Óró ’sheanduine, ’sheanduine gleoite!
tá 'buachaill' nua ag an gCailín sa Chathair...

Níl sé ceart ná cóir, nuair a bhíonn dúil ag bean i bhfir óga tugtar ‘cúgar’ uirthi, ach nuair a bhíonn dúil ag fear i mná óga, cad a thugtar air? ‘Fear’.

Is gnách go mbíonn dúil ag fir i mná níos óige, go háirithe fir cháiliúla, Woodie Allen agus Suoon Yi, Catherine Zeta Jones agus Michael Douglas, Mick Jagger agus gach bean lena raibh sé! Tá an-chuid mná singile sna tríochaidí a cheapann nach n-aimseoidh siad grá a saoil riamh. Ach is féidir le fir sna tríochaidí a rá nár rugadh a ngrá geal fós!

Is dócha gur cirte ‘An Bhean Sa Chathair’ a thabhairt ormsa faoin am seo agus tar éis na mblianta de spórt is spraoi le an-chuid fir éagsula tá fonn orm socrú síos, ach tá na fir ar comhaois liomsa ag éirí gann, an-chuid díobh pósta anois agus is deacair fear oiriúnach a aimsiú. Nílim ag rá nach bhfuil fir dhathúla, chliste, dhea-ghléasta ar comhaois liomsa ann ach tá an chuid is mó díobh i gcaidreamh cheana — le fir eile!

Mar sin d’oscail mé m’intinn (in ionad mo chos), nuair a casadh orm fear sna caogaidí. 

Bhuail mé leis ag ‘féile eacnamaíochta’ i gCill Chainnigh (féile eacnamaíochta, rud a cheapfá nach d’fhéadfadh a bheith fíor, ar nós ‘féile bhéasa Fhrancach’ nó ‘réabhCaitliceach’!

Bhíos ag an mbeár agus d’fhiafraigh an stráinséir seo díom cad as ar tháinig mé. Bhí tuin ghalánta, ardnósach Shasanach ar a ghuth. Chas mé timpeall agus chonaic mé scafaire breá d’fhear, le folt mór de ghruaig liath air agus miongháire mealltach. 

“An ndúirt aon duine leat go raibh tú mar mhacasamhail de Rachel Johnson agus í óg?”

“Ní dúirt riamh agus níl a fhios agam cé hí fiú…”

“Deirfiúr Borris Johnson is ea í.”

Aon duine a chuirfeadh mé i gcomparáid le deirfiúr Borris chaithfeadh go bhfuil sé ró-shean, ró-shaibhir agus ró-choimeádach chun mé a mhealladh, ach le bheith fírinneach bhí a lán ólta agam agus bhí an bua tarraingteach sin aige atá ag an-chuid fir mheánaosta —  airgead! 

In ainneoin go bhfuil sé gar le bheith caoga mealladh mé lena bhaothchaint uasal le haghaidh turais go dtí an Opera leis i Londain. Agus bhí ard-am againn ann.

Anois táim saghas ag rá ‘is é mo ‘bhuachaill’ é, nó b’fhéidir go mb’fhearr ‘fear críonna’ a rá. 

Agus ba mhaith liom labhairt faoi na buntáistí agus míbhuntáistí atá ag gabháil le bheith le fear in sna caogaidí. 

De ghnáth bíonn níos mó airgid ag fir atá níos sine, tá siad in ann thú a mhealladh le béile i mbialann ardnósach agus oíche amach in san ‘West End’ ach tabhair aire. In ainneoin an t-airgead breise a bhíonn acu bíonn cúramaí an tsaoil orthu leis. Tá m’fhearsa pósta agus scartha faoi dhó le ceathrar páistí. Ag íoc ailiúnais do bheirt bhan agus ceathrar clainne i scoileanna príobháideacha, ní fhágtar móra airgid chun scléipe!

Tá fir níos sine socraithe ina saol, is rud an-tarraingteach sin: an teach deas, bean ag teacht chun an áit a ghlanadh, ach is féidir leis sin a bheith leadránach freisin, samhlaigh a bheith ag dul síos ar dhuine ag tabhairt faoiseamh béil agus ‘Gardiners Question Time’ ar siúl sa chúlra! Níl sé thar a bheith gnéasach.

Ní gá duit bualadh lena thuismitheoirí, mar tá siad marbh. Ach caithfidh tú bualadh leis na páistí agus is fuath leo thú!

Bíonn suim acu sa stair, de ghnáth toisc go raibh siad beo le linn rudaí ar nós chogadh Vítneam.

Tá siad béasach, ach b’fhéidir ró-bhéasach. Uair amháin agus muid ag bualadh craicinn dúirt mo dhuine agus é ag teacht ‘oh golly’, bhí sé ar nós luí le duine den ‘Famous Five’!

Mhúscail an caidreamh nua an-chuid tuairimí i measc mo chairde. Go ginearálta thug na mná tacaíocht dom ach bhíodar imníoch nach mbeinn in ann páistí a bheith agam leis. 

I measc na bhfear ní raibh ach spochadh agus magadh uathu, b’fhéidir go raibh éad orthu, ach bhí an-chuid jócanna á ndéanamh acu faoi:

“Cén suíomh dátála ar ar bhuail tú leis an bhfear seo? ‘RIP.ie”

“Cén bréagáin gnéis a úsáideann sibh sa leaba? Dífhibrileoir?”

Agus nuair a chosain mé m’fhearsa ag rá go raibh sé an-aclaí agus go raibh sé fós in ann síneadh síos agus teagmháil a dhéanamh leis an talamh dúirt cara amháin “táim cinnte go bhfuil — lena mhagairlí!”

Caithfidh mé gáire a dhéanamh! Ach tá cion agam ar an bhfear seo – ach buíochas le Dia nach bhfuil an Ghaeilge aige chun an t-alt seo a léamh!

Óró ’sheanduine, ’sheanduine gleoite!