Litir chuig an gcéile leapa is measa riamh

Tá litir scríofa ag An gCailín sa Chathair litir chuig an gcéile leapa ba mheasa riamh a bhí aici.


D’aimsigh muid a chéile ar Tinder oíche Déardaoin, agus chuir tú teachtaireacht chugam: “Beidh mé ag imeacht as baile ar feadh coicíse Dé Domhnaigh, agus ba mhaith liom craiceann a bhualadh leat sula n-imím.” Próifíl thearc a bhí agat, agus gan agat ach an t-aon phictiúr amháin, ach ní raibh cuma chomh dona sin ar an bpictiúr sin, agus rinne muid coinne casadh le chéile oíche Dé Sathairn le haghaidh cúpla deoch sula ngabhfadh muid i mbun gnímh. 

Oíche Dé Sathairn a bhí ann roimh i bhfad agus cé nach raibh fonn mór orm tiomáint trasna na cathrach le casadh le strainséir, níor bhuail mé craiceann le tamall agus is fearr leath ná meath. Mar sin, chuaigh mé chuig an gcoirnéal a luaigh tú agus d’fhan mé ort ann. Tháinig tú i ndiaidh fiche nóiméad nó mar sin, agus tú i bhfad níos lú ná mar a shílfí ó do phictiúr — 30cm níos lú ná mé féin. 

Thug tú trasna an bhóthair mé chuig beár, an ceann ab fhearr leat a dúirt tú, ach an ceann nach raibh ach dhá dhoras síos an bóthar ó do theach. Is dóigh gurbh in an fáth ar thaitin sé chomh mór sin leat — fear thú a thaitin an saol bog leis. Isteach linn agus d’ordaigh muid deochanna. Jin agus tonaic a d’ordaigh mise, agus uisce as an sconna a bhí uaitse — dúirt tú nár thaitin an t-ól leat agus nár thaitin daoine eile leat nuair a bhí siadsan ólta. D’imigh tú le suíochán a aimsiú agus d’fhág an bille liomsa. 

Labhair muid ar feadh uair an chloig. Bhí sé leadránach agus amscaí ach, ar an láimh eile, bhí a fhios againn beirt nach raibh ó cheachtar againn ach giota a fháil. Ar deireadh, i ndiaidh duit a rá liom gurb í seo an tsráid is cáiliúla sa chathair (níor chuala mé riamh faoi) agus tagairtí fánacha a dhéanamh do na ranganna ióga a bhí ar bun agam, chuaigh muid chuig d’árasán. 

Shílfeá gur mac léinn ollscoile seachas fear sna tríochaidí a bhí ina chónaí ann — tocht dúbailte ar an urlár, é brúite in aghaidh an bhalla, deasc, ráille éadaí, éadaí eile i málaí plaisteacha scaipthe timpeall na háite, agus cófra beag. Shíl mé gur le deireanas a bhog tú isteach ach, ní hea, le dhá bhliain a bhí tú i do chónaí ann. 

Bhrúigh tú go bog in aghaidh an chófra mé — é soiléir gur ag iarraidh a bheith gnéasúil a bhí tú — agus phóg tú mé (agus tú ar do bharraicíní). Bhain tú díom mo chuid éadaí, agus bhog ón gcófra chuig an deasc mé.

Amach as an tancard beorach ar an deasc a tharraing tú coiscín agus chroch os comhair mo dhá shúil é, agus tú a rá: “Is coiscín é seo. Déarfaidh buachaillí áirithe leat nach dteastaíonn coiscín uait, ach teastaíonn i gcónaí. Go háirithe sa chathair seo.” Amhail is gur chaith mé mo shaol gan aon chaint ar an gcollaíocht chliste a chloisteáil. 

Chrom tú thar an deasc mé, go róbhog is fiú a lua, agus rinne iarracht do bhod a shá ionam. ‘Iarracht’ a deirim mar go raibh mé níos airde ná thú agus ní raibh bealach ar bith go n-oibreodh sé. Thug muid aghaidh, nó droim, ar an tocht ar an talamh agus d’iarr tú orm dul sa mhullach ort, cé gur shíl mise go bhfáiscfinn an t-anam asat. 

Thiontaigh muid timpeall agus threoraigh tú mo lámh chuig do mhagairlí. Go dtí an lá atá inniu ann, ba iad na magairlí ba chrua a mhothaigh mé riamh. Bím ag smaoineamh fós cén fáth a raibh siad chomh crua sin. Ar ór na cruinne ní chuimhneoinn ar d’ainm, ach ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar na magairlí aisteacha crua sin.

Chuir mé lámh orm féin le go bhféadfainn deireadh a chur leis an gcur i gcéill níos tapa, agus i ndiaidh cúpla nóiméad, chuir. D’fhiafraigh mé díot ar tháinig tú, agus dúirt tú de chogar i mo chluas “díreach nuair a tháinig tusa”. Cinnte, a mhac. 

Ní ligfeadh na béasaí dom imeacht róluath, ach dúirt mé rud éigin faoi thraein abhaile a fháil, bhailigh mo chuid stuif, agus d’imigh. 

Ach an rud faoin oíche sin, bhí an gnéas go dona, cinnte, agus sílim go ndearna tú an iomarca iarrachta a bheith gnéasúil nó gur lig tú ort féin gur i porno a bhí tú, ach fuair muid beirt a raibh uainn agus níor fíon faoi lár é. An chuid ab fhearr den oíche ná go raibh mé sa bhaile, sa leaba ag breathnú ar Netflix agus ag ithe pasta faoi 11.30. 

SCÉALTA EILE