An Cailín sa Chathair réidh le ceangal

Bhí sé uafásach an chéad uair a ceanglaíodh mé. Ach níor thuig mé cé chomh dona is a bhí an chéad uair sin go dtí gur ceanglaíodh an dara huair mé.

An chéad uair, cheangail fear a raibh mé ag suirí leis, a bhí dhá oiread m’aoise, mé. Agus mé ag smaoineamh anois air, tá mé measartha cinnte go raibh seisean díreach sásta a bheith ag bualadh craicinn le duine a bhí scór blianta níos óige ná é. Théipeáil sé mo rostaí le chéile, chuir daillicín orm, agus dúirt liom go dtógfadh sé go bog liom é, ach “nach mbeadh focal stoptha ann”.Ar deireadh, faoi féin agus na rudaí collaíochta a theastaigh uaidhsean a bhí an chuid eile den oíche.

An uair sin, ní fhaca mé na ‘bratacha dearga’ a fheicim anois sna sonraí sin, ach ní raibh fios a mhalairte agam. An t-aon rud a bhí a fhios agam ná go raibh fantaisíocht faoin gceangal agam agus ba é seo an chéad duine a ghlac go dáiríre leis sin agus thug deis dom é a thriail.

Cúpla mí ina dhiaidh sin, ceanglaíodh den dara huair mé. Bhí mé thar a bheith singil faoin am sin, ach ar cuairt ag cara liom a raibh cairdeas collaí eadrainn le tamall de bhlianta. Thosaigh muid ag caint ar fhantaisíocht chollaíochta, agus dúirt leis gur theastaigh uaim riamh go gceanglófaí mé, ach nach raibh an t-aon uair a rinne mé é thar mholadh beirte.

Mhol sé go mbainfeadh muid triail as le chéile, agus dúirt nach raibh sé déanta aige féin ach uair amháin cheana, agus tharraing mála lán rópaí óna chófra. (Déanaim iontas de sin fós, scaití. Mura raibh sé déanta aige ach an t-aon uair amháin, cén fáth a raibh mála rópaí ina árasán?).

Chuir sé ceol ar siúl, las coinnle — an t-iomlán dearg — agus ina dhiaidh sin uile bhí ceann de na babhtaí collaíochta ab fhearr riamh agam. Thug sé focal stoptha dom, bhí sé séimh, aireach, lách, agus sula ndearna sé rud ar bith nua, d’fhiafraigh sé díom an raibh sé ceart go leor. Chuir sé mo phléisiúr-sa mar sub (géilleán) roimh a phléisiúr-sa mar dom (ceannasán), agus ina dhiaidh, chinntigh sé go raibh mé i gceart agus thug aire dom.

Is beag a bhí ar eolas agam an chéad uair a thriail mé BDSM (Cuibhriú, Ceannas, Sádachas agus Masacas). An dara huair, chonaic mé rudaí i gceart. Seo a d’fhoghlaim mé:

1. Is faoin gcead uilig é.
2. Bíodh focal stoptha ann i gcónaí, i gcónaí, i gcónaí. Is cuma cén mhuinín atá agat as an duine eile.
3. Ní féidir leis an gceannasán a bhfuil uaidh a thógáil ón ngéilleán gan a chúiteamh. Tá an chumarsáid ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí, murab é is tábhachtaí, de chaidreamh maith BDSM.
4. Ar bhealach, is ag an ngéilleán  atá an chumhacht is mó i gcaidreamh BDSM. Tuigeann sé féin a mhéid agus is féidir leis a sheasamh, agus má chuireann sé é féin in iúl i gceart, tá níos mó smachta aige ar an seisiún ná mar atá ag an gceannasán.
5. Is céim thábhachtach é an t-iarchúram, le beagán peataireachta agus cúram muiríneach a léiriú don ghéilleán, agus leagann sé bunchloch láidir faoi chaidreamh ceart BSDM.
6. (Arís eile dóibh siúd nár léigh an chéad uair é!) Is faoin gcead uilig é.

Inseoidh mé scéilín duit. Chuir cara liom glaoch orm maidin agus í ar a bealach abhaile ó date. D’inis sí dom gur iarr an fear a raibh sí leis an oíche roimhe cead í a cheangail. Dúirt sé go raibh sé séimh léi agus gur fháisc sé go ceanúil í ina dhiaidh. Bhí iontas mór uirthi gur iarr sé cead in áit na rópaí a tharraingt amach ar dtús, agus gur thug sé cuireadh di fanacht ina dhiaidh agus thug aire di, in áit í a chiceáil ón leaba agus costas a bealaigh a thabhairt di.

Níor cheart go gcuirfí a leithéid iontas ar dhuine, go háirithe nuair is BDSM atá i gceist. Tá níos mó i gceist le cinc ná rópaí agus collaíocht gharbh. Is faoi mhuinín é. Agus nuair a dhéantar i gceart é is féidir leis caidreamh sa seomra leapa agus taobh amuigh de a neartú.

Agus dáiríre, céard eile a bheadh uait ó bhabhta collaíochta?

SCÉALTA EILE