Rudaí nach ndéantar tagairt dóibh i scannáin ghrá riamh ná faithní na mball giniúna. Sin genital warts. Yeah. Ní raibh an Ghaeilge agamsa orthu go dtí anois ach oiread.
Cúpla mí ó shin scríobh mé mar gheall ar an dá oíche iontacha a chaith mé le struipeálaí ar mo thaisteal dom. Cúpla mí agus míle mílte ón áit sin anois, thángas ar na focairí beaga den chéad uair agus d’iompaigh an scannán grá ina scannán uafáis. Ceacht saoil, is dócha. Má tá cuma an scannáin grá atá ar do shaol collaíochta, is dócha go bhfuil rud éigin amú. Nó ort. Ní bhíonn rud ar bith chomh foirfe sin riamh.
“Be grand,” a dúirt sé. “Tubes tied,”a dúirt sé. Nach mise an t-óinseach. Mharcaigh mé an buachaill bó go dromnocht. Yeah. Sin an Ghaeilge ar bareback. Ceann nua eile domsa.
Chuireas glaoch ar an gclinic agus creath i mo ghuth. Bhí náire agus eagla an domhain orm. Thángas ar chnapanna ar mo phit agus thug Google an drochphrognóis dom. Bastaird lofa. Bhí an cailín ar an dtaobh eile den fhón lách agus bhraith sí an scaoll i m’fhreagra láithreach nuair a dúirt sí nach raibh coinne ar bith ar fáil an lá sin.
Thit mo chroí agus bhíos réidh le béicíl uirthi ‘Ach tá na bastaird lofa i ndiaidh iad féin a shocrú ar mo ghrabhaid!’ Ach threoraigh sí láithreach chuig clinic éigin eile mé — buíochas leis na Déithe.
“Is trua liom nach mise an t-altra a bheas ag bualadh leat inniu. Is aoibhinn liom blas na hÉireann, agus tá tusa chomh gleoite,” a dúirt sí.
Shite.
Deireadh seachtaine Phádraig a bhí ann agus go tobann, bhí tromluí agam. Fós ar mo thaisteal dom agus i gcathair ina raibh paráid ollmhór le bheith ar siúl sa cheantar i gceann dhá lá. Agus mise, blas gleoite Éireannach orm agus mé ag lorg Uber go Clinic na Sláinte Gnéis.
Is aoibhinn le fir tacsaí fíricí mo shaoil a lorg. Shamhlaigh mé an comhrá – “So, you’re not from around here? Oh you’re Irish? Are you gonna be in the parade Sunday? Here we are now …Oh…”
Scaipfí an t-eolas go forleathan fúm, Cailín Gaelach an Ghalair Giniúna. Ná teigi in aici léi, tá an galar uirthi! Bhíos in ann mé féin a shamhlú ag siúl síos an tsráid sa mhórsiúl (go hamscaí, ar ndóigh, agus na faithní móra gránna idir na cosa) agus na sluaite ag screadaíl ‘Unclean, Unclean!’
Galar gnéas-tarchurtha. GGT. Sin téarma eile do do stór focal. Phléasc mé amach ag caoineadh nuair a dheimhnigh an dochtúir é. Bhí sí tuisceanach agus cineálta agus mhínigh sí dom gur tréithchineál HPV nach bhfuil bagarthach atá ann. Nach léir é ar chor ar bith i bhfir den chuid is mó den am agus go dtolgann 80 % den daonra ina saol collaíochta iad.
Dhóigh sí na faithní a bhí le feiceáil (chomh taitneamhach céanna le fiacail a líonadh ag an bhfiaclóir), mhol sí dom mo chéilí collaíochta a chur ar an eolas faoin mbaol tolgtha, coiscín a chaitheamh i gcónaí agus le himeacht ama, go n-imeodh an t-ionfhabhtú.
Baineadh siar asam. Níl mórán amuigh ansin nach bhfuil GGT faighte acu. Éinne a deir nach bhfuil, is bréagadóir iad, tá siad acu i ngan fhios dóibh nó ní raibh aon aicsean acu go fóill. Ach sa nóiméad áirithe sin i mo sheomra, cosa suas san aer agus scáthán fúm ag breathnú le huafáis ar na harrachtaí nach raibh ann roimhe, mhothaigh mé go raibh náiriú striapaí á dhéanamh ag Máthair an Nádúir orm. An bhitseach!
Ach i ndiiaidh dom an próiseas ceart a leanúint, mo mhórtas a bheith bainte díom ar feadh tamaillín agus an t-eolas cuí a fháil ó shaineolaí, mhothaigh mé buíoch as an gceacht tábhachtach a d’fhoghlaim mé an lá sin — bí airdeallach ar do shláinte ghnéis. Ní dhéanfaidh séanadh ar an bhfadhb rud ar bith ach náire a chothú i do chroí agus mímhacántacht a chruthú i gcaidrimh chollaíochta. ‘Cén slí a bhfuair tú sin, meas tú?’ a d’iarr an struipeálaí orm nuair a chuir mé ar an eolas é. A leithéid de mhuinéal.
Tuigim. Ní deas an rud é an nuacht a fháil go bhfuil rud éigin tógálach ort. Ach tarlaíonn sé, fiú don Chailín sa Chathair. An bealach is fearr le déileáil leis ná tástáil a fháil, leigheas a thosú láithreach agus a bheith níos airdeallaí faoi choiscín a chaitheamh I gcónaí. Bígí ag buaileadh craicinn go crua, cinnte, ach bígí cúramach!