A chroí, tá sé fuar amuigh…

Brrr!

Tá na hoícheanta ag síneadh leo (agus rudaí eile chomh maith, tá súil agam!) agus tá sé ag éirí níos fuaire.

Chuir an t-alt seo faoi ghléasanna geimhriúla ag smaoineamh mé ar ghné eile den séasúr.

Is é sin gur am foirfe é le bheith istigh sa teach leis an duine, nó na daoine, is fearr leat agus an áit agus do chorp a théamh.

Sin ráite, is minic a imíonn an fonn ormsa nuair a bhím fuar agus de réir mar a íslíonn an teocht, íslíonn an fonn chomh maith.

De réir taighde, bíonn na fir ag iarraidh níos mó collaíochta agus an aimsir fhuar ann, mar sin de, cad é mar is féidir linn dul i ngleic leis seo agus a dhéanamh cinnte de go mbíonn muid beirt – nó triúr 😉 – breá sásta an geimhreadh seo?

Lásaim na coinnle – rudaí traidisiúnta iad na coinnle ar ndóighe ach is breá liom na coinnle suaithearachta, is féidir iad a lasadh agus an chéir a dhoirteadh ar do chraiceann.

Smaoinigh ar Madonna agus Dafoe sa scannán Body of Evidence, nuair a dhoirteann sí céir the ar a chorp, ach an difear anseo ná go dtig í a chuimil isteach agus suaitheadh ceart a thabhairt dá chéile.

Bainimse sult as an teas agus an fuacht le chéile, is deas an rud é na coinnle seo a mheascadh le siocán, é a tharraingt trasna an chraicinn te agus é a chur i mo bhéal agus… bhuel is féidir libh é seo a shamhlú.

Lasaim an tine agus cuirim pluid síos, ceol deas sa chúlra, buidéal deas fíona, sin agat oíche dheas gheimhridh.

bean-tine

Is breá liom folcadán deas a bheith agam roimh chollaíocht, bheith deas glan agus mé féin a théamh, agus má thagann sé isteach chugam le mo dhroim a ghlanadh, lena theanga ar ndóigh, is amhlaidh is fearr.

Rud níos fearr agus níos dána le déanamh ná bheith le chéile istigh sa seomra gaile, te teolaí agus iontach sexyáilte, ach seachain na maoir uisce!

Rud níos sábháilte is dóigh liom – ach nach bhfuil an oiread céanna craic ag baint leis – ná an pluid leictreach a chur ar siúl.

Leadránach go leor le háis cuid de na moltaí eile…

Is féidir úsáid a bhaint as bealadh (lube) te chomh maith le do theocht a ardú, agus an slat a ardú chomh maith – níor úsáid mé féin an stuiff te seo go fóill, fáilte mhór roimh bhronntanas Nollag!

Baineann na rudaí uile thuas le collaíocht lom nocht a bheith agat ach bíonn píosa spraoi le ceann gasta a bheith agat le do chuid éadaí, nó cuid acu, fós ort.

Is féidir collaíocht chairr a bheith agat, an teas a chur suas go hard agus an sneachta ag titim thart oraibh.

Cibé dóigh a ndéanann sibh bhur ngoradh an geimhreadh seo, coinnigí deas te teolaí agus teasaí.

Anois, cá bhfuil an buidéal, agus an buachaill, te sin…?

SCÉALTA EILE