Foilsíodh an dara heagrán den ‘iris’ phornagrafaíochta Ghaeilge Fliuch inniu. Ceithre bliana ó shin a fógraíodh ar Twitter go raibh an iris á beartú ag lucht a foilsithe agus tháinig “an chéad phorno as Gaeilge” amach mar iris dhigiteach in 2016.
Anois, trí bliana ina dhiaidh sin arís, tá eagrán nua den iris mhagúil ar fáil ar an suíomh yumpu.com agus é lán go béal le himeartas focal agus scigmhagadh faoi shaol na Gaeilge, chomh maith le híomhánna gnéasacha de mhná agus d’fhir.
Ar na hailt atá le léamh san eagrán is nua den “iris Ghaeilge is mó léamh riamh”, tá exposé ar an mbanna ceoil KNEECAP ina gcuirtear i leith na gceoltóirí óga Feirsteacha go mbíonn ‘orgy achan oíche’ acu agus gurbh éigean do bhall dá entourage éirí as de bharr na “cóisireachta crua”.
Luaitear freisin ‘Oscar agus Pete’ in alt eile, beirt a raibh coinne gan choinne acu le chéile i gceantar Gaeltachta a spreag gluaiseacht nua teanga, agus tá “staitisticí” ann faoi úsáid an tsuímh pornhub.com sna Sé Chontae Fichead (“tacaíonn PornHub leis an Chríochdheighilt”).
24 leathanach ar fad atá san iris lándaite atá ar fáil saor in aisce ar líne.
Nuair a foilsíodh an chéad eagrán in 2016, dúirt lucht a foilsithe le NÓS gur “léiriú é an iris nua ar phobal beo, Gaelach na tíre” agus gur theastaigh uathu “píosa beag suilt a chur ar fáil”.
“Measann scaifte daoine cúngaingeanta nach ann do chultúr nua-aimseartha agus nach dtarlaíonn leathar nó rud ar bith normálta sa Ghaeilge. Mar Ghaeil feicimid go bhfuil saol bríomhar Gaelach ar fud na tíre agus theastaigh uainn léiriú a dhéanamh air sin, agus píosa beag suilt a chur ar fáil! Agus níl caill ar na girseacha agus ar na diúlaigh bhreátha atá san iris!” a dúradh.
Ní ghlacann muintir Fliuch go bhfuil “díspeagadh” ar bith á dhéanamh ar mhná agus tá ráite acu le NÓS gur cinneadh tábhachtach é cothromas, idir fhir agus mhná ar aon, a chur chun cinn san iris.
Cé gur gealladh trí bliana ó shin go gcuirfí an iris amach “go rialta” níl ach dhá eagrán ar fáil go fóill agus ní léir an bhfuil sé i gceist ag an bhfoireann a thuilleadh a fhoilsiú.