Cloisimis glór na mban maidir le collaíocht

Is iomaí cuntas Twitter atá ann anois a chuireann an Ghaeilge chun cinn, a scaipeann eolas agus a spreagann caint faoin teanga. Áirítear i measc na gcuntas is mó chuige sin leithéidí @AnDuinnineach (cuntas a scaipeann eolas agus focail ó Foclóir Gaedhilge agus Béarla) @FoclirUDhnaill (a roinneann téarmaí, focail agus eile ó Fhoclóir Gaeilge-Béarla), chomh maith le giolcairí aonair a bhfuil saineolas Gaeilge acu, ar nós @KingDonncha1. 

Anuraidh, cláraíodh cuntas eile ar Twitter a bhfuil sé mar aidhm aige téarmaíocht agus focail faoi leith a scaipeadh — @Collaiocht. Cuireann @Collaiocht focail, téarmaíocht, nathanna agus samplaí úsáide a bhaineann leis an gcollaíocht agus cúrsaí craicinn amach. Bhí an cuntas ciúin tamall ach tá sé ag giolcaireacht leis arís. Labhair NÓS lena riarthóir faoina bhfuil ar bun aige. 

Cén fáth ar chláraigh tú an cuntas?

Chonaic mé go raibh go leor cainte ar Twitter faoi chúrsaí craicinn agus cúrsaí collaíochta agus go raibh cuid den chaint sin míchruinn ar fad nó gur daoine nach raibh an oiread sin taithí acu ar an nGaeilge bheo nó ar Ghaeilge na Gaeltachta a bhí ag cumadh agus ag ceapadh focal agus téarmaíocht do choincheapa a raibh téarmaí Gaelacha orthu cheana féin. In áit dul ag troid nó ag argóint faoi na rudaí sin, mar a dhéantar go minic ar Twitter, bheartaigh mé cuntas nua a shocrú a scaipfeadh téarmaí cruinne cearta Gaelacha.

Cá bhfaigheann tú na focail agus téarmaí a chuireann tú amach?

Tá gach aon rud a chuirim ar an leathanach Twitter le fáil sa leabhar Ó Ghlíomáil go Giniúint: Foclóir na Collaíochta leis an scoláire Gaeilge Dáithí Ó Luineacháin, nach maireann. Chaith Dáithí go leor ama i gceantair Ghaeltachta na hÉireann agus bhailigh sé chuige nathanna cainte agus focail a bhain le cúrsaí collaíochta. Ba i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a bhailigh a bhformhór agus tá a rian sin le feiceáil ar an stór focal atá ann, ach chomh maith leis sin tá focail ann ó leabhair agus ó shaothair scríofa eile a bhaineann leis na canúintí éagsúla, agus meascán réasúnta maith ann. 

Ní chumann tú féin rud ar bith, mar sin?

Níor mhaith liom a bheith á dhéanamh sin, b’fhearr cuntas a thabhairt ar a bhfuil sa teanga cheana féin gan dul i muinín an lomaistriúcháin nó a bheith ag déanamh iarracht a bheith ‘cliste’ nó ‘greannmhar’ le téarmaíocht Ghaeilge. Feictear dom gur ar mhaithe le Béarlóirí a bhítear ag cumadh go leor de na téarmaí ‘nua’ seo, nach mbeidh in úsáid ag gnáthchainteoirí Gaeilge riamh. Is ón bhfoclóir féin a thagann gach focal agus abairt shamplach a chuirim amach, agus cloífidh mé leis sin go mbeidh an tobar sin tráite agam. Seans go gcuirfidh mé rudaí eile amach ina dhiaidh sin. 

An mbíonn mórán comhráite agat le do chuid leantóirí?

Bíonn anois is arís. Leagas uaim an foclóir agus mé ag aistriú tí anuraidh agus bhí mé ciúin ar feadh tamall maith, mar sin tá fíorbheagán leantóirí agam. Ach bíonn cúpla comhrá agam le daoine a chuireann spéis san ábhar. Ní raibh sé i gceist agam rud ar bith seachas na téarmaí a chur amach ach feicim gur fearr a éiríonn leis an gcuntas Twitter a bhfuil pearsantacht de chineál éigin aige, mar sin tá iarracht déanta agam níos mó ná téarmaíocht amháin a chur amach agus a bheith ag caint leis na leantóirí.

Tá cuid mhaith de na téarmaí a bhailigh Dáithí maslach don phobal aerach agus do mhná, agus faightear locht go minic ar a shaothar nár labhair sé le mná faoi chúrsaí collaíochta. Ní bheinn féin chomh crua sin air — is cuntas cruinn atá anseo ar chaint bheo na Gaeltachta ag an nglúin a labhair le Dáithí, nuair a labhair sé leis na daoine seo os cionn 20 bliain ó shin. Tá dul chun cinn an-mhór déanta in Éirinn in imeacht na mblianta sin agus tá muid i bhfad níos oscailte agus sláintiúil inár ndearcadh ar chúrsaí collaíochta sa lá atá inniu ann. 

Is dócha nár labhair Dáithí le mórán ban toisc nár labhair siad leis, má shamhlaímid scoláire óg as Baile Átha Cliath ag dul siar ag labhairt le seanmhná na Gaeltachta faoin bhfocal atá acu ar a pussyblowjob, ní chuirfeadh sé iontas ar dhuine dá mbeadh drogall orthu é a fhreagairt. 

Céard é an focal is fearr leat sa bhfoclóir?

Tá go leor díobh is dócha, rudaí ar nós ‘gliodaí’ ar flirt an Bhéarla; ’gealt ghnéis’, duine nach mbíonn mórán ar a intinn ach collaíocht; oirnis, bod bréige; agus go leor eile. 

Ar an láimh eile, tá go leor sa bhfoclóir atá maslach agus as dáta sa lá atá inniu ann, rudaí ar nós ‘gamhain’ ar ‘fear banda’, nó ‘Muireann i mbríste’ ar ‘an bhfuil náire ort?’ le fiafraí de bhean an bhfuil sí ag iompar.

Is foclóir maith é Ó Ghlíomáil go Giniúint agus sílim go bhfuil sé tábhachtach an t-eolas atá ann, idir mhaith agus olc, a roinnt ar an bpobal ach is cinnte gur mithid anois do scoláire éigin uasdátú a dhéanamh air agus caint bheo na Gaeltachta maidir le cúrsaí collaíochta a thaifeadadh arís — agus an uair seo, fágtar na maslaí i leataobh agus cloisimis glór na mban agus an phobail LADT.

Tá Ó Ghlíomáil go Giniúint: Foclóir na Collaíochta as cló le tamall fada anois. 

SCÉALTA EILE