Ní binn béal ina thost

Scríobh mé ar an ‘bhéal-grá’ roimhe, agus mé ag trácht ar an chaint chollaíochta ach rith sé liom le déanaí nach iad na focail amháin atá tábhachtach agus tú sa diallait:

Tá tábhacht leis na fuaimeanna a théann leo chomh maith.

Anois, is bean chainteach mé i dteanga ar bith agus ar ndóigh tá bua na teanga agam fosta 😉

Is breá liom labhairt ar na rudaí is maith liom, tugaim treoir, tugaim ardmholadh agus, ó am go chéile, bím rud beag dána chomh maith.

De réir an taighde, tá ceithre chineál duine sa leaba ó thaobh fuaimeanna de, is é sin:

– An duine a bhíonn ag geonaíl
– An duine a ligeann scread
– An duine a bhíonn ag análú go trom
– Agus an duine a fhanann ina t(h)ost

In ainneoin gur meascán mise idir an chéad agus an dara duine, casadh an ceathrar seo orm le linn na mblianta ag pointí áirithe i mo shaol.

In amanna, is fearr don fhear a bhéal a choinneáil dúnta, go háirithe agus é ag rá rudaí iomlán mí-ghnéasúil dála “Wow, éist leis sin, nach tú atá fliuch?” nó níos measa go fiú, “tá tú breá tais”.

Leaids, níl na rudaí sin gnéasúil.

Bhí fear agam roimhe ar ghnách leis filíocht a aithris agus muid i mbun collaíochta – arís eile, tá brón orm, ach ní sin a bhí i gceist agam nuair a mhol mé ‘cuairt an mheán oíche’.

beal-1

So cén cineál duine is gnéasúla mar sin, an tost nó an tormán?

Ní raibh mise compordach nuair nach raibh caint ná fuaim ar bith ag dul ar aghaidh, uimhir a haon, chaith mé an t-am uilig ag meabhrú an raibh mé ag déanamh na rudaí cearta agus ar an taobh eile den scéal, bhí mé rud beag buartha fuaim ar bith a dhéanamh mé féin… ní nach ionadh nár mhair sin i bhfad.

Is maith liom an chaint, is maith liom an ghnúsachtach, is maith liom an t-análú trom, ach in amanna deirtear rudaí greannmhara nuair a ba mhian liom gur chinn sé a bhéal a choinneáil dúnta.

Seo thíos roinnt samplaí:

1. “Rarr, is mise do Thíogar Ceilteach rarrrrrrrr”
2. “Níl creathadóir agat? Cad faoi scuab?”
3. “Hup Scréachaí a chailleach, nach tú an cailín dána?!”
4. “Ní bheidh mo leithéid arís ann…wúhú!”

Caithfidh mé a admháil, in amanna tá rudaí níos measa ráite agam féin:

1. “An bhfuil tú istigh go fóill?”
2. “Ar tháinig tú… cheana féin?”
3. “Ní hé, sin mo thóin”
4. “Ar lig tusa broim?”

Rud eile a tharla dom ná gur éirigh liom imreoir rugbaí a thógáil abhaile liom oíche amháin, fear mór fearúil a bhí tógtha go maith (ar gach bealach… ahem..)

Bhí rudaí ag dul go maith go dtí gur bhain sé buaicphointe na collaíochta amach agus gur scread sé mar bhean i mo chluas – smaoinigh ar gháire neirbhíseach ar ochtáibh an-ard measctha le ceol opera.

Bhí orm m’aghaidh a shá isteach faoina ascaill leis an gháire a mhúchadh.

Sin mo chuid féin, cad fúibh féin anois a Nósadóirí?

Cén taithí atá agaibh féin?

Go wan, bígí cróga… ba mhaith liom cloisteáil uaibh: An binn béal ina thost, nó an fearr crónán an Tíogair Cheiltigh?

SCÉALTA EILE