Ní raibh aon bhréagáin ghnéis agam go dtí go raibh áit do mo chuid féin agam.
Cé go raibh seomra liom féin agam i dteach mo thuistí bheadh baol ann i gcónaí go mbeadh mam ag tabhairt faoi ghlantachán earraigh agus go dtiocfadh sí ar ghiúirléidí faoin leaba, nó go mbeadh col ceathrair óg ag spraoi go soineanta thuas staighre agus go dtiocfadh siad anuas le bréagán lán cadhnraí.
Mar sin, le mo neamhspleáchas a cheiliúradh tar éis dom bogadh amach ón mbaile, bheartaigh mé ar bhronntanas beag a cheannach dom féin. Ach cad? Agus cá rachainn ag siopadóireacht?
Chinn mé ar dhul go Ann Summers mar go bhfuil cáil ar an siopa mar áit neamhbhagrach, fáilteach, geal, glan agus lán de mhná (murab ionann agus go leor siopaí eile gnéis).
Foirfe mar phointe tosaigh do mo thuras taiscéalaíochta, mar sin!
An rud nár thuig mé faoi Ann Summers ná go bhfuil sé lán de mhná muiníneacha, na mná díolacháin ach go háirithe.
Ní raibh nóisean agam cad a bhí uaim agus bhí mé náirithe amach is amach nuair a chuir duine acu an cheist orm, “Is this your first?”
Ceann síos, cogain cainte, leicne dearga.
Thosaigh sí ansin ag caitheamh bréagán isteach i mo lámha – “feel this, press that button, flick those switches…” Bhí mé corcra san aghaidh le náire ag an bpointe seo agus níor theastaigh uaim ach ceann a roghnú le go n-éalóinn uaithi.
Ar mholadh s’aici, tháinig mé abhaile le ceann beag a raibh cuma ‘réalaíoch’ air (‘réalaíoch’ seachas go raibh sé plaisteach, glioscarnach le glitter bándearg agus lán le cadhnraí). Tada ró-chasta, gan ach luas amháin aige, 6.5 orlach, foirfe don ghlantosaitheoir.
Gheall bean an tsiopa dom go mbeinn sásta leis (‘Promises’ an t-ainm a bhí air, dála an scéal…) agus bhí. Ar feadh tamaill.
An fhadhb leis na bréagáin ghnéis ná go bhfuil an oiread sin d’éagsúlacht ar an margadh go mbíonn an cathú ann gach ceann acu a thriail. Tar éis cúpla mí spraoi leis an mbod beag bándearg, bhí dóthain muiníne agam le tabhairt faoi rud éigin níos casta agus chinn mé ar ‘coinín’ a cheannach dom féin.
Is é an Rampant Rabbit an bréagán gnéis is cáiliúla ar domhain, buíochas le Sex and The City.
Tá leaganacha éagsúla de ar an margadh anois ach go bunúsach is creathadóir é le píosa breise air le do bhrillín a chuimilt.
Tugtar an Rabbit air mar go mbíonn cruth coinín ar an bpíosa sin, coinín le srón bheag cute agus cluasa fada, a dhéanann an brillín a spreagadh nuair a chreathann siad.
Cé gur thaithin an bod beag bándearg go mór liom, ba chorraitheach an smaoineamh é go bhféadfainn creathadóir a fháil a dhéanfadh an obair ar fad dom… thíos liom go Ann Summers arís, níos muiníní an tráth seo.
“Is this your first?“
“No! Tá rud éigin lán bells agus whistles uaim!“
Bhí mé beagáinín amhrasach faoin gceann a mhol an bhean díolacháin liom; The Rampant Rabbit Wave.
Agus an trup! Tá roinnt creathadóir eile agam agus níl aon cheann acu atá níos torannaí ná scuab fiacla leictreach. Tá an meaisín seo cosúil le jackhammer – ó thaobh fuaime de seachas aon rud eile. Ní haon ionadh go n-alpann sé na cadhnraí.
Dar léi go raibh an-tóir ar fad air, léirmheasanna iontacha ag teacht ó mhná nár éirigh leo súnás a bhaint amach ariamh, go dtí an coinín áirithe seo.
Ach bhí cuma an-mhór air. An-mhór. 8 orlach ar fhad, le giorta 5¼ orlach.
Ara, cén dochar, a shíl mé, bainimis triail as. Roinnt bealaidh agus beidh tú togh.
Mo bhreithiúnas air sa deireadh?
Ní fiú an hype. Tá sé rómhór – domsa ar aon nós.
Ní hé go bhfuil mé ag gearán mar gheall ar fhad agus giorta go ginearálta anois, ach nuair is plaisteach agus laitéis atá i gceist bheinn buartha go mbeadh díomá ort le fear ar bith a mheallfá chun do leaba dá mbeifeá cleachta lena leithéid.
Agus an trup! Tá roinnt creathadóir eile agam agus níl aon cheann acu atá níos torannaí ná scuab fiacla leictreach. Tá an meaisín seo cosúil le jackhammer – ó thaobh fuaime de seachas aon rud eile. Ní haon ionadh go n-alpann sé na cadhnraí.
Tá na tonnta ar an Rampant Rabbit Wave chomh díomách sin nach mbainim úsáid astu ar chor ar bith agus chomh maith leis sin tá an seafta díreach, gan aon chuar le go spreagfadh sé an g-spota. ‘Size isn’t everything’, agus is lochtach an creathadóir nach bhfuil an g-spota tugtha san áireamh ina dhearadh.
An t-aon rud le moladh faoin Wave ná an coinín féin. Agus wow, bhfuil sé sin le moladh. Tá sé thar a bheith éifeachtach – ró-éifeachtach fiú. Trí nóiméad agus game over, sásamh agus súnás ar an toirt. Cén spraoi sin?
Na laethanta seo tá tuiscint i bhfad níos fearr agam ar cad atá uaim agus déanaim mo chuid siopadóireachta ar líne.
Ní fhaca tú meangadh gáire riamh cosúil leis an gceann a bhíonn agamsa d’fhear an phoist.
Má tá rud ar bith foghlamtha agam i leith na mbréagán gnéis, is é nach lia duine ná bréagán, agus gur mó an spraoi a bhaineann leo má tá páirtí agat don chluiche.
Ach sin scéal eile.