Bhí mé réidh do mo ‘radharc gnéis’ leis an struipeálaí

Anois teacht an earraigh agus ardóidh mé mo sheol…bhuel, d’ardaigh mé cúpla rud eile agus mé ar shaoire ghairid ‘iar-Nollag’ an mhí seo.

Bhí mé ar mo ar shiúlta nuair a casadh orm é — an Meiriceánach. 

D’iarr sé orm damhsa leis ag beár agus cuireadh tús leis an rom-com láithreach. Cé go raibh mo dhuine beagnach sean a dhóthain le bheith ina athair agam, bhí mealltacht éigin sna fiacla geala bána sin. Na fiacla geala bána nach mbíonn ag duine ar bith ach na Meiriceánaigh — díreach, lonrach agus mistéireach. 

Ghlac mé leis an gcuireadh. Agus a chairde, nárbh iontach an t-eispéireas Meiriceánach a lean an teagmháil sin. Tír na mBrionglóidí atá i SAM agus gan mhoill, bhíos ag tnúth le píosa beag SAM ionamsa le tús a chur leis an mbliain. 

Damhsóir den scoth a bhí ann. Buachaill bó i léine dheinime agus buataisí leathair crogaill. Bhí smacht ina lámha aige agus luascadh ina chromáin. Threoraigh sé mé lena lámha, choinnigh sé a shúile dochta ar mo shúile, chogair sé treoracha liom agus thiontaigh sé mé timpeall an tseomra ar feadh na síoraíochta. 

Bhain sé an anáil díom. Ní damhsóir mise, ach, mar a tharlaíonn sna scannáin, tháinig na céimeanna (agus na drithlíní teasa) chugam gan stró. 

D’iarr sé amach ar date mé ar nós na staiceanna breátha a iarrann amach na cailíní ar Friends. Ticéid chispheile aige don séasúr, ar ndóigh. Cinnte, ní eispéireas ceart Meiriceánach a bheadh ann gan date chuig imeacht spóirt éigin. D’fhreastail muid ar an gcluiche agus bhí mé ar bís. Ba ansin a fuair mé an chéad chasadh eile sa scannán.

Tá an Meiriceánach rathúil. Tá sé féinfhostaithe. Tuilleann sé sé fhigiúr in aghaidh na bliana, a deir sé. Tá carr spóirt aige, a deir sé. In ainm Dé, tá ticéad séasúir cispheile aige! Cad é an gnó iontach rathúil seo? 

Bhuel, a chairde, baineadh an anáil díom den dara huair. Bhí mé ar date leis an bhfear ar leis an t-aon Seirbhís Struipeálaithe Fear sa cheantar! Agus é féin ina phríomh-struipeálaí! An rud a n-íoctar go costasach as ag cóisirí na gcearc, bhí mé féin ar date leis agus dollar bill ar bith le caitheamh agam air.

Tairngire atá i SAM, Tír na hAislinge, Tír na nDeiseanna, agus pota óir buaite agam anseo.

Cúpla uair an chloig níos déanaí, bhí muid ina árasán agus babhta leathair faoi lán seoil. N’fheadar cad a tharla don árasán mór millteach nó don charr spóirt ach faoin am seo, ba gheall le hainmhí i ngéibheann mé agus bhí mé réidh do mo “radharc gnéis” leis an struipeálaí.

Tá an Meiriceánach iomlán difriúil ó aon bhuachaill Éireannach a bhí agam. Ar ndóigh, níl aon ‘chaipín’ ar a ‘bhuachaillín bó’, ach níor bhac sé seo marcaíocht go maidin. B’fhíorfhear é, lámha móra láidre, agus matáin bhoilg ar a gcaitear na céadta dollar. Ghob a mhatáin bhrollaigh amach go láidir agus a chraiceann ar dhath an charamail. Blasta.

Ní raibh ribe amháin fionnaidh air, ach duail thiubha dhorcha ar a cheann aige, a raibh greim láimhe agam orthu. Ní maith leis féin “coill mhór chatach” ar mhná, a dúirt liom agus bhí fearg orm faoin ráiteas sin go dtí go raibh sé bunoscionn ormsa. A buns i m’aghaidh, a aghaidh i mo phit — d’aontaigh mé sa nóiméad sin go raibh sé níos deise a bheith ag bhreathnú suas ar thóin nocht mhín ná leath deiridh clúmhach agus magairlí fionnaitheacha.

Focail ar nós baby agus making love aige, rud a chuirfeadh náire ort ó bhéal fir Éireannaigh. Ach agus mise ar bharr a theanga ar feadh na oíche, d’fhéadfadh sé gach sweetie pie agus honey bunny nó rud ar bith eile a thabhairt orm agus bheinn fós sona sásta cur suas leis. Súnás i ndiaidh súnáis go dtí go raibh sé lánsásta go raibh freastal ceart déanta ormsa.

Cheap mé nach bhfeicfinn arís é nuair a d’fhág mé slán leis i gCathair an Cheoil. Bhog mé ar aghaidh chuig an gcéad cheann scríbe eile, meangadh ar m’aghaidh agus drithlín i mo bhrístín. Ach níl críoch le rom-com seafóideach ar bith gan gníomh drámata rómánsúil ag an deireadh. Níor chlis an Meiriceánach ormsa. 

Dhá lá ina dhiaidh agus mé na céadta míle ón áit ar chasamar ar a chéile, tháinig mé amach as músaem le carr spóirt a fheiceáil sa charrchlós os mo chomhair. Léine dheinime agus buataisí leathair crogaill ag feitheamh orm. Bhí babhta leathair a dó againn in óstán cois bóthair an oíche sin. Díreach cosúil leis na movies.

SCÉALTA EILE