Thug Emma Ní Chearúil a haghaidh agus a corp chuig imeacht le Dublin Body Painting Jam den chéad uair le déanaí. Bhí sé ar cheann de na rudaí is fearr atá déanta aici riamh. Mhínigh sí cad é a bhí i gceist leis.
Ar fhreastal dom ar imeacht de chuid Dublin Body Painting Jam den chéad uair riamh, bhí aiféala orm nach raibh mé páirteach ina leithéid agus mé in aois na sé bliana déag.
Ar ndóigh, ní bheadh Emma na Sé Bliana Déag sásta freastal ar a leithéid d’imeacht, ná Emma na bhFiche Bliain ach oiread. Ach dá mbeadh na buntáistí dóibh ar eolas acu…
Tuigim, do dhuine nach bhfuil compordach lena corp nó lena chorp féin, gur scanrúil an smaoineamh é bheith nocht i seomra lán strainséirí.
Tuigim, agus thuig mé sin nuair a thosaigh mé féin ag cumadh leithscéalta an oíche roimh ré, ag lorg cúise nach mbeinn in ann freastal ar an seisiún péinteála seo.
Bhí aithne curtha agam ar an bhfear a bheadh do mo phéinteáil, áfach, agus bhí a fhios agam nach mbeadh sé ceart ná cóir é a fhágáil gan mhainicín.
Mar sin, d’imigh mé liom ar maidin go Baile Átha Cliath.
Faoin am gur shroich mé Sráid San Agaistín, bhí mo ghlór ag crith agus mo lámha tais.
Agus mé ag dreapadh an staighre, áfach, bhí mé chomh tógtha sin leis an áit aisteach álainn seo go ndearna mé lándearmad ar m’imní.
Áiléar geal a bhfuil fuinneoga móra ciorclacha agus soilse ildathacha ar fud na háite a bhí ann.
Chomh luath agus a shiúil mé isteach, d’aithin mé m’ealaíontóir ón gcomhrá Facebook a bhí againn cheana agus b’shin tús leis.
Tharla sé go tobann. Ní cuimhneach liom tada a tharla idir “Dia duit. Cén chaoi ’a bhfuil tú?” agus bheith i mo sheasamh leathnocht sa seomra mór oscailte seo.
Ní raibh deis agam m’aigne a réiteach don nóiméad sin – ní raibh deis agam bheith neirbhíseach fiú!
De réir a chéile, d’athraigh na coirp nochta thart timpeall orm ina n-ainmhithe allta, ina ndufairí trópaiceacha agus ina réaltraí doimhne.
I mo chás-sa, d’iompaigh mé i m’fhéinní ó ‘Predator’ (sea, ón scannán) – a bhí iontach ar bhealach, toisc go raibh sé chomh héagsúil sin ón ngnáthdhearcadh a bheadh ag daoine orm.
D’airigh mé cumhachtach agus mé i mo ghaiscíoch!
An rud is aistí faoin eachtra ar fad, áfach, ná cé chomh nádúrtha a bhí sé, chomh neamhfhoirmiúil a bhí an comhrá agus an chumarsáid, cé go raibh leath na ndaoine sa seomra lomnocht.
Ba chuma le daoine, agus ba chuma bheith ag stánadh ar dhuine, toisc nach ar an gcorp a bhreathnaigh tú, ach ar phíosa ealaíne i mbun forbartha. Bhí daoine ar chuile chruth agus tomhas ann, cuid acu lomnocht agus cuid acu clúdaithe de réir mar a bhí siad féin compordach.
Aon imní a bhí agam ag 9rn ar maidin, bhí sé imithe faoi am lóin, nuair a thuig mé an t-iontas a bhí á dhéanamh agam faoi na daoine seo nár luigh leis an áilleacht steiréitipiciúil, ach a bhí álainn mar sin féin.
Ní dhéanaimid go minic é seo. Ní bhímid ag breathnú ar ghnáthdhaoine, ar chomh spéisiúil agus galánta atá siad.
Cé go bhfuil a fhios agam nach bhfuil sé sláintiúil a bheith chomh tanaí le ‘size zero’, agus nach ionann bheith tanaí agus bheith mealltach, bím ag breathnú ar irisleabhair agus ar mhainicíní caola agus mé den tuairim gurb iad na daoine is áille dá bhfuil ann iad.
Agus cé go bhfuil sé ar eolas agam freisin go bhfuil coirp eile mealltach agus álainn, ní minic a bhíonn an deis againn bheith ag déanamh iontais fúthu sin. Agus ní minic a bhíonn sé mar sprioc againn bheith cosúil leo.
Bhí mé an-tógtha leis an imeacht ar fad. Chuir sé iontas orm agus thug sé athrú meoin dom nach raibh mé ag súil leis.
An t-atmaisféar; an neodracht; an ealaín; ach thar aon rud eile, an chaoi inar glacadh le chuile chorp beag beann ar chruth, mhéid, mheáchan agus inscne.
Thug sé dearcadh úr dom ar an gcorpíomhá agus ar an bhféinmhuinín, dearcadh nár cuireadh os mo chomhair riamh roimhe sin – mar tuigim féin go bhfuil “chuile dhuine álainn”, “is cuma cén tomhas thú”, agus gur cheart dúinne a bheith “muiníneach inár gcuid craicinn féin”.
Ach is annamh a fheictear fíorchraiceann.
Is annamh a chuirtear réimse d’fhíorchoirp áille, ghránna agus nádúrtha os ár gcomhair, agus is mór an trua é sin, mar is sa chomhthéacs sin amháin a dhéantar náire agus easpa féinmhuiníne a dhíbirt.
Bhí sé scanrúil ar dtús, ach bhí Body Painting Jam ar cheann de na rudaí is fearr atá déanta agam riamh.
Shábhálfadh sé neart deor ar Emma na Sé Bliana Déag, a chaith go leor ama agus í imníoch faoina corp agus faoin ‘áilleacht’.
Anois fiú agus mé níos sine agus gan a bheith chomh dian céanna orm féin, d’airigh mé níos saoire, níos cumhachtaí agus níos compordaí liom féin ná mar a bhí riamh, agus is taithí é sin atá de dhíth ó chuile dhuine, i mo thuairim.
Faraor, b’éigean dom bheith beagán níos dalba agus cróga lena thriail ar an gcéad dul síos – ach bíonn spás agus deiseanna féinfhorbartha ann i gcónaí.
Mar sin, molaim daoibh triail a bhaint as rud éigin éagsúil, rud éigin a chuireann faitíos ort, rud éigin nach bhfuil tú ar do chompord leis.
Beidh an chéad seisiúin oscailte dathú coirp ar siúl an deireadh seachtaine seo, an 21-22 Bealtaine.
Feicfidh mé ann sibh!
Tuilleadh eolais faoi ar Facebook anseo.