Tá Lá Fhéile Vailintín linn arís, ach conas a choinníonn tú an splanc sin lasta nuair a bhíonn tú i gcaidreamh fadtéarmach? Sa lá atá inniu ann is iomaí rud a chuireann bac ort collaíocht bhreá a bheith agat le do ghrá geal: cúrsaí oibre, strus, a bheith ag ithe go mall san oíche, a bheith ar Facebook, Snapchat agus Twitter nuair ba chóir daoibh am a chaitheamh le chéile. An bhfuil tú ag aontú leis an méid sin thuas? Sin é, tá tú gafa i ndomhan frithchollaíochta.
Bíonn sé deacair. Seans go bhfuil páistí agaibh, sealanna difriúla oibre, nó seans díreach go mbíonn tú róthuirseach agus nach dtig leat bheith gafa le bheith ag mothú sexyáilte nuair a bhíonn buaireamh an domhain ar do dhá ghualainn.
Mar sin féin, is cuid uafásach tábhachtach í an chollaíocht d’aon chaidreamh agus, ar nós gach rud eile i do shaol, in amanna is gá duit dua a chaitheamh leis, seans go gcuirfeá iontas ort féin.
Cé nach mbím an-tógtha le Lá Fhéile Vailintín de ghnáth, aithním nár thug mé mórán airde ar an mBuachaill sa Chathair le tamall agus tá mé chun an lá amárach a úsáid mar spreagadh le dul i ngleic leis sin agus, le bheith ionraic, an strus agus an frustrachas a bhaint díom féin chomh maith.
Mar sin de, cad iad na rudaí a dhéanfaidh an lá amárach difriúil agus a chuirfidh an teasghrá i do chaidreamh arís don lá mór féin?
Seo cúpla leid uaimse, le grá…
1. Lig ort go bhfuil tú díreach i ndiaidh casadh le do chéile, scríobh cúpla téacs salach ag maíomh céard a dhéanfaidh tú nuair a gheobhaidh tú é ina aonar. Cúpla téacs salach, grámhar, lán drúise.
2. Má mhothaíonn tú níos cróga ná sin, cuir cúpla pic chomh maith, má bhíonn tú imníoch faoin áit a mbeidh siad amach anseo, úsáid Snapchat, atá i bhfad níos sábháilte.
3. Má bhíonn tú an-salach ar fad cuir físeán, ach ná taispeáin chuile shórt — fóill ort. Is gá duit an intinn a chur ag obair agus ní maith le duine ar bith go millfí a bhronntanas.
4. Bain triail as láthair nua collaíochta, smaoinigh ar dhinnéar deas a ithe agus tusa mar mhilseog ar bharr an tábla clúdaithe le huachtar agus sú talún…
5. Gabh Al Fresco! Ceart go leor, níl an aimsir againn dó sin ach céard faoi thuras beag sa charr go háit iargúlta? Beidh an spraoi céanna i gceist le bheith taobh amuigh agus an dainséar a théann leis ach teas an chairr le sibh a choinneáil te teolaí.
6. Caith cuid mhór ama ar an ‘réamhchollaíocht’. An cuimhin leat ag tús an chaidrimh nuair a chaith sibh cúpla uair an chloig ag baint sult as bheith ag blaiseadh dá chéile agus bhur n-am a ghlacadh. Seans go ndéanann sibh coinne anois le collaíocht a dhéanamh agus sibh ag iarraidh í a bhrú isteach roimh Ros na Rún. Ach don oíche seo, cuir gach rud eile ar leataobh, déan taifead de Nuacht TG4 agus amharc siar air amárach, nó in áit An Aimsir Láithreach bí i láthair in aimsir súgartha.
7. Déan margadh eadraibh féin gan ach féirín amháin a cheannach dá chéile don lá mór, bíodh sin ina gcoinnle nua suathaireachta, maide suathaireachta, creathadóir beag, fo-éadaí nua — bronntanas amháin dána an duine le bheith ag spraoi leis.
8. Faigh seomra in óstán agus cas air sa bheár. Más i dteach roinnte atá cónaí ort, tuigfidh tú an strus a chuireann sé ort a bheith ag iarraidh fanacht ciúin agus tú ag baint sult as an saol. Gabh ar shiúil, faigh seomra agus ná cas leis an duine eile go mbeidh sibh gléasta go barr na méar i gculaith dheas agus sála arda.
9. Bain amach an phéint agus cruthaigh saothar ealaíne le chéile. Ceart go leor, tá an ceann seo rud beag randamach, ach smaoinigh ar phéint a chur ar cholainn do ghrá ghil le scuab bhog shíodúil, agus ansin a bheith ag rolláil timpeall ar bhraillín bhán le healaín atá chomh maith le healaín Jackson Pollock a chruthú. An chuid is fearr faoi ná dul isteach sa chith le chéile ina dhiaidh.
10. Déan dearmad ar an ubh Chásca agus cuir ubh an ghrá áit nach bhfeicfear í, is leatsa an rogha, ach cuir in iúl do do mhuirnín go bhfuil sí ionat agus caith an lá ar fad í. Cruthóidh sé seo an teannas atá tú ag lorg agus nuair a thiocfaidh an t-am leis an ubh a bhaint beidh sibh adharcach go maith. Úsáid cuid mhór bealaidh leis an gceann seo le bheith cinnte nach mbeidh tú i bpian, rud a scriosfadh an oíche ort.
Pé rud atá socraithe agat le déanamh le haghaidh Lá Fhéile Vailintín, bain sult as. Agus don bhean atá singil? Bain amach méar amháin agus tosaigh ag svaidhpeáil. Bhuel fágfaidh mé an rogha fút féin…