FÍSEÁN: Thug Tú Cead Dó
A dán á reic ag Dáire Ní Chanáin

Seo físeán den fhile óg Dáire Ní Chanáin, as cathair Dhoire, agus í ag reic a dáin ‘Thug Tú Cead Dó’. 

“Ba mhaith liom a chur in iúl do mhná nach bhfuil siad leo féin. Tá scéal mar seo ag i bhfad níos mó ban ná mar a shílfeá, agus tá sé tábhachtach go dtugann muid tacaíocht dá chéile le cuidiú le mná eile labhairt amach faoi. Níl fhanfaidh muid inár dtost níos mó,” a dúirt Dáire. 

Dúirt Gráinne Holland, stiúrthóir an fhíseáin, gur spreagadh í chun físeán a dhéanamh den dán i ndiaidh di é a léamh ar NÓS. 

“Sílim gur dán ionraic, cróga é a scríobh Dáire agus is inspioráid í do mhná eile a bhfuil eagla orthu a scéal féin a insint. Ní gléas neamhbheo í an bhean, ach duine daonna agus sin a bhí mé ag iarraidh a thaispeáint sna híomhánna seo,” a dúirt sí. 

Coinnigh súil ar an suíomh mar tá tuilleadh físeán le teacht gan mhoill.