‘An chéad bhabhta a thugas cailín abhaile liom…’ – An Cailín sa Chathair

Agus Mí an Bhróid tagtha chomh fada linn, inseod scéal ar an gcéad babhta a thugas cailín abhaile liom.

Ní raibh sé ar eolas agam go rabhas déghnéasach nuair a bhíos óg ach nuair a fhéachaim siar, tá an-chiall leis. An chéad ghrá riamh a bhí agam, is cailín sa bhunscoil a bhí inti. Cheapas go raibh sí chomh cúl agus lán de spraoi agus féinmhuinín. Bhí éad agam léi ach bhíos an-mhór léi agus ba bhreá liom a bheith ina teannta. Bheadh cluichí á n-imirt againn le chéile, bhíodh sí ag triailt cluichí áirithe a imirt chun go mbeadh póigíní á dtabhairt againn ar fad dá chéile, rud nár chur isteach ná amach orm fhéinig. Cheapas gur compordach a bhíos leis na rudaí sin, ach anois tuigim nach bhfuil gach éinne mar sin agus go raibh suim agam i gcailíní i ngan fhios dom féin.

Bhíodh sé ag tarlú minic a dhóthain go mbeadh cailíní á bpógadh agam agus mé amuigh istoíche, de ghnáth mar gur píosa craic a bhí ann dóibh sin (mise chomh maith). Ach, ní raibh aon suim acu i gcailíní agus, ar an drochuair, is chun iad féin a dhéanamh níos mealltaí d’fhearaibh trí dhearcadh an fhir a bhí i gceist. Bhíodh brionglóidí agam an t-am ar fad ina mbíonn le daoine idir chailíní agus bhuachaillí.

Bhí suim agam mé féin a dhéanamh níos mealltaí nó níos éasca ar na súile don dá ghnéas agus ní do bhuachaillí amháin. Mar sin, tréis dom a bheith sa choláiste agus níos mó a fhoghlaim faoin ngnéasúlacht, thuigeas ar deireadh gur déghnéasach mé.

Fós, an taithí iomlán a bhí agam ná leaideanna a thabhairt abhaile liom, ní cailíní. Bhí saghas deacracht agam le cailíní mar nár thuigeas cad a bhíodh i gceist nuair a bhíos ag caint leo. An rabhadar deas, an raibh suim acu, ar theastaigh uathu mé a phógadh, nó ab in é an tslí a rabhadar lena gcairde?

Tharla sé cúpla babhta dom ná rabhas siúráilte agus mar sin, chuireas ceist orthu an bhféadfainn iad a phógadh. Freagraí diúltacha a fuaireas formhór an ama, ach níor chur sé isteach orthu, agus bhíodar buíoch go gcuireadh ceist in ionad duine éigin ag baint geit astu á bpógadh gan choinne. Chur sé sin go mór ar mo chompord mé go bhféadfainn ceist dá leithéid a chur agus nach mbeadh aon aighneas nó dainséar ann ina diaidh.

Oíche amháin agus mé amuigh, fíon agus prosecco á ól agamsa agus ag an ngrúpa, agus mar sin ní chuimhin linn mórán de dheireadh na hoíche. Is cuimhin liom a bheith ag caint lasmuigh den gclub le mo chairde tréis do na doirseoirí gach éinne a chaitheamh amach nuair a chonaic an bhean álainn seo agus í ag stánadh orm.

D’fhágas mo chairde gan oiread is ‘slán’ amháin a rá leo agus chuas sall chuici. Dhein sí meangadh gáire nuair a chonaic ag teacht mé, agus scuab a cuid gruaige laistiar dá gualainn. Níor fhág a súile mo shúile-se fhaid is a bhíomar ag caint. Bhí gruaig fhada chatach dhonn uirthi agus súile móra donna. Chuir sí ceist orm an ón áit mé. Dúirt léi go raibh tigh ar cíos agam suas an bóthar agus d’fhéach sí go gáirsiúil orm agus d’fhiafraigh an bhféadfadh sí teacht abhaile im’ theannta.

Bhuel, bhíos breá toilteanach agus mar sin, bheireas ar a lámh agus thugas im’ theannta í. Anois, bhí an bheirt againn glan ar meisce ach baineadh sásamh as an oíche. Is cuimhin liom go ndeineas amadán glan dom féin agus thit anuas den leabaigh am áirithe, ach thugas le fios go rabhas go breá agus thosaíos á pógadh arís chun an náire a cheilt. Ní raibh mórán eolais orm ar an oíche (an chéad bhabhta agam, HEILEÓ!), mar sin bhíos á ceistiú ar an méid ar maith léi féin. Ní dóigh liom go dtarla mórán eile ina dhiaidh sin agus d’fhág sí ar maidin, tréis dúinn ar n-ainmneacha a thabhairt dá chéile, an mhaidin i ndiaidh na hoíche!

Agus an samhradh ag breith chugainn anois, tá súil agam go mbeidh níos mó deiseanna agam bualadh le mná. Fiú má tá sé deacair fáil amach an é go bhfuilid deas leat mar go bhfuilid deas nó go bhfuil suim acu, tá sé i bhfad níos compordaí oíche a chaitheamh le strainséir mná ná strainséir fir.

SCÉALTA EILE