Tá ualach mór ar mo bhrollach agus tá fonn múisce orm.
“Cabhróidh taos fiacla leis sin,” a deir mo chara agus na spotaí dearga, scólta ag lonrú ó thaobh mo mhuiníl, splanc an gháire ar a aghaidh aige agus mise ag suí ann, ualach ar mo bhrollach agus fonn múisce orm.
Ba léir ón lorg a fágadh ar mo mhuineál gur ag bualadh craicinn a bhí mé cúpla oíche roimhe sin, agus ba chúis gháire do na haoinne é seachas domsa. Braithim gur brandáladh mé fós, an áit ar bhain ‘an grá’ plaic asam ag tiontú ó chorcra go buí.
D’athraigh rudaí an oíche sin agus tá na cuimhní ar fad ina gcíor thuathail.
“Ba é m’amaideacht agus mo mheisciúlacht féin ba chúis leis,” a dúrt, agus a deirim fós, liom féin.
D’ólamar, phógamar, d’fhágamar. I bpreabadh na súl bhí mé in McDonalds, i dtacsaí, i do leaba. D’ól mé, phóg mé, d’fhág mé. Ach is cairde sinn le tamall anois — níl ann ach spraoi. Nach ea? Go hamscaí agus go ciotach – bhaineamar na héadaí, d’aimsíomar coiscín, bhuaileamar craiceann, bhaineamar taitneamh as. Bhaineamar. Nár bhaineamar?
Chomh tobann is a bhíomar in McDonalds, an tacsaí, do leaba – d’iompaigh rudaí chomh tobann céanna.
Do lámha ar mo scornach — ar aontaigh mé leis sin? Canathaobh go bhfuil an seomra chomh fuar? Níl a fhios agam. Chailleas mo ghuth. Bhuail tinneas mé agus rinneas iarracht éalú. Theip orm.
Urlár. Múisc. Nocht.
Ní raibh smacht agam orm féin.
“D’ól mé an iomarca — nach mise an óinseach.”
“D’fhág mé le cara liom, nach mise atá amaideach.”
“Thug mise cead dó, nach raibh sé seo uaim?”
Tá mo cholainn nocht bhán cromtha ar urlár do sheomra i ndiaidh dom cur amach. Táim náirithe. Táim salach. Is díol trua mé.
Ní raibh smacht agatsa ort féin. Phioc tú suas mé. Ach ní cúram mo charad a bhí i gceist. Bhíos réidh le bás a fháil leis an náire ach amháin go raibh an phian i mo cheann agus i mo bholg níos pianmhaire fós. Ach ní bhfuaireas an tearmann a theastaigh uaim.
“Tá mé fós crua,” arsa mo chara.
Rinne tú iarracht mé a ghríosú fós. Tharraing tú ort féin nuair nár éirigh leis sin. Bhí náire orm, bhí mo cheann ag pléascadh, bhí mé préachta leis an bhfuacht. Cá bhfuil na diabhal éadaí leapa le mo cholainn nocht, bhán a chlúdach, le rian mo náire a cheilt? Cé nach ndúirt mé “no”. An raibh rud ar bith fúm a chuir “yes” in iúl? Múisc i mo ghruaig, agus mé ag streachailt le teacht ar an éadach leapa?
Ní raibh sé ar mo chumas cead a thabhairt ná a shéanadh. Scaoil mé leis an bpluid.
Shuigh tú ar mo bhrollach. Tharraing tú i dtreo m’aghaidhe. Súnás duitse. Ciúnas uaimse.
Glacaireacht, gnúsacht agus glae.
Chodlaíomar.
D’ól mé, phóg mé agus d’fhág mé le cara aréir. D’fhág mé slán le strainséir ar maidin a d’fhéach ar bhallbhrúnna mo mhuiníl agus dúirt sé ag scigireacht — “bhí an cailín romhatsa níos measa. Ní dúirt sise ‘no’ ach oiread.”
Tá ualach mór ar mo bhrollach agus tá fonn múisce orm.
Má chuaigh ábhar an ailt seo i bhfeidhm ort féadfaidh tú glaoch a chur ar an Ionad Éigeandála um Éigniú ar 1800 778888.