Beidh imeacht ar leith á reáchtáil do Ghaeil aiteacha mar chuid den fhéile Pride i mbliana. Is í an scríbhneoir aitheanta Ciara Ní É, a bhíonn ag scríobh do NÓS, atá ag eagrú ‘Bród na nGael’ a bheidh ar siúl in ionaid éagsúla timpeall Bhaile Átha Cliath le linn na féile Pride 2018 ag deireadh na míosa seo.
Dúirt Ciara le NÓS gur minic a chaitheann sí féin an fhéile Bród i dteannta daoine a bhfuil Gaeilge acu agus gur léirigh an feachtas ‘Tá do Ghrá’ a bhí ann trí bliana ó shin agus an reifreann faoin bpósadh comhghnéis ar bun di go bhfuil “pobal de dhaoine aeracha le Gaeilge ann”.
“Bhí ócáid ann anuraidh ag Pride i gClub an Chonartha, ócáid filíochta agus ceoil, agus bheartaigh mé teacht le chéile a eagrú le daoine eile a bhí sa dá phobal a eagrú. Bhunaigh mé grúpa Facebook agus chuir mé teachtaireachtaí amach ar Twitter agus tháinig roinnt daoine i dteagmháil liom.
“Beidh cainteanna agus plé painéil ann sa Siopa Leabhar a chuirfidh tús le ‘Bród na nGael’, agus rachaidh muid síos staighre ina dhiaidh sin agus beidh biongó agus seó beag ceoil ann. Beidh deochanna speisialta ar fáil agus beidh ceol ann go deireadh na hoíche,” a mhínigh sí.
Beidh an ócáid sin ar siúl Déardaoin an 28 Meitheamh, dhá lá sula mbeidh mórshiúl Pride ann i mBaile Átha Cliath. Dheimhnigh Ciara go mbeidh grúpa Gael aiteach ag glacadh páirt sa mórshiúl agus iad ag siúil faoi bhratach an ghrúpa.
“Ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfeictear go bhfuil cainteoirí Gaeilge atá aerach ann. Nuair a bhí mé ag fás aníos cheap mé go raibh an dá rud an-difriúil, bhí mé faoi thionchar mór na steiréitíopaí a luaitear go minic le pobal na Gaeilge agus an pobal aerach. Ní raibh aithne agam ar mhórán daoine le Gaeilge, agus shíl mé go raibh orm cloí le rudaí a bhí níos traidisiúnta sa saol sin. Ach is iomaí duine a bhfuil aigne an-oscailte aige i saol na Gaeilge agus is iomaí duine le Gaeilge sa phobal aerach,” a dúirt sí.
Dúirt sí nach dóigh léi go mbíonn fadhbanna ag cainteoirí Gaeilge atá aerach nach mbíonn ag an mórphobal aerach ach amháin go mbítear mar chuid de “mhionlach taobh istigh de mhionlach”.
“Mar dhuine aiteach, má roghnaíonn tú dul amach go hócáid Ghaeilge tá seans níos mó ann nach mbeidh duine ar bith eile aerach ann. Chomh maith leis sin, bíonn i bhfad níos mó fir aeracha le feiscint i saol na Gaeilge ná mná aeracha,” a dúirt sí.
Dúirt sí go bhfuil sé “ar leas phobal na Gaeilge” go mbeadh a leithéid de ghrúpa agus ócáid ann.
Cuirfear tús leis an ócáid sa Siopa Leabhar Déardaoin 28 Meitheamh ag 6pm. Tabharfaidh an Dr Brian Lacey caint uaidh faoi ‘Iompar aiteach i measc na nGael 500-1600’, beidh an Dr John Walsh ag caint faoi “nuachainteoirí LADTA” agus a chuid taighde sa réimse sin, agus beidh plé painéil ann i ndiaidh na gcainteanna sin le “baill aitheanta ó phobal LADTA na Gaeilge” faoi “mhórcheisteanna an phobail sin”.