Is éasca dúinne fir a bheith dall…

Is éasca dúinn fir bheith dall ar an méid aire agus cúraim atá de dhíth ar mhná agus iad ag plé le strainséirí fir ó lá go lá. Glacaimid leis go bhfuil mná ar comhchéim linn, ach déanaimid dearmad uaireanta ar a leochailí is atá siad go fisiciúil, agus go bhfuilimid in ann imeagla a chur orthu i ngan fhios dúinn féin dá bharr. Bíonn mná timpeallaithe ag fir atá níos mó, níos láidre, agus níos tapúla, ar minic iad ag iarraidh craiceann a bhualadh leo, leis an lámh láidir uaireanta.

Is minic gurb é an taithí a bhíonn ag mná i dtithe tábhairne agus i gclubanna oíche, ar an traein agus ar obair, ar an tsráid agus ar an mbus, ná fir ag stánadh orthu go drúisiúil, ag féachaint lena mealladh, ag idirghníomhú leo ar bhealach a bhfuil gnéas mar phríomhsprioc an chaidrimh.

Ar an meán, tá an gnáthfhear 14 ceintiméadar níos airde ná an ghnáthbhean — 177cm i gcoinne 163cm. Tá uachtar an choirp dhá oiread níos láidre aige, rud a ligfeadh dó í a phiocadh suas, agus tá greim dhá uair níos láidre aige, rud a ligfeadh dó í a choinneáil síos.

Tréithe na bhfear a chuireann imeagla ar mhná, áfach, meallann siad iad ag an am céanna, agus níl aon rud cearr leis na tréithe sin iontu féin. Go deimhin, bheimis gan tógálaithe agus fir bhruscair ina n-éagmais. Anuas air sin, cé gurb é an fear is mó agus is láidre is mó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhean, is é is fearr a thabharfadh cosaint di freisin, dá dteastódh an chosaint sin uaithi.

Ach uaireanta bíonn sé deacair do bhean déanamh amach an féidir léi brath ar na fir a chastar uirthi.  Is deacair do mhná freagra diúltach a thabhairt mar go bhfuil sé curtha ina luí orthu nach mór dóibh a bheith deas, lách agus cainteach le cách

“An Diarmaid na mBan é an leaid deisbhéalach dathúil seo nó scabhaitéir críochnaithe nach mian leis ach teacht i dtír orm?”, a fhiafraíonn an bhean di féin.

Is chun cabhrú le daoine a chosaint ó ionsaí a scríobh Gavin de Becker an leabhar The Gift of Fear, leabhar ar cheart do gach éinne a léamh ar spéis leo cúrsaí sábháilteachta. Éireoidh níos fearr le mná iad féin a chosaint ó ionsaitheoir gnéis, a deir sé, trí bheith ag faire amach do leideanna áirithe in iompar an fhir a thugann le fios go bhfuil claonadh chun foréigin ann.

Dar le de Becker gur cheart do bhean muinín a bheith aici as an chéad rud a ritheann léi i dtaobh fir nua a chastar uirthi. Má deir an intinn nó “RADAR na mothúchán” léi go bhfuil rud éigin sleamhain ag baint le strainséir fir agus nach bhfuil sé le trust, b’fhearr di fanacht amach uaidh, is cuma cé chomh mealltach nó deisbhéalach atá sé.

Is furasta dúinn a bheith neamhairdeallach nó fiú amaideach nuair a thagann tuirse orainn, áfach. Comhairlíonn de Becker do mhná dul i dtaithí ar na comharthaí coitianta a thagann roimh ionsaí gnéis, mar sin, ionas go n-aithneoidh siad iad i gcónaí. Bunaithe ar an taithí atá aige ar bheith ag teacht i gcabhair ar mhná a bhfuil drochíde imeartha orthu, tá liosta curtha le chéile aige de na comharthaí a thugann le fios go bhféadfadh ionsaí a bheith ar intinn ag duine.

An comhartha dainséir is gléiní, dar le de Becker, ná nuair nach nglactar le heiteach na mná. Is minic nach mbacann an t-ionsaitheoir gnéis le freagraí diúltacha na mná, pé acu má thairgeann sé teacht i gcabhair uirthi ar bhealach éigin nach raibh gá leis nó má leanann sé le hiarrachtaí í a mhealladh tar éis di é a dhiúltú. Deir de Becker gur deacair do mhná freagra diúltach a thabhairt mar go bhfuil sé curtha ina luí orthu nach mór dóibh a bheith deas, oscailte agus cairdiúil le cách. Ach molann de Becker do mhná gan géilleadh nó ‘margadh’ a dhéanamh le strainséir, óir tugann sé sin misneach dó leanúint ar aghaidh agus tuilleadh smachta a chur uirthi.