Ba le linn Sheachtain na Gaeilge 2018 in DCU a seoladh leabhrán nua téarmaíochta, An Foclóir Aiteach, a chuir Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), BelongTo Youth Services, agus Transgender Equality Network of Ireland (TENI) in eagar. Ba é príomhsprioc an fhoclóra seo bailiúchán téarmaíochta a chur i dtoll a chéile ionas go mbeadh “achan duine in ann iad féin a aithint i dteanga ar bith” dar le Leas-Uachtarán AMLÉ don Ghaeilge Laoighseach Ní Choistealbha.
San fhoclóir seacht leathanach seo, tá téarmaí Gaeilge a chuireann síos ar fhéiniúlachtaí inscne agus collaíochta a bhaineann leis an bpobal aiteach.
An rud atá i gceist leis an téarma ‘aiteach’ ná pobal ar leith a théann i gcoinne struchtúir shoch-chultúrtha normatacha. Téarma is ea é a théann siar go dtí na 1990idí ach atá ag éirí níos coitianta sa lá atá inniu ann mar scáth-théarma uileghabhálach don phobal LADT. Shílfeá, ó a bheith ag léamh fhocal fáilte an bhailiúcháin, go bhfuil an Ghaeilge “in ann don dúshlán” claontaí gnéis agus inscní na tíre, a bhfuil an-éagsúlacht le brath iontu, a chur in iúl..
Mar shampla, tá téarma Gaeilge san fhoclóir ar ‘non-binary’ — neamh-dhénartha — nó daoine nach bhfuil inscne thraidisiúnta ag baint leo. Tá téarma ann freisin do ‘demiromantic’ — leath-rómánsach — téarma a bhaineann le daoine ar leith a dteastaíonn caidreamh cairdis uathu sula bhfásann gaol rómánsach nó sula mbaintear pléisiúr as teagmháil chollaíochta le céilí.
Caithfear iarrachtaí an ghrúpa seo a cheiliúradh as spás aiteach na Gaeilge a fhorbairt don phobal mionlach seo. Tuigim go pearsanta na dúshláin agus na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do bhall de phobal mionlach teanga agus collaíochta mar fhear atá aerach agus mar Ghael. Caitheann na bailitheoirí solas ar conas is féidir linn spás nua cultúrtha a thógáil dóibh siúd atá ar imeall an imill.
Fós féin, bhí laigí ag baint leis an saothar seo. Níor tugadh cúram do chruinneas na Gaeilge sa leabhrán seo agus tá botúin chló, ghramadaí agus litrithe le feiceáil ann. Os a choinne sin, measaim nach ndeachaigh an grúpa stiúrtha i gcomhairle leis an aos acadúil ná le saineolaithe atá ag obair trí mheán na Gaeilge ar dhioscúrsaí aiteacha, an Dr John Walsh, mar shampla, an obair cheannródaíoch atá déanta ag an Ollamh Máirín Nic Eoin, nó fiú tagairt don fhoclóir collaíochta le Daithí Ó Luineacháin, Ó Ghliomáil go Giniúint. Is cosúil gur bhraith an grúpa ar an aistriúchán meicniúil agus nach ndearna siad iarracht Gaeilge nádúrtha a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar fhéiniúlacht agus ar chúrsaí gnéis.
Ní saothar acadúil é An Foclóir Aiteach. Is cáipéis thábhachtach í a thugann léargas ar an bpobal aiteach Gaelach atá timpeall orainn. Baineann scríbhneoirí an eagráin a n-aidhm amach — téarmaíocht nua a chumadh ar thaithí an duine aitigh.
Gníomh fíorthábhachtach é seo toisc go n-aithnítear go bhfuil Gaeil ann atá aerach, trasghnéasach, nó éighnéasach ach go raibh orthu dul i muinín an Bhéarla chun iad féin a chur in iúl. Cé go ndeir an t-eagarthóir go gcuireann an saothar tús leis na naisc dhioscúrsacha idir an Ghaeilge agus an aiteacht, ní dóigh liom go n-aithnítear an obair mhór a rinneadh ar na naisc sin go dtí seo i léann na Gaeilge.