Foclóir LADT le seoladh in DCU inniu

Seolfar ar maidin in DCU An Foclóir Aiteach, foclóir nua téarmaíochta LADT. Is í an tAire Gaeltachta Josepha Madigan a sheolfaidh an foclóir nua ina bhfuil focail, téarmaíocht agus nathanna a bhaineann leis an bpobal “aiteach” in Éirinn.

Is comhthogra idir Aontas na Mac Léinn in Éirinn, BelongTo agus an Transgender Equality Network of Ireland (TENI) atá in An Foclóir Aiteach agus tá súil ag lucht a chruthaithe go dtabharfar deis don phobal LADT labhairt go héasca faoina saol i nGaeilge leis an téarmaíocht nua atá ar fáil sa leabhar.

“D’eascair An Foclóir Aiteach as an tuairim nach raibh an téarmaíocht ag an bpobal LADT in Éirinn le cur síos ar a saol féin ina dteanga féin. Níor aistríodh go leor den téarmaíocht cheana agus ní raibh focail a bhí i mbéal an phobail LADT in Éirinn ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Bhí roinnt mhaith scoileanna lán-Ghaeilge i dteagmháil linn freisin faoi théarmaíocht Ghaeilge a d’fhéadfaí a úsáid agus iad ag labhairt lena ndaltaí faoi cheisteanna LADT,” a dúirt Gordon Grehan ó TENI le NÓS.

“Beidh an foclóir ar fáil ar líne agus tá súil againn gur ‘cáipéis bheo’ a bheidh inti — is é sin le rá go mbeifear in ann a chur leis nuair a thiocfaidh coincheapa agus téarmaíocht nua chun cinn amach anseo. Rinneadh go leor de na haistriúcháin as an nua, ach sa chás go raibh focal nó téarma ar fáil cheana féin, úsáideadh é sin. Tá a fhios agam go raibh go leor cainte ann faoin téarma crossdressing agus go bhfuil téarmaí éagsúla in úsáid cheana féin, ach bhí plé ann faoin téarma is feiliúnaí don choincheap.”

Beidh cóipeanna crua den fhoclóir nua ar fáil ag an seoladh, i bhFoirgneamh Henry Grattan in DCU i mBaile Munna, agus beidh an foclóir ar fáil ar líne, saor in aisce.

In éineacht leis an Aire Madigan, beidh ionadaithe ó na heagraíochtaí LADT éagsúla agus ó na heagraíochtaí mac léinn agus beidh plé oscailte ann i ndiaidh na gcainteanna.

Anuraidh d’iarr an Equality Network ar chainteoirí Gàidhlig cúnamh a thabhairt chun gluais téarmaíochta a bhaineann leis an bpobal LADT a fhorbairt. Lorgaíodh cúnamh ar Shabhal Mòr Ostaig, an ollscoil Ghàidhlig ar Oileán Sciathánach, ach iarradh anuraidh ar an bpobal féin cabhrú le forbairt na téarmaíochta.

Cuireadh an tionscnamh Geidh (‘aerach’) ar bun mar chuid de thionscnamh mór de chuid an Equality Netork agus bunaíodh é i ndiaidh sraith imeachtaí a reáchtáladh in Inse Gall na hAlban.

Meastar gur cuid den phobal LGBT iad 7% de mhuintir na hAlban agus dúirt Scott Cuthbertson, stiúrthóir forbartha Equality Network, go “nglacann [an eagraíocht] leis gur daoine LADT iad 7% den 58,000 cainteoir Gàidhlig in Albain freisin.”

“Is téarmaí iad non-binary, trans agus intersex atá sách nua sa Bhéarla féin. Tá eolas curtha ar fáil againn i nGàidhlig cheana, le linn an fheachtais deiridh a bhí againn in éadan coireanna fuatha, ach ní bhítear ar aon tuairim faoin mbealach ceart le téarmaí áirithe a aistriú go Gàidhlig.

“Tháinig sé chun cinn agus muid in Inse Gall gur ghá dúinn níos mó a dhéanamh le teagmháil a dhéanamh le pobal na Gàidhlig. Mar sin, teastaíonn uainn stór focal a fhorbairt a bheadh le húsáid, agus ba mhaith linn oibriú le cainteoirí Gàidhlig lena fhorbairt,” a dúirt sé.

Seacht mbliana ó shin, d’eisigh an eagraíocht LADT ‘Stonewall Scotland’ póstaer a bhí dírithe ar scoileanna na tíre ar a raibh an teachtaireacht ‘Tha cuid de dhaoine gay. Gabh ris!’ (Tá roinnt daoine aerach. Glac leis!). Maíodh an uair sin nach raibh aon fhocal sa teanga a chuirfeadh síos ar dhuine aerach gan iad a mhaslú.

Anuraidh, scríobh an saineolaí Gàidhlig as Ceanada, an Dr Emily McEwan, gur pobal a bhí i bpobal na teanga in Albain “nár cheadaigh aon spás cultúrtha ná idé-eolaíochta don fhéiniúlacht aerach” ó 1500 go dtí tús na 1980idí, nuair a fuarthas réidh leis an dlí in aghaidh an homaighnéasachais.

Níl aon togra dá leithéid ar bun ag institiúidí oifigiúla teanga in Éirinn i láthair na huaire. Dúirt urlabhraí ó Téarma.ie leis an suíomh nuachta Tuairisc.ie anuraidh nach bhfuil a leithéid de thogra ar bun i saol na Gaeilge is atá ar bun ag Equality Network in Albain, agus nach bhfuil aon bhileog téarmaíochta ar fáil a bhaineann le cúrsaí LADT.

“Seachas corrthionscadal eisceachtúil – téarmaí spóirt, téarmaí ealaíon, téarmaí Theicneolaíocht na Faisnéise – pléitear le soláthar na téarmaíochta ar bhonn ad hoc i gcás na Gaeilge. Sin ráite, bíonn an Coiste Téarmaíochta sásta glacadh le sainiarratais ó eagraíochtaí agus institiúidí agus dá rachadh ionadaithe ón bpobal LADT i dteagmháil leo, tá mé cinnte go ndéanfaidís a ndícheall freastal orthu,” a dúradh.

Maidir le Gaeilge na hÉireann, tá, mar shampla, roinnt focal ó chaint na ndaoine a thagraíonn don phobal aerach sa leabhar Ó Ghlíomáil go Giniúint: Foclóir na Collaíochta le Dáithí Ó Luineacháin, ach meastar go bhfuil cuid de na focail sin maslach.

SCÉALTA EILE