Stocaí na dánaíochta

Níl ach cúpla seachtain fágtha go mbeidh an Nollaig linn, a chairde, agus tá na stocaí le líonadh go práinneach.

Daoibhse a bhfuil duine speisialta in bhur saol agaibh, cheap mé gur mhaith an rud é an strus, an obair agus an t-ualach a laghdú agus liosta a chur le chéile d’fhéiríní Nollag ar féidir iad a shleamhnú isteach i stocaí na dánaíochta!

Deirtear nach bhfuil tábhacht le méid, ach ní fíor sin sa chás seo.

Caithfidh na féiríní a bheith beag go leor le cur isteach i stoca Nollag, ach cumhachtach go leor le do ghrá geal a chur ag screadaíl mar a bheadh siopadóir cíocrach ann nuair a osclaíonn na stórais mhóra le haghaidh na sladmhargaí maidin Lá an Dreoilín.

Ní gá i gcónaí moll mór airgid a chaitheamh ar fhéiríní Nollag. Is é atá sa liosta seo ná ábhar atá réasúnta saor le ceannach ach a shaothróidh cúpla pointe breise duit sa tseomra leapa.

Má tá sibh ar liosta na ndaoine dalba ag Daidí na Nollag i mbliana, tá mé cinnte go gcuirfidh sibh suim mhór ina bhfuil luaite agam thíos.


1.) Scaoil amach an bobailín!

bobailini

Smaoinigh ar Dita Von Tease agus cuir ort na bobailíní milse seo agus is cinnte go mbeidh do pháirtí ag iarraidh tú a ithe!


2.) Glais lámh

beag

Cuir ceangal na gcúig gcaol ar do ghrá geal le glais lámh agus cuir an eochair i bhfolach in áit éigin dána… mmm…


3.) Ribín rúnda

toineile

Cuir thart ort é agus cuir snaidhm ann a gcaithfidh do stóirín é a scaoileadh lena bhéal… Is tusa fíorbhronntanas na Nollag, a bhitseach sexyáilte.


4.) Péint craicinn

peint

Tóg amach do scuab dhraíochta agus tarraing ealaín na collaíochta ar do chuiditheoir Nollag. Glan suas ina dhiaidh le teanga na nGael.


5.) Kama Sutra beag bídeach

kama

Bíodh sé seo ar láimh agat le tús spleodrach a chur leis an bhliain úr. Beag go leor le cur i do phóca ach fairsing go leor le réimse smaointe nuálacha a mhúscailt ionaibh, seo leabhar nach féidir a leagan síos.


6.) Ubh shásaimh

egg

Is fada uainn an Cháisc go fóill, a chairde, ach ní hionann sin agus a rá nach dtig ubh a oscailt go luath. Gheobhaidh tú craiceann deas san ubh seo le cur thart ar bhod do ghrá ghil le sásamh agus pléisiúr as cuimse a thabhairt dó.


7.) Fáinne fí

coinin

Ná bac leis na fáinní órga in amhrán 12 bhronntanas na Nollag. Is fiú fáinne gealltanais mar seo a cheannach a gheallfaidh go mbeidh am iontach ag an bheirt agaibh! Tá coinín beag air a thabharfaidh sásamh don bhean agus tá fáinne fí ann a thabharfaidh pléisiúr don fhear – rud riachtanach é i mála dánaíochta ar bith!


8.) Coinneal blasta

lickable

Is féidir an coinneal seo a lasadh, an ‘cheir’ a dhoirteadh ar cholainn do stóirín, agus é a ghlanadh suas le do bhéal mar mhilseog i ndiaidh dinnéar mór Nollag. Blasta agus sláintiúil!


9.) Cleite chuimilte

cleite

Luigh síos faoin chrann Nollag agus cuimil colainn an duine eile go deas éadrom le cleite, mar a bheadh síog Nollag ag tabhairt póga dóibh ann. Anois, cé atá cigilteach?


10.) Clocha teo

clochaeile

Cuir ruaig ar an fhuacht le clocha teo an Nollaig seo agus suathaireacht colainne (massage) á tabhairt agat do do pháirtí. Cuir ar maos in uisce te iad agus ansin cuimil ar chorp do chara collaíochta iad. Beidh siad socair, suaimhneach gan mórán moille.

Cibé rud a chuireann tú i do mhála féiríní i mbliana, déan cinnte go mbíonn sibh maith agus dána le chéile 😉

SCÉALTA EILE