Ní mise Cailleach an Airgid, níl mé millteanach saibhir, ach nuair a fheicim rud a bhfuil dúil agam ann ní miste mo lámh a chur i mo phóca agus píosa airgid a chaitheamh ar tháirge ardchaighdeáin.
Sin ráite, is breá liom margadh maith agus luach mo chuid airgid a fháil ag an am céanna.
Mar sin de, nuair a bhí slat draíochta (creathadóir) úr a dhíth orm, ní raibh aon dul as ach an taighde cuí a dhéanamh.
Is bean mé atá díomhaoin, níl mé ag cuardach fir, níl mé ag iarraidh caidrimh, níl ann ach go bhfuil riachtanais agam a chaithfidh mé a shásamh.
I ndiaidh mí nó dhó gan fear, thosaigh mé amach le slat beag – ‘piléir’ mar a thugtar orthu.
Bhí sé beag, snasta agus saor, agus rinne sé an jab.
D’ordaigh mé ar líne é, tháinig sé i bpacáistiú do-aitheanta agus bhí sé thar a bheith saor agus ciúin (agus uisce-dhíonach!).
Bhí go maith agus ní raibh go holc agus cúpla mí ina dhiaidh sin, lean mé orm ag cuardach slaitín eile a bhí píosa beag níos mó a dhéanfadh gnóithe dom.
Arís eile, chuir mé muinín sa tsiopadóireacht ar líne, chuaigh mé isteach ar lovehoney.eu agus cheannaigh mé slat draíochta measartha a bheadh inchurtha leis an ghnáthfhear, ach amháin nár labhair sé ar ais, nár fhág claibín an leithris in airde nó nár lig broim sa leaba agus muid i mbun collaíochta.
Arís eile, níor mhair an caidreamh sin le mo shlat úr rófhada agus bhí sé thar a bheith trom ar na cadhnraí.
“Níl aon neart agam air,” a mheas mé, beidh orm infheistíocht níos mó a dhéanamh sa chéad cheann eile.
Ar aghaidh liom go Ann Summers agus dlúthchara liom (a bhfuil Gaeilge aici) i mo chuideachta le taighde mar is ceart a dhéanamh agus an dara tuairim a fháil orthu.
Chuaigh muid caol díreach chuig na ‘coiníní’ – níorbh fhiú bacadh leis na cinn eile dar linn agus sean-choinín an duine againn beirt, bhí a fhios againn go bhfuil maitheas iontu.
Bhí píosa spraoi againn ag amaidí thart agus ag súgradh leis na bréagáin uilig, agus cúpla nóiméad aisteach, ciotach, nuair nach dtiocfadh linn ceann mór millteach a chur as agus é ag buzzáil leis timpeall an tsiopa.
Thóg mé coinín amháin miotalach ón tseilf, ag cur spéise ann, go háirithe agus é laghdaithe thart ar 50% den phraghas agus bhí mé damanta cinnte gurb é seo mo chara nua… go dtí gur tháinig bean an tsiopa a fhad linn agus bréagán galánta bándearg ina glac.
“Seo an INA Wave le Lelo, ar mhaith libh taispeántas, a chailíní?” a d’fhiafraigh sí dínn.
D’amharc an bheirt againn go neirbhíseach ar a chéile ag meabhrú cad é a bhí i gceist aici.
Buíochas le Dia, thóg sí amach mias uisce, chuir sí an tslat san uisce agus é ag dul agus Dar Fia!
Bhí Tonnaí Thoraí ann a bháfadh Báidín Fheidhlimidh.
“Wow” arsa mise, “tá sin dochreidte”.
Arsa bean an tsiopa, “Is ea, is é an Chanel de Shlaitíní Draíochta.
“Bhuel,” arsa mise liom féin, “más é sin an Chanel na gcreathadóirí, is gá dom é sin a bheith agam.”
“Cá mhéad atá air?”
“€178,” a dúirt sí.
“Is féidir é a luchtú, maireann sé ar feadh i bhfad agus is fiú gach pingin é.”
Anois, seans gur tobcheannach a bhí i gceist, ach in ainneoin go bhféadfainn dhá bhuidéal cumhráin de chuid Chanel a cheannach ar an phraghas céanna, a bheag nó a mhór, bheartaigh mé dul leis an sruth (ahem) agus an diabhal rud a cheannach.
Agus, cluinim sibh ag cur ceiste… arbh fhiú é?
Bhuel, cuirfidh mé mar seo é: is minic go dtéim Trasna na dTonnta le mo shlat nua agus murab ionann agus Báidín Fheidhlimidh, níl an bád seo ag dul faoi!
PS. Tá sé deas bheith ar ais 😉
Is féidir leatsa INA Wave le Lelo a cheannach i siopaí maithe collaíochta nó ar líne más duine faiteach thú… ní bheidh aon aiféala ort!
Ar thaitin an t-alt seo leat? Tá cuid d’ábhar eile an Chailín sa Cathair le léamh anseo (18+).