Ní féidir gan a bheith ag smaoineamh faoi chraiceann agus tú ag OnaS

Ar ndóigh, tá muid ar fad ag dúil go mór le hOireachtas na Samhna, ach caithfidh mé a rá go bhfuil rud éigin ionam nach bhfuil ag dúil leis.

Agus sin é an áit chéanna a bhfuilim ag dúil go mbeidh rud éigin ionam ag an Oireachtas. Má thuigeann tú leat mé. 

Tá sé dodhéanta gan a bheith ag smaoineamh faoi chraiceann a bhualadh agus tú ag an Oireachtas. Chomh luath is a chluinim an chéad nóta d’amhrán sean-nóis, nó nuair a fheicim leaid ag dul don steip, ní féidir liom ach a bheith ag dúil go nglacfadh sé mé thuas staighre lena bhua eile a thaispeáint dom. 

Agus tá a fhios againn ar fad go bhfuil sé i bhfad níos fearr nuair is féidir é a dhéanamh as Gaeilge. 

Nuair a thugann fear “cailín maith” nó “cailín dána” orm is leisean go hiomlán mé ansin. Tá an oiread sin daoine dóighiúla a bhfuil Gaeilge bhinn bhlasta acu, bíonn sé deacair dom smacht a choinneáil orm féin.

Nuair a labhraím le leaid a bhfuil an tuiseal ginideach ar bharr a theanga aige, déanaim gach ar féidir liom le bheith ar bharr na teanga céanna sin. Tá mé ag éirí fliuch cheana féin ag smaoineamh faoi na ceoltóirí a bheas ann. Is maith liom amharc ar mhéara feadaire nó boscadóra agus a shamhlaigh gur ormsa, nó ionamsa fiú, atá na méara sin ag cuimilt. 

Nuair a bhíonn an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh agus bíonn orm m’fhobhríste a athrú. Tá a fhios agam nach mise amháin a bhíonn chomh fliuch le muineál mic léinn ag Club na Féile ina dhiaidh dom cúpla deoch a ól.

Go háirithe agus na leaids seo thart orm lena gcuid Gaeilge áille agus a bhféasóga agus a n-amhráin agus… beidh orm teacht ar ais chuige seo.

Ach creid é nó ná creid, bíonn sé deacair dom leaid a aimsiú ag an Oireachtas leis an ghnó a dhéanamh liom. Chítear dom go bhfuil suim níos mó ag leaids ag an Oireachtas sa chraic agus san ól ná mar atá i mbuaileadh craicinn.

Bíonn siad ag iarraidh uaireanta an chloig a chaitheamh ag an bheár ag ól nuair a thiocfadh leo a bheidh liomsa thuas staighre. Níor mhiste liom craiceann a bhualadh i lár an lae agus dul ar ais chuig an choisir ansin ach is maith liomsa a bheith i gcumhacht agus ní tharlódh sin dá mbeadh a fhios aige go bhfuil mise á iarraidh níos mó ná mar atá seisean. Bíonn orm an ‘cluiche’ a imirt agus ligint orm féin go bhfuil mé ag iarraidh craiceann a bhualadh leisean agus leisean amháin. Ach i bhfírinne níl uaim ach go bhfuil duine éigin sásta mo dhídí a shú agus a bhod crua Gaelach a thabhairt dom. 

Tá domhan na nGael chomh beag sin chomh maith nárbh fhada go mbeadh a fhios ag mo bhoss, daoine ar obair nó Nuacht TG4 cé a bhí do mo raighdeáil an oíche roimhe agus cé gur bhreá liom a bheith ag caint faoi bhod (agus é a ghlacadh), tá mé ag iarraidh go mbeidh mé in ann amharc sna súile ar mo bhoss an Luan dár gcionn.

Tuigeann sibh faoin am seo nach mar an gcéanna gach bod agus nach bhfuil a fhios ag cuid de na leaids cén dóigh a gcara beag a úsáid i gceart.

Ní hamháin go gcuireann seo an oiread sin díomá orm nuair nach bhfuil fear go maith ag bualadh craicinn ach bíonn sé ciotach nuair a fheiceann tú ina dhiaidh sin iad. Bíonn tú ag iarraidh iad a sheachaint don chuid eile de do shaol ach más é gur bhuail tú craiceann leo ag an Oireachtas, is mó seans a fheicfidh tú arís iad ann agus níl duine ar bith ag iarraidh drochbhod a fheiceáil arís.

Ní ar mhaithe le bheith ag gearán atá mé a rá seo libh, a chairde Gael, ach ar mhaithe le comhairle a thabhairt daoibh.

Ná gabhaigí chuig an Oireachtas ag dúil go n-aimseoidh tú cara craicinn don deireadh seachtaine a bhuafaidh leathar leat leath bealaigh trí Chorn Uí Riada agus a théann ar ais chuig an chomórtas leis na buaiteoirí a fheiceáil. Mar ní tharlóidh sé.

Glacaigí bhur gcairde beaga bándearga libh agus déan cúpla scéal gnéasúil a íoslódáil sula dtéann tú. Socraigh coinne boid don tseachtain dár gcionn agus ná déan dearmad ar na ceallraí breise.  

SCÉALTA EILE