Rinneadh éigniú orm ach ní rachainn chun na cúirte

Tá cur síos grafach san alt seo ar éigniú. Faoi chomhairle an léitheora féin é a léamh. 


Rinneadh éigniú orm ach ní rachainn chun na cúirte.

Mothaíonn sé aisteach sin a admháil agus, ar bhealach, tá mé do m’fhágáil féin ar shlí mo cháinte ach míneoidh mé mo scéal.

Bhí mé 21 nuair a chéadchuir mé aithne ar an duine a rinne ionsaí gnéis orm dhá bhliain ina dhiaidh sin. Duine ar chas mé leis i mbeár ar ghnách liom dul isteach ann le mo chairde. Bhí mé ag siúl amach le fear a bhí ina chónaí i bhfad uaim le linn na tréimhse sin agus mar sin, cé gur thuig mé go raibh dúil ag an fhear eile ionam, níor chuir mé féin suim ann seachas gur bhain mé sult as an chraic leis.

Le himeacht ama, ar an drochuair scar mé féin agus an fear eile agus fágadh go raibh mé singil arís. D’iarr an duine seo orm dul amach leis cúpla uair ach bhí mo chroí briste brúite go fóill agus ní raibh suim agam ann dáiríre.

Sa deireadh, i ndiaidh dó a bheith do mo chrá ar feadh dhá bhliain, fiú agus fear agam, ag maíomh go gcaithfeadh sé liom go galánta agus go mbeadh am aoibhinn againn le chéile, ghéill mé agus chuaigh mé amach fá choinne dinnéir leis. Bhí oíche ghalánta againn, thug sé an-aire dom agus rinne mé gáire an oíche ar fad. Ag deireadh na hoíche thug sé síob abhaile dom agus d’fhág sé mé ag an doras le póigín bheag bhídeach ar mo leiceann mar a dhéanfadh fear uasal.

Chaith mé cúpla trathnóna deas eile leis ina dhiaidh sin chun na pictiúrlainne, bialann eile agus siúlóid dheas agus nuair a fuair mé cuireadh le freastal ar ócáid mhothaigh sé nádúrtha go leor go rachadh sé liom mar chuideachta. Ní raibh mé ró-neirbhíseach faoi mar ní bheadh aithne agam ar mhórán daoine ag an bhainis agus bhí mé sásta go leor nach mbeinn i mo shuí liom féin.

Ní bheidh a fhios agam choíche cé acu ar cuireadh rud éigin i mo dheoch nó nár cuireadh ach i ndiaidh trí ghloine seaimpéine mhothaigh mé lag ólta agus, cé go raibh m’intinn breá airdeallach ar a raibh ag dul ar aghaidh timpeall orm, mhothaigh mé go raibh mé i mbolgán agus na géaga trom agus é deacair iad a bhogadh.

Bhí mo chara iontach buartha fúm ach seo chugainn m’fhear uasal ag maíomh go dtabharfadh sé aire dom, nach raibh sé ag iarraidh go bhfeicfeadh mo mháthair chomh hólta sin mé.

D’aontaigh mo chara leis agus cuireadh mé féin agus é féin i dtacsaí le chéile agus an tuiscint ann go dtabharfadh sé aire dom don oíche.

Cé nach raibh mé ábalta siúl ná bogadh mórán, tá cuimhne agam ar gach rud. Is cuimhin liom bheith á phógadh agus ansin gur stróiceadh na fo-éadaí díom faoi mo ghúna go raibh sé ionam, an chulaith – casóg agus bróga – air go fóill.

Is cuimhin liom a rá “níl mé réidh” agus an freagra a fuair mé – “beidh tú go breá i gceann soicind.” Is cuimhin liom boladh a anála agus é ag déanamh ionsaí ar mo chorp, gan bheith ábalta anáil a tharraingt gan an boladh lofa sin a shú isteach – meascán d’alcól, toitíní agus Red Bull i mo pholláirí.

Is cuimhin liom chomh garbh agus a bhí sé liom agus an dóigh ar shín sé mo dhá chos chomh fada sin gur chuala mé ballnasc ag leonadh i mo chromán, gur mhothaigh mé an phian mar a bheadh splanc leictreach agus gur thosaigh mé ag caoineadh.

Is cuimhin liom mo chloigeann á bhrú siar agus é ag sá a bhoid go domhain siar i mo sceadamán, gan anáil a bheith agam agus le mo shrón brúite ina bholg. Is cuimhin liom na deora á sileadh agus mo chorp ag déanamh iarracht orla a tharraingt ach gan bheith ábalta mar nach raibh aon aer i mo sceadamán.

“Caithfidh sé go bhfuil tú ag baint sult as seo nó thabharfá cic dom i bhfad roimhe seo,” a dúirt sé agus é taobh thiar díom do mo ghreadadh go trom le fórsa iomlán a choirp.

Sháigh sé é féin i mo thóin agus mhothaigh mé an craiceann ag scoilt – is ansin a lig mé scread.

Thiontaigh sé thart ina dhiaidh sin mé le mé a chur i mo thost ach mhothaigh mé neart ag teacht ar ais chugam agus thug mé an cic dó a raibh sé ag súil leis roimhe sin. Thit sé den leaba agus rith mé chuig an seomra folctha agus chuir mé mé féin faoi ghlas ann.

Bhí mé ann gan fón. Is cuimhin liom an eagla. Is cuimhin liom an fhuil, an craiceann stróicthe a d’fhág coilm nach gcneasóidh riamh.

Chuir mé amach.

Bhí mo ghúna go fóill orm agus mo chíochbheart – ní dhearna sé iarracht iad a bhaint. Rinne mé an rud nár chóir a dhéanamh – líon mé an folcadán agus nigh mé gach orlach de mo chorp go raibh sé dearg, mé ag caoineadh liom féin agus mé ag ní an tsalachair – agus na fianaise uilig – díom.

Cá raibh seisean? Cluas leis an doras, ní raibh mé ábalta é a chluinstin. I ndiaidh tamaill, chuala mé srannadh agus thapaigh mé mo dheis imeacht ón seomra folctha.

Níor scread mé amach, níor scairt mé ar na péas, ní dheachaigh mé chuig ionad sláinte ná otharlann, níor dhúirt mé le héinne.

Cén fáth? Mar níor shíl mé go gcreidfeadh duine ar bith mé. Nach raibh mé i ndiaidh an DNA ar fad a ní agus nach m’fhocalsa ina éadan a fhocailse a bheadh ann?

Chaith mé 4–5 lá ag suí ar mhála pónairí reoite leis an phian a laghdú, thóg mé piollaire an lá arna mhárach agus thóg mé lá tinnis ón obair. Gach uair a chuaigh mé chuig an leithreas mhothaigh sé go raibh piocaire deargthe idir mo dhá chos.

Ní dheachaigh mé chuig na péas. Ní bheinn láidir go leor an scéal a insint os comhair cúirte, ní bheinn ábalta a bheith maslaithe ar na meáin shóisialta agus ní bheinn ábalta déileáil le m’fho-éadaí bheith roinnte leis an mhórphobal agus daoine den tuairim gur ag insint bréag a bhí mé.

Is dócha nach mbeinn leanúnach i mo chuid fianaise agus go ndéanfainn dearmad rudaí a lua. Is dócha go ndéarfaí nach raibh fianaise ar mo cholainn nite.

Is cuma liom mura gcreideann daoine eile mé mar tá a fhios agamsa agus tá a fhios aige-sean cad é a tharla an oíche sin agus sin an fáth nach féidir leis breathnú sa tsúil orm inniu féin.

Táthar ann a déarfadh gur duine láidir mé, gur bean láidir mé a labhraíonn amach ar son ceart agus ar son na mban ach go háirithe, ach ní raibh mé riamh ábalta an chéim thábhachtach sin a thabhairt agus dul chuig na péas.

Mura raibh mise in ann a dhéanamh, cá mhéad bean eile a mhothaíonn mar an gcéanna? Is rud amháin é alt a scríobh, áit go dtig le daoine glacadh leis nó gan é a chreidbheáil ach scéal eile nuair is gá duit thú féin a chruthú i dteach na cúirte.

Mairim leis an chiontacht sin gach lá. Bím do mo chiapadh féin faoi na mná eile amuigh ansin ar ghortaigh sé romham nó i mo dhiaidh, guím le Dia nach ann dóibh agus nach ormsa an locht cionn is nach raibh mé láidir go leor labhairt faoi. Tá súil agam i gcónaí go mbeidh mná eile níos láidre ná mé.


Má chuaigh an t-alt seo nó aon chuid de i bhfeidhm ort, seans go mbeidh na huimhreacha thíos ina gcabhair duit:

Rape Crisis Network Ireland: 091 563676
Rape Crisis Helpline: 1800 778888
One in Four: 01 6624070
Rape and Sexual Abuse Support Centre (na Sé Chontae): 0808 802 9999


Is féidir Caoimhe a leanúint ar Twitter anseo.

SCÉALTA EILE