Tá Bród 18 faoi lánseol anois agus Gaeil timpeall na tíre agus fud fad na cruinne ag ceiliúradh chultúr an phobail LADT+. An tseachtain seo, reáchtáladh imeacht speisialta don phobal aiteach Gaelach i gClub Chonradh na Gaeilge san ardchathair. Tháinig slua breá le chéile le cainteanna spéisiúla ón Dr Brian Lacey, údar Terrible Queer Creatures: A History of Homosexuality in Ireland, ón Dr John Walsh, a thug caint faoi nuachainteoirí aiteacha sa Ghaeilge, agus ansin plé ar staid agus ar thaithí an duine aitigh sa Ghaeilge leis an Ollamh Emeritus Máirín Nic Eoin sa chathaoir.
Leagadh amach le linn na hoíche áit na Gaeilge sa phobal aiteach agus is faoin téama áirithe sin a scríobhadh an t-alt seo ar léirithe aiteacha i gcultúr agus i litríocht na Gaeilge. Seo chugaibh, a chairde, cúig léiriú aiteacha a thugann spléachadh ar an aiteacht sa Ghaeilge.
An Ghaeilge Chlasaiceach agus Caidrimh Homashóisialta
Tá blaiseadh homa-earótach sonraithe i ndánta áirithe ón nGaeilge Chlasaiceach ar nós ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannáin’ le Fearghal Óg Mac an Bhaird. Feictear fiú sa liric bheag thíos grá an fhile dá phátrún:
Brian Ó Ruairc mo rogha leannán
lór a bhuga ag bronnadh séad
’sis lór a chruas i gcrú chaoilshleagh,
an cnú do chnuas ghaoidheal nGréag.
Ba le linn an oirnithe a ‘phósadh’ an rí an talamh, agus bhíodh na filí mar mhná céile na dtiarnaí go siombalach sa tsochaí le linn aimsir na Gaeilge clasaicí. Cé nach féidir a bheith cinnte gur caidreamh collaí nó homaighnéasach é an caidreamh idir an rí agus an file gairmiúil, feictear go minic glór baineann i nglór an fhile ghairmiúil. Cineáilín aiteach, dar liomsa!
Sa Ghaeilge is léir go bhfuil ciútaí cainte ar fáil agus cur amach ag cainteoirí na Gaeilge ar an homaighnéasacht agus ar an leispiacht atá ag dul siar le fada. Bhailigh Daithí Ó Luineacháin, in Ó Ghliomáil go Giniúint: Foclóir na Collaíochta, a foilsíodh in 1997, téarmaí a bhain leis an homaighnéasacht sa Ghaeilge:
…beití, bleitheachán, bleitheog, blíog, buachaill baitín, bugaireacht, cábún, cadar, cairiún, cigire tónach, dul amú, fear tóna, gamhain, gealhata, gliodaí, hata bán, lúbadán, Muireann i mbríste, Neil, péileacán, piteachán, piteán, piteog, Síle, (peaca) Sodam, sodamach, sodamán, sodamacht…
Is cinnte go bhfuil coincheap na homaighnéasachta, agus an gníomh collaí a théann leis, ar fáil sa Ghaeilge bheo agus gur téarmaí buana iad sa teanga. Níl aon amhras ach go raibh tuiscint leathan ag cainteoirí Gaeilge ar fheiniméan na homaighnéasachta i gcoitinne. Tá cuid acu as dáta, b’fhéidir!
Micheál Mac Liammóir: Níos gay-lí ná na gay-il féin
Aithnítear Micheál Mac Liammóir mar dhrámadóir Gaeilge agus Béarla. Ba Shasanach é Mac Liammóir agus tugadh Alfred Willmore air nuair a rugadh é in Willesden, Londain sa bhliain 1899. Ba in Éirinn a chas Mac Liammóir ar Hilton Edwards, drámadóir eile Sasanach, agus as sin amach bhí caidreamh homaighnéasach idir an bheirt acu. Mar atá léirithe ag Mac Liammóir in 1952 é féin, “…chraitheamar lámh agus dhearc ar a chéile…” agus b’in tús a gcaidrimh. Bhunaigh an bheirt acu amharclann The Gate, amharclann atá thar a bheith gníomhach i mBaile Átha Cliath. Seasann scéal na beirte seo amach toisc gur ghlac sochaí na hÉireann lena gcairdeas agus nuair a bhásaigh an bheirt acu, ligeadh dóibh a bheith curtha in aon uaigh amháin. Caidreamh proifisiúnta agus rómánsúil a bhí idir an bheirt, caidreamh a lean ar aghaidh go dtí laethanta a mbáis.
Pádraig Standún agus Leispiach san Údarás
D’eascair cuid mhaith teannais as úrscéal Cion Mná de chuid Phádraig Standúin a foilsíodh in 1993. San úrscéal seo pléitear an leispiacht i nGaeltacht Chonamara seo den chéad uair riamh sa Ghaeilge. Díríonn an t-úrscéal ar chaidreamh leispiach de chuid CEO Údarás na Gaeltachta lena cúntóir agus déantar scagadh ar an gcaidreamh collaí a fhorbraíonn idir an bheirt bhan le linn an téacs. I rith an úrscéil pléitear téamaí a bhaineann leis an bhforéigean i gcaidrimh, cearta pobail, agus dar ndóigh an aiteacht. Is féidir glacadh leis an úrscéal seo mar iarracht téacs leispiach a chur os comhair lucht léite na Gaeilge agus an aiteacht á suíomh i láthair Ghaeltachta.
Téama an Teacht Amach in ‘Athair’ Mhichíl Uí Chonghaile
Scríbhneoir ilghnéiteach cumasach é an scríbhneoir Chonamara Micheál Ó Conghaile. Scríobhann an Conghaileach go neamhbhalbh faoin aiteacht ina shaothair chruthaitheach. Is iliomad samplaí atá ar fáil ina shaothair a bhaineann leis an aiteacht ach teastaíonn ón scríbhneoir seo an teacht amach ina ghearrscéal ‘Athair’ a phlé. Le linn an ghearrscéil, déanann an reacaire iarracht a mhianta collaí aiteacha a mhíniú dá athair atá ina fhear traidisiúnta Gaeltachta. Is go foighneach, agus de réir a chéile, a dhéanann an reacaire iarracht cúlra an chlaonta ghnéis a mhíniú agus an chaoi ar tháinig sé ar an bhféintuiscint seo. Léirítear teannas agus mothúcháin an phíosa go han-soiléir:
“Shuigh mise ansin i mo dhealbh – gan fanta ionam ach teas mo choirp. Níor fhan smid aige: ag ceachtar againn. Is ansin a thuig mé gurbh fhearr an tseitreach de chaoineadh féin ach breith i gceart air, ná an tost… “Agus tá tú…” a deir sé, ag stopadh mar a dhéanfadh an focal staic stobarnáilte ina scornach, at nó stad mar a bheadh an focal ag breathnú roimhse, féachaint an mbeadh sábháilte teach amach – nó agus súil b’fhéidir go ndéarfainnse aríst é – an focal sin a rinne fuaim ghlugarnach ina chluasa tamaillín roimhe sin, focal nach móide a múnlaíodh as a scornach tuaithe féin ariamh. Focal strainséartha… Focal nach raibh fiú nath measúil Gaeilge ann dó nó má bhí, ní in aice láimhe… ”
Is léir mar sin, agus Bród 18 á cheiliúradh againn, go bhfuil an aiteacht le feiceáil i saol agus i gcultúr na Gaeilge agus nach anseo ach cúig shampla éagsúla chun seo a léiriú. Tá sé thar am tuiscintí seanchaite i leith na Gaeilge mar theanga/phobal coimeádach a ligint chun sruth agus saol na Gaeilge a fheiceáil mar atá — pobal ilghnéiteach, éagsúil, fáilteach.