San am a chuaigh thart ní raibh an oiread clú orainn mar Éireannaigh mar gheall ar chúrsaí collaíochta, nó ar ár n-oscailteacht chun plé a dhéanamh ar eachtraí an tseomra leapa.
Tá an saol athruithe go mór le blianta beaga anuas, ar an dea-uair, ach fós féin bíonn drogall ar go leor againn labhairt go hoscailte, fiú lenár gcéilí féin, faoinár mianta leathair.
Anois tá sé de sprioc ag bean amháin cuid den leisce sin a ruaigeadh agus í ag bailiú le chéile fantaisíochtaí collaíochta ó mhná Éireannacha, a chuirfear i gcló sa deireadh i bhfoirm leabhair.
“Ní minic a chluintear mná na hÉireann agus fantaisíochtaí collaíochta san aon abairt amháin,” arsa Julianne Daly, eagarthóir an leabhair nua.
“Mhothaigh muid nach raibh aon leabhar eile cosúil leis seo ar an mhargadh, cé go bhfuil an-tóir ar leithéidí Fifty Shades of Grey.”
Bhí uirthi féin ainm cleite a úsáid, dála an scéil – léiriú ann féin ar cá háit a seasann ár sochaí go fóill ar chúrsaí craicinn.
Tá sí ag bailiú na scéalta go hanaithnid (ní gá d’ainm a lua) ar fhoirm ar líne agus deir sí go bhfuil neart ban i ndiaidh a gcuid mianta rúnda a sheoladh isteach chuici.
“Tá mná Éireannacha lán chomh gnéasach le mná i dtíortha eile.
“Is píosa spraoi é ach tá sé suimiúil chomh maith.
“Ní rud ceamach é in aon chor. Baineann sé le gnáth-mhná agus a gcuid scéalta, a gcuid mianta collaíochta – cad ar a smaoiníonn siad le linn an lae nó nuair atá siad sa bhaile lena buachaill nó fear céile.”
Tá súil ag Julianne gur eispéireas fuascailteach a bheas ann do mhná, agus don tsochaí trí chéile.
“Sílim go bhfeabhsóidh sé caidreamh collaí daoine, díreach trína bheith ag léamh an leabhair.
“Cuirfidh sé ag smaoineamh iad agus fiafróidh siad, “Cén fáth nach féidir linn labhairt air seo?”
Tá mná fós á lorg aici chun páirt a ghlacadh sa taighde teolaí seo (mná le Gaeilge san áireamh a dúirt sí linn) agus gheobhaidh gach duine a sheolann fantaisíocht isteach cóip den leabhar, mar aon le deis chun dearbhán €50 a bhuachan.
Is féidir an fhoirm a líonadh isteach anseo nó má bhíonn aon cheist agat díreach seol rphost chuig juliannedaly1@gmail.com