh ar turas go Hollywood
Ceart go leor, ní bhíonn mórán airgid fágtha i mí Eanáir ach ní Hollywood Mheiriceá atá i gceist agam, ach ciaradh Hollywood! Faigh an t-iomlán bainte agus bain sult as an aird a thabharfaidh d’fhear nó do bhean idir do dhá chos. Níl sé chomh pianmhar agus a shíleann tú.
7. Teacsáil go teasaí
Tosaigh ag ‘sextáil’ a chéile. Ag amanna randamacha le linn an lae cuir teachtaireacht shleamhain chuig a chéile, pic nó dhó chomh maith, agus faoin am a mbeidh sibh sa bhaile beidh sibh beirt breá teasaí!
8. Déan aclaíocht ar do mhatáin Kegel
Déan dearmad de na liathróidí sneachta nó Kettlebells, seo aclaíocht a mbeidh dúil agat ann! Más féidir leat do mhún a stopadh agus tú i lár do steille, tá a fhios agat cén áit a bhfuil do mhatáin Kegel. Tá go leor treoracha ar líne faoi na matáin seo a rachaidh chun tairbhe duit agus tú i mbun babhta leathair. Oiriúnach do mhná agus d’fhir.
9. Athraigh an seomra agus an dóigh a mbíonn collaíocht agaibh
Ó am go chéile, éiríonn tú dubh dóite leis an ghnáthamh. Déan é a athrú mar sin agus roghnaigh seomra nua sa teach gach seachtain, ach bí curamach ar an staighre, fágann sé a lorg ar do dhroim!
10. Tóg cith le chéile
I ndiaidh na rudaí sin uile thuas, seans maith go mbeidh allas oraibh mar sin de tógaigí cith le chéile, déan do pháirtnéir a ní go deas fadalach agus cá bhfios, b’fhéidir go n-éireodh sibh salach arís…
Má éiríonn libh ceann ar bith de na dea-rúin seo a chur i gcrích is cinnte go mbeidh am iontach agaibh idir na braillíní – nó taobh amuigh díobh – in 2017!