Tá sé tugtha le fios ag an suíomh pornagrafaíochta Pornhub gurb í mí fhuar seo Eanáir an mhí is mó ina mbíonn Éireannaigh ag breathnú ar ábhar an láithreáin.
Meán Fómhair an mhí is lú úsáid agus is go mall san oíche – idir 10in agus 1rn – a bhíonn an líon is mó daoine ón Phoblacht ag amharc ar fhíseáin phorn.
Tá na fíricí seo i measc sonraí éagsúla atá foilsithe ag an suíomh mór-ráchairte Ceanadach maidir le húsáid na pornagrafaíochta in Éirinn le bliain anuas.
Ábhar suntais eile go bhfuil Éire anois ar an cheathrú tír ar domhan ó thaobh úsáid Pornhub per capita den daonra, agus gur tháinig méadú 77% ar thrácht ón tír chuig an suíomh le ceithre bliana anuas.
Níl ach na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe chun tosaigh orainn ar scála na radharc leathanaigh in aghaidh an duine, agus is í an Iorua atá díreach ar ár gcúl ag #5 ar domhan.
Mar a bheifeá ag súil leis ón chathair is mó ar an oileán, is i mBaile Átha Cliath atá formhór na nÉireannach a dtaitníonn físeáin Pornhub leo, le muintir Chorcaí ag teacht isteach sa dara háit sa stát.
Ní raibh figiúirí ar leith ar fáil le haghaidh bailte sa tuaisceart.
Ní ba luaithe an tseachtain seo caite thug an suíomh le fios go raibh ‘Irish’ agus ‘Drunk’ i measc na bhfocal is mó a ndearnadh cuardach orthu in Éirinn le linn 2014.
Cé gur ábhar cainte, plé agus grinn na figiúirí nua seo, is fiú cuimhneamh go léiríonn taighde eolaíoch go mbíonn tionchar diúltach ag porn ar chorp an duine, fir ach go háirithe.
Go dtí le déanaí ceapadh gur cleachtas neamhurchóideach sultmhar é breathnú ar phorn ach dealraíonn sé anois gur féidir leis an iomarca físeán pornagrafaíochta an inchinn féin a athrú.
Ar na hiarmhairtí is suntasaí a bhaineann le breathnú ar bharraíocht porn, tá dí-íogrúchán (desensitisation) le fíor-chollaíocht agus gan an fonn bheith ort nuair ba chóir, fiú i gcás na bhfear óg sláintiúil.
Is féidir breis eolais a fháil ar an fheiniméan seo ar yourbrainonporn.com.
Tá an chuma ar an scéal mar sin gur fearr i bhfad an beart san fhíorshaol, ach nach raibh a fhios sin againn ar aon nós?