B’fhuath liom an ‘caighdeán áilleachta’ a rabhthas ag súil go gcloífinn leis

Is bean mé agus is aoibhinn liom fionnadh mo ascaillí. Bheartaigh mé cúpla bliain ó shin an rud atá go maith domsa a dhéanamh agus gan bacadh lena gceapann daoine eile fúm, mo nósanna bearrtha san áireamh. D’aimsigh mé grá nua dom féin agus do mo cholainn dá bharr. 

Nuair a thosaigh mé do mo bhearradh féin, chaithinn uaireanta an chloig gach seachtain ag cinntiú gur aimsigh mé gach aon ribe gruaige. Achan ribe coise, achan ribe ascaille, achan ribe caithre. Theastaigh go mór uaim breathnú cosúil leis na mná cáiliúla sna hirisí, nach raibh ribe orthu, gur smaoinigh mé ar an fhionnadh ar mo lámha a bhearradh, sular chuir cara liom ina luí orm gur drochsmaoineamh amach is amach a bhí ann. 

Tuigim anois gur chur amú a bhí ann an oiread sin ama a chaitheamh ag díbirt an fhionnaidh de mo cholainn 13 bliain d’aois. Bhí mé ag iarraidh a bheith “gnéasúil” ach ní raibh aon ghnéas ar siúl agam. Mar sin, ba éard a theastaigh uaim ná nach mbeadh na cailíní eile ag spochadh as mo chlúmh coise agus mé ag athrú don rang corpoideachais. 

Choinnigh mé orm agus mé ar an ollscoil. Achan uair a d’fhás rian beag den fhionnadh orm, amach leis an rásúr. Dúirt mo chéile tí liom gur bhearr sí a caithir le “nach scanródh sí buachaillí le linn collaíochta”. Agus dáiríre, b’amhlaidh mo scéalsa. Mhúin an tsochaí dúinn gur ghá dúinne a bheith lom agus mín, a fhad is a bhí cead ag na fir a bheith chomh gruagach agus ab fhéidir. Cur amú ama, foighne, agus airgid a bhí ann. 

I ndiaidh an coláiste a fhágáil, bhuail mé craiceann le Gearmánach. Ba é an chéad uair a bhuail mé craiceann le heachtrannach, agus ba é an chéad uair a chonaic mé colainn duine a tógadh i gcultúr eile. Bhí a ascaillí agus a ghabhal lom, agus nuair a d’fhiafraigh mé de faoi, mhínigh sé gur iomaí fear sa Ghearmáin a bhearr é féin. Deimhníodh an méid sin dom nuair a thug mé cuairt ar sauna sa Ghearmáin mé féin. Ba ansin a thuig mé gur cacamas a bhí sa rud ar fad. 

Faoin am sin, bhí an ghráin agam ar an bhearradh. B’fhuath liom an mothú nuair a d’fhásadh an chaithir orm arís — bhíodh tochas ann agus bhí an ‘dó rásúir’ ann fosta. B’fhuath liom lear mór airgid a chaitheamh ar rásúir. Ach thar aon rud eile, b’fhuath liom an ‘caighdeán áilleachta’ a rabhthas ag súil go gcloífinn leis, caighdeán nár chreid mé ann dáiríre. 

Rinne mé athrú radacach. Chinn mé gan mé féin a bhearradh arís mura mbeadh fonn orm é a dhéanamh. Bíodh an diabhal ag na buachaillí a scanrófaí. 

D’athraigh an grá nua seo do mo chaithir an caidreamh atá agam le mo cholainn ó bhonn, ar bhealach nach raibh súil agam leis. Bearraim mo chosa nuair a bhíonn fonn orm, sa samhradh den chuid is mó. Is annamh a bhearraim m’ascaillí, agus ní bhearraim an chaithir ach amháin mar surprise don Bhuachaill sa Chathair. Chabhraigh an t-athrú liom glacadh le mo cholainn agus gach smál atá uirthi, agus glacadh le mo dhaonnacht trí chéile. Chabhraigh sé liom a fhoghlaim nach bhfuil muid uilig gan locht, agus chabhraigh sé liom a thuiscint nach mbreathnóinn cosúil leis na mná sna hirisí — agus nach bhfuil mé á iarraidh sin.

Nuair a rinne mé an cinneadh ar dtús, bhí imní orm go gcuirfeadh sé isteach ar mo shaol collaíochta. An rithfeadh buachaillí ag scréachadh ó bhean a raibh fionnadh uirthi? An freagra gearr ná “ní rithfeadh”. Dáiríre, is dóigh liom gur chabhraigh sé le mo shaol collaíochta sa dóigh is gur cuma liom anois faoin dóigh a mbreathnaím lena linn agus bainim níos mó taitnimh as. 

Ar ndóigh, ní roghnóidh achan duine an stíl seo. Ní mar a chéile na rudaí a thugann “mothú gnéasúil” dúinn, agus ní thaitneoidh mo stílse le gach duine eile. Ní déarfaidh mé leat gur ceart duit an rásúr a chaitheamh uait agus baghcat a chur ar thionscnamh an bhearrtha, agus do chíochbheart a dhó. Ach déarfaidh mé an méid seo, is fiú triail a bhaint as rudaí nua a chabhróidh leat a bheith ag mothú gnéasúil agus go bhfuil cumhacht agat ar do cholainn féin. 

Is tusa an té atá ag maireachtáil sa cholainn sin. Déan pé rud ‘radacach’ a chaithfidh tú a dhéanamh le bheith ar do chompord ann. Níl tada níos gnéasúla ná grá ceart a thabhairt do do cholainn díreach mar atá. 

SCÉALTA EILE