Gan cead ann, ní féidir tada a thabhairt air ach ionsaí gnéis

Sheol mé giolc inné ag tagairt do cheannlíne a bhí foilsithe ag The Mirror faoi ionsaí gnéis a rinneadh ar thuairisceoir spóirt agus í beo ar an teilifís. Faraor, ní ionsaí gnéis a bhí ann de réir ceannlíne an ailt, ach dúradh linn gur tháinig duine den lucht leanúna aniar aduaidh uirthi, phóg sé í agus leag sé lámh ar a brollach.

Mhúscail an ceannlíne mo chuid fiosrachta agus bhreathnaigh mé ar an bhfíseán. Ann, tá bean atá ag iarraidh a cuid oibre a dhéanamh. Tagann fear isteach sa bhfráma, ionsaíonn sé í agus imíonn sé. Julieth Gonzalez Theran ainm an tuairisceora agus leanann sí uirthi ag caint, ag ligean uirthi féin nár tharla tada di.

I ndiaidh na heachtra thug sí le fios go raibh sí ar an láthair sin ar feadh dhá uair a chloig sula ndeachaigh sí ar aer, ag ullmhú, agus nár tháinig mo dhuine gar di go dtí go raibh an ceamara beo. Nuair a chríochnaigh sí, thóraigh sí é ach bhí sé imithe. Dúirt sí freisin nach raibh an méid a tharla tuilte aici, agus go raibh comhionannas ag dul do mhná a bhí ag obair chomh maith, ag rá go gcaithfeadh fios a bheith ag daoine go raibh difríocht mhór idir gean agus ciapadh.

Ar ndóigh bhí roinnt, de réir an ailt seo ar aon chuma, nár aontaigh léi, ag rá nach féidir beannú do aon dhuine le póg níos mó mar gheall ar mhná a bheith ag síonaíl faoi chiapadh.
Tá difríocht mhór idir póg agus ionsaí gnéis. Tá difríocht mhór eile idir lámh a leagan ar chliabhrach duine éigin agus ionsaí gnéis. Ach, nuair a tharlaíonn sé gan cead ní féidir tada eile a thabhairt air ach ionsaí gnéis.

Féach ar an bhfíseán. Má tá tú den tuairim nach sáraíonn an méid a tharla den bhean seo agus í ag iarraidh lá oibre a chuir di a cuid cearta, a cuid dínite agus nach bhfuil aon dochar ann, tá sé in am agat athrú dearcaidh a aimsiú in áit éigin.

Le fada an lá, tá mná i ngach earnáil, ní sna meáin amháin, ag cur suas le fir a théann róghar dóibh gan cead. Le fada an lá, tá mná ag mothú nach féidir tada a dhéanamh faoi seo ach glacadh leis, agus gan aon aird a tharraingt orthu féin. Le fada an lá, dá ndéarfadh bean gur ghoill an cineál sin iompair uirthi, bheadh freagra sciobtha faighte aici ag rá nach raibh aon dochar ann, nach raibh ann ach píosa spraoi, agus nach raibh craic ar bith inti.

Chuardaigh mé an giolc sin sular thosaigh mé á scríobh seo inniu, agus bhí sé bainte anuas ag The Mirror. ‘Is maith sin,’ a dúirt mé liom féin, go dtí gur chuardaigh mé ar an idirlíon é, agus bhí an t-alt agus an ceannlíne céanna fós thuas acu. Tá sé ráite cheana agam go múnlaíonn na meáin an dearcadh atá againn ar a chéile. A fhad agus a bheidh siad ag déanamh ‘spraoi’ as ionsaithe gnéis, beidh muid ag tabhairt leithscéalta do dhaoine leanacht leis.