Ní bhíonn aon chraic(eann) sa triomach

Ní bhíonn aon chraic sa triomach, go háirithe nuair a bhíonn tú i gcaidreamh. Mura bhfuil tú i gcaidreamh, nó má tá deireadh díreach tagtha le caidreamh, beidh tréimhsí ‘tirime’ ann anseo is ansiúd. Ach céard faoi chaidreamh fadtéarmach a mbíonn triomach ann?

Má tá tú i gcaidreamh ach gan a bheith ag bualadh craicinn, b’fhéidir go gceapfá nach leor thú, go bhfuil rud éigin as bealach i do chaidreamh, nó go bhfuil rud éigin mícheart leat féin. Tá mise díreach tar éis ‘triomach’ a bheith agam i mo chaidreamh-sa, agus tuigim do chás.

Chuir sé amhras orm go raibh rud éigin mícheart sa chaidreamh, amhras orm go raibh dúil chéanna agam i mo chéile ar chúis éigin, agus amhras orm go raibh rud éigin mícheart liom féin. Agus tú i lár an ruda, bíonn sé deacair tuiscint cheart a fháil air, go háirithe nuair a thuigeann tú go mbíonn triomaigh ag teacht agus ag imeacht, is cuma cé acu singil nó i gcaidreamh atá tú. 

Mar sin féin, tá cúpla cleas seanbhunaithe ann a bhrisfidh an triomach i gcaidreamh. Ní bhíonn ort a dhéanamh, in amanna, ach an meon ceart a aimsiú, agus tiocfaidh achan rud le chéile. 

Lig do scíth

Is fusa a rá ná a dhéanamh, ar ndóigh. Ach má bhím trína chéile ag an obair, ag glanadh an tí, ag déanamh na dteachtaireachtaí, agus achan rud leadránach eile a bhaineann le bheith i do dhuine fásta, is furasta dearmad a dhéanamh ar an gcollaíocht. 

Má tá mé ag ligean na collaíochta i ndearmad mar gheall ar ghnáthchúraimí an tsaoil, déanaim iarracht am a chur ar leataobh dom féin mar dhuine sula gcuirim am ar leataobh dúinn féin mar lánúin. Is iondúil gur folcadh breá fada a bhíonn ann, agus gloine fíona agus leabhar agam. Pointí breise más leabhar graosta atá ann. Agus dearmad déanta agam ar na rudaí atá le déanamh agam, tá sé i bhfad níos éasca luí isteach ar an gcollaíocht. 

Lámhchartadh

Mar a bheadh preabsheoláin ann don mhiangas! 

Le tamall anuas airím go bhfuil an miangas ag trá ionam. Níl raibh an oiread sin spéise agam sa chollaíocht agus a bhíonn, agus tá mé thíos go mór leis. Le spionn maith collaíochta a chur orm féin arís, thosaigh mé ar an méirínteacht. 

Cabhróidh an t-am seo a chuireann tú ar leataobh duit féin splanc a chur ionat agus macnas a spreagadh arís agus tú ag cuimhneamh ar na rudaí maithe ar fad faoin gcollaíocht (ar fhaitíos go raibh dearmad déanta agat). Anuas air sin, cabhróidh sé leat a rá le do chéile cé na rudaí a thaitníonn leat má thuigeann tú féin mar is ceart iad, agus músclóidh sé sin an chraic agus an craiceann sa seomra leapa arís. 

Sos

An rud is mó a chabhraíonn liomsa agus triomach collaíochta ann ná saoire bheag. Is cuma cé acu deireadh seachtaine i mbaile eile, laethanta fada saoire thar lear, nó, go deimhin, babhta collaíochta áit éigin seachas an leaba, is féidir le collaíocht in áit éigin as an ngnáth cabhrú leat. 

Más acmhainn duit deireadh seachtaine nó laethanta saoire a chaitheamh áit éigin eile, is é is fearr. Éalóidh tú ó strus an ghnáthshaoil, agus ligfidh tú do scíth ag an am céanna. Cabhróidh sé leat athmhuintearas a dhéanamh le do chéile, agus leat féin, agus seans gurb in é a theastaíonn. 

Ní mhaireann an triomach go deo, cé go n-airíonn sé mar sin anois agus arís. Tabhair aire duit féin, agus tabharfaidh sé sin aire do do chaidreamh. 

SCÉALTA EILE