An tseachtain seo caite, sheol cara liom alt ón New York Post faoi bhréagáin ghnéis de dhéantús baile. Maíodh san alt go bhfuil bréagáin ghnéis de dhéantús baile — ar nós madraí te, cúcamar, coinnle, agus scuabaí leictreacha fiacla — sábháilte agus gur uirlisí maithe chun glacaireachta iad le linn an fhéinleithlisithe. Ní mó ná sásta a bhí mé leis an alt agus bheartaigh mé an scéal a chur ina cheart maidir le húsáid an bhia mar uirlis glacaireachta.
Agus rudaí ar nós coinnle, madra te, nó cúcamair á n-úsáid mar bhod bréige, moltar san alt gur chóir “smaoineamh faoi choiscín a chur air. Ní mar gheall gur gá dó a bheith steiriúil, mar tá a fhios againn gur ar éigean a bhíonn boid glan. Sa chás go mbristear rud éigin, ní bheidh ort dul ag iascach lena aghaidh” agus gur cheart t-léine a chur ar chloigeann na scuaibe fiacla “le nach gcuirfidh sé isteach ar an mbrillín”. A mhac go deo, cá dtosóidh mé?!
Ar an gcéad dul síos, dá n-úsáidfinn mo scuab fiacla mar chreathaire, ní bheinn in ann breathnú sa tsúil uirthi arís choíche. Ar an dara dul síos, dá mbeadh ribí scuaibe in aice mo bhrillín-se bheinn ag lorg crios geanmnaíochta agus tearmann sna cnoic.
Thairis sin, áfach, níor cheart bia agus gnáthearraí tí a ligean gar do do phit — is cuma cén leadrán atá ort. Níl ciall ná réasún le coiscín a chur ar chúcamair le go mbeadh tú in ann é a tharraingt amach asat féin sa chás go mbrisfeá é (yikes). Dá gcuirfeá glasraí i do phit, de dheoin nó d’ainneoin, ní fios cé na baictéir agus an salachar a d’fhéadfá a chur isteach ionat féin. Chuirfinn geall go mbíonn formhór na mbod níos glaine ná an cúcamar a thug tú abhaile leat ón siopa nó an tseachoinneal sin a d’aimsigh tú i dtarraiceán lán deannaigh.
Cé go bhfuiltear ann a déarfadh go bhfuil sé slán sábháilte cúcamar a úsáid mar bhréagán gnéis a fhad is atá sé i gcoiscín, deir an dochtúir ban atá ina dia beag agam féin, an Dr Jen Gunter, go bhfuil sé “mí-oiriúnach”.
Ag an deireadh thiar thall, is fút féin atá sé má tá an oiread sin d’adharc ort go bhfuil tú sásta cúcamar nó meacan dearg nach bhfuil súil ar bith acu leis a íobairt ar son na ndéithe collaíochta, ach iarraim ort gan earraí tí a d’fhéadfadh cur isteach ort nó briseadh ionat a úsáid agus an t-airgead a chaitheamh ar bhréagán gnéis a dearadh don ghníomh.
Is féidir bréagáin ghnéis a ghlanadh i gceart, is cosúla i bhfad iad le boid chearta ná mar atá cúcamair, agus buíochas le Mac Dé nach bhfuil ribí gruaige ar chreathairí.
Níl cúrsaí éasca faoi láthair, agus seans nach bhfuil an t-airgead ag gach duine bréagán ard-chaighdeáin a cheannach. Ní dhearna mé dearmad faoi sin agus an t-alt seo á scríobh agam, agus d’aimsigh mé cúpla bod bréige agus creathaire ó Sex Siopa a dhéanfaidh an beart duit, a choinneoidh do phit sásta, agus nach bhfágfaidh bancbhriste thú.
Tenga Iroha Mini Beginners Vibrator:

Dírithe orthu siúd atá ag iarraidh bréagán gnéis a úsáid den chéad uair, tús maith a bheadh sa chreathaire beag seo.
Blush Gaia Biodegradable Vibrator:

Cé a cheapfadh go bhféadfadh bréagáin ghnéis a bheith spraíúil agus go maith don chomhshaol? Déanta as plaisteach in-bhithmhillte atá an creathaire seo, agus is féidir é a úsáid ar an mbrillín agus sa phit.
Blush Luxe Cici Silicone Dildo:

Creathaire iontach meánmhéid é seo a bhfuil lúb beag ann a ghríosóidh an G-spota nó an próstatach. Féadtar é a úsáid le húim agus is furasta é a ghlanadh!
Fun Factory Amor Silicone Dildo:

Bod bréige meánmhéid atá crua ach solúbtha agus a bhfuil cuma sách réadúil air.
Molaim i gcónaí rud a dearadh go sonrach mar bhréagán gnéis a úsáid agus tú ag glacaireacht nó ag spraoi le do chéile, mar is sábháilte i bhfad iad ná earraí tí! Tús maith atá sna bréagáin thuas agus is cinnte go gcabhróidh siad leat an ruaig a chur ar an leadrán le linn an fhéinleithlisithe.
Caith uait an cúcamar agus an scuab fiacla, agus tabhair aire na banríona do do phit!