An bhfuil feitis agat? An ‘géilleán’ nó ‘ceannasán’ thú, nó an dtaitníonn píosa beag den dá rud leat? An dtagann adharc ort ag breathnú ar dhaoine eile i gceannas ar a chéile? An gcuireann braistint na laitéise drithlíní síos do dhroim? Céard faoi bobailíní siní? An bhfuil fuipeanna agus srianta agus mascanna ar chúl cófra agat ag bailiú dusta toisc nach bhfuil sé de mhuinín agat BDSM a phlé le do chéile collaíochta?
Bhuel, a chairde – d’fhreastal mé ar oíche feitise sa phríomhchathair le déanaí ar chúiseanna taighde ar na ceisteanna seo thuasluaite. Agus tá na ballbhrúnna ar mo thóin le mo dhílseacht don taighde seo a chruthú.
Is oíche feitise í ‘Nimhneach’ atá ar an bhfód i mBaile Átha Cliath ó 2005. Bheartaigh mé go raibh sé thar am go dtabharfainn féin cuairt ar an ócáid chinceáilte seo — má tá rud ar bith a thaitníonn liom, is é mo chóirséad agus mo riteoga mogallacha a tharraingt orm d’oíche shalach dhána.
An chéad rud a rith liom agus mé sa chlub ná an fháilte mhór a cuireadh romham. Bíonn pobal láidir cairdiúil ag Nimhneach is léir, agus mhothaigh mé nach bhféadfainn a bheith in áit níos sábháiltí ná seo áit ar bith sa chathair. Tá na rialacha thar a bheith soiléir —caithfear teacht gléasta mar is ceart (de réir an chóid ghléasta ar an suíomh idirlín), ní leagtar ar éinne gan chead, níl cead aon teagmháil ghiniúna agus tá cosc ar nochtacht lántosaigh. So — na rialacha céanna mar a bheadh i bhfeidhm i gclub ar bith, is dócha!
Bheartaigh mé triail a bhaint as a bheith i mo ghéilleán le hIodálach dathúil lena chas mé. Ciallaíonn sé sin go ngéilleann tú do do chéile, agus sa chás seo, bhain sé seo le mé a cheangail leis an mballa agus mé a fhuipeáil. Oh, a mhaighdean!
Dúirt an tIodálach liom go raibh sé pósta, agus a bhean ar saoire. Níorbh ionann sin nach mbeidís in ann cluichí a imirt ar a chéile, áfach. Mhínigh sé dom an bealach a bhaineann sí taitneamh as a mhagairlí a bheith ceangailte le slabhra agus go mbeadh mná eile dá cheannasú agus í imithe —mar sin, bhí roinnt den cheannasaíocht agam féin chomh maith!
As a fhobhríste beag leathair, tháinig slabhra tiubh airgid agus a bhod is magairlí ar éill i mo lámh agamsa agus mé ceangailte ag an mballa, mo thóin dírithe ina threo, réidh do mo léasadh. Cheangail sé mé leis na rópaí a bhí i gcúinne dorcha le cuirtíní líne dubha timpeall air.
Le gach buille fuipe uaidh, tharraing mé ar an slabhra — lig an bheirt againn cnead pléisiúir asainn. Chuimil sé mo mhása ina dhiaidh gach fuip agus d’fhiafraigh sé díom mo leibhéal péine, agus an raibh mé ceart go leor le leanúint leis agus an gcéasadh álainn seo.
D’fhágamar slán cairdiúil lena chéile agus lean mé orm ar thóir mo chéad thrialach eile.
Níos déanaí san oíche, chas mé le leaid álainn séimh ó Loch Gharman. Dúirt seisean gur géilleán a bhí ann agus go raibh cead agam mo lámha a leagadh air áit ar bith agus go mbeadh sé sásta pé rud a d’iarr mé air a dhéanamh.
Sa deireadh, ní raibh sé de mhuinín agam ach é a phógadh go paiseanta, ach ní hionann ócáid Nimhneach agus gan a bheith ar do shócúlacht.
Cinnte, d’fhéadfadh a leithéid d’oíche iomarcach d’éinne, fiú don Chailín is oscailte sa Chathair! Ach rith sé liom go ndéantar ár ngéasacht a shéanadh rómhinic in Éirinn — mothaítear an iomarca náire fós ag cur ceiste ar ár gcéilí rudaí a thriail orainn, ár n-aislingí is dorcha a chomhlíonadh.
Nach deas an rud é go bhfuil oíche mar seo ann do dhaoine a srianta féin a thástáil i suíomh slán sábháilte. D’fhéadfadh a leithéid de Coppers rud nó dhó a fhoghlaim ón mbealach a léirítear meas ar gach éinne sa chlub seo!
N’fheadar an mbeidh mé ar ais sa todhchaí ach las an t-eispéaras tine fuadair fúm fós. Shuigh mé ar an mbus chun na hoibre maidin Luain ina dhiaidh, mo thóin scólta go fóill agus meangadh gáire beag ar m’aghaidh ag smaoineamh ar an rian rúnda gnéasúil faoi mo sciorta.