Bliain úr mhaith daoibh uile go léir, tá súil agam go raibh Nollaig dheas shuaimhneach agaibh agus gur chaith Daidí na Nollag go maith libh!
Maidir liom féin, chuir Daidí na Nollag fear breá i mo threo-sa thar an sos; dóighiúil, ard, tarraingteach, cliste agus post maith aige.
Bíonn na téacsanna ag dul eadrainn go minic, go háirithe na snapchats 😉 agus tá rudaí ag iarraidh níos teasaí de réir a chéile.
Go dtí seo, níor tharla ach póg phaiseanta amháin a d’fhág an bheirt againn fann agus muid ag dúil leis an chuid eile atá le teacht.
Mothaím mar dhéagóir arís, ag amharc ar an ghuthán gach 5 bhomaite, ag cuntas an méid xxx-anna a chuireann sé ann ag an deireadh, ag cur na bpictiúirí is deise dom dá bhfuil ann chuige, ag buaireamh faoi cad é a chaithfidh mé ar an chéad dáta eile agus gan a bheith ábalta smaointiú ar a dháth ar bith eile ach eisean i rith ama.
Rith sé liom gurb é seo an chuid is sultmhaire faoi chaidreamh úr ar bith (ní hé go bhfuil muid i gcaidreamh go fóill… tá deis agaibh go fóill a leaids 😉 ) ach seo an t-am nuair a bhíonn neart le foghlaim faoin duine eile; cén chaoi a n-ólann sé a chuid tae, cad iad na rudaí a thaitníonn leis agus, níos tábhachtaí fós, cé chomh héagsúil agus a bheidh sé sa leaba.
Tá dúil mhór agam sa chollaíocht.
Ní shéanaim é.
Ní bheinn á scríobh seo mura raibh agus mar sin de is cuid lárnach de mo shaol é agus dar liom gur chuid an-tábhachtach i gcaidreamh é.
Táthar ann a deirfeadh gur chuma agus go bhfuil rudaí eile níos tábhachtaí.
Cac bó, dar liom.
Déanta na fírinne, tá eagla orm dul isteach sa leaba leis ar fhaitíos nach mbíonn sé maith agus go mbeidh díomá orm.
Bhí mé leath ag smaointiú faoi chupán a fháil dom féin leis an mhána “Bí cúramach nó déanfaidh mé trácht ort i mo cholún collaíochta” air agus cupán tae a ól amach as os a chomhair amach… díreach le cur in iúl dó go bhfuil mé ag súil le rudaí móra (má bhíonn an t-ádh liom!).
Seans go gcuirfeadh sé sin an iomarca brú ar an chreatúr bocht agus gur chóir dom ligean do rudaí titim amach go breá nádúrtha.
Tá na comharthaí uile maith go dtí seo, deir sé na rudaí cearta agus ó na pictiúirí atá faighte agam níl cuma ró-olc ar a chorp ach oiread… dá mhéad atá feicthe agam de ar aon nós!
Is dóigh liom go ndéanfaidh mé iarracht an seal seo a shíneadh amach chomh fada agus is féidir agus á ghlacadh go deas réidh, ar an doigh sin nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne, beidh sé níos fearr arís mar go raibh fanacht ann faoina choinne.
Sin ráite, tá mo theanga amuigh… agus ní leis an tart!
Cad é ba chóir a dhéanamh?
An mbíonn blas ar an bheagán agus mé ag léim isteach leis an snorcal, nó an bhfaigheann foighne fortacht?