‘Níor mhothaigh mé riamh gur fear ná bean a bhí ionam’
Agallamh le Cúnla Morris

Labhair Mícheál Ó Ciaraidh ó BLOC, ardán ar líne do dhaoine óga atá ag TG4, le Cúnla Morris, duine neamhdhénartha, a chuir síos ar a n-óige, a saol anois agus an bealach nár mhothaigh siad compordach faoin lipéad ‘fear’ ná ‘bean’ riamh. Is mac léinn i gColáiste na Tríonóide iad Cúnla, agus ina n-oifigeach Gaeilge sa gcoláiste sin faoi láthair.