‘Tá lánchead ag duine a lipéad gnéasachta a athrú nuair nach n-oireann sé dóibh níos mó’

Bhí sé deacair ormsa lipéad a chur ar mo ghnéasacht. Níl aon ghá a leithéid a dhéanamh ach níl aon dabht go bhfuil daoine áirithe ann a bhraitheann go gcabhródh lipéad leo fios a bheith acu cá seasann siad i bpobail áirithe. Mise duine des na daoine seo, de réir dealraimh (b’fhéidir gur easpa féinmhuiníne is cúis leis seo, dom féin ach go háirithe).

Níor thuigeas go rabhas déghnéasach nuair a bhíos im’ chailín óg. Níor thuigeas nár bhraith na héinne mar a bhraithimse. Ní duine féinmhuiníneach mé sa tslí agus nár maith liom spás a thógaint muna bhfuil sé tuillte agam nó muna bhfuil sé i ndán dom. Ach tréis dom labhairt le daoine déghnéasacha, chomh maith le daoine heitrighnéasacha, agus tréis an choláiste fiú, tuigim gur déghnéasach mé.

Is dóigh liom nach bhfuil mórán béime á cur ar lipéid a thuilleadh ach bhí tamall ann, go háirithe nuair a bhíos sa choláiste, go gcuireadh béim agus tábhacht orthu. Ar dtúis, cheapas gur heitrighnéasach mé a bhí compordach le daoine aeracha. Ansin, cheapas gur heitrighnéasach mé ar chuma léi an gnéas céanna a phógadh. Ach, ‘níl na héinne mar sin’, a dúradh liom, agus ina dhiaidh sin, bhí lipéid eile á gcur ar m’eolas ag daoine dom agus iad ar fad éagsúil lena chéile.

Mar go rabhas go breá sásta le cailíní agus gur heitrighnéasach an ‘gnáthrud’, tugadh an lipéad défhiosrach dom. Níor luigh sé seo i gceart liom áfach, mar gur cheap mé gur ag tabhairt le fios do dhaoine a bhí sé gur á n-úsáid a bheinn dá mbeadh aon chaidreamh agam le daoine aiteacha, mar go rabhas fiosrach ina dtaobh.

Ina dhiaidh san, agus mé ag caint le cara dom fén lipéad áirithe sin, dúradar liom go raibh lipéad ann dar teideal ‘heitireasholúbtha’, ag tabhairt le fios gur le fearaibh amháin a bheinn go rómánsúil ach go raibh suim agam a bheith i dteannta chailíní chomh maith. Luigh sé seo beagáinín beag níos compordaí liom, agus ag féachaint siar ar mo shaol, bhí ionadh orm nár thugas faic fé ndeara go dtí go rabhas tréis an coláiste a fhágaint, ach ní ródhéanach a bhí sé le fáilt amach.

Anois, n’fheadar mar gheall ar dhaoine eile ach níor tháinig ábhar mo chuid gnéasachta suas rómhinic aon áit a rabhas nó le héinne a rabhas ag caint leo. Níor cuireadh an cheist orm ach fiafraíodh díom cár leag mé mo chuid suime, ceist an-deas oscailte a d’fhéadfaí a fhiafraí d’éinne, is dóigh liom féin. Agus an comhrá á oscailt suas ag an gcleas óg, agus nach maith an rud é sin, thuigeas go raibh mórán lipéid eile sa treis nár chuala riamh fúthu, agus deirim lipéid i slí mhaith, ní go holc. Bhí lipéad ann d’éinne ar mhaith leo ceann a bheith acu a chuirfeadh síos orthu agus a thabharfadh le fios dóibh go raibh áit sa tsaol acu agus spás sa tsaol ann dóibh.

Ní go dtána trasna ar an bhfocal ‘leathghnéasach’ go dtuigeas cén saghas duine mé. Is duine iad an leathghnéasach nach mbíonn fonn orthu gnéas a bheith acu, nó fiú duine a phógadh, muna mbíonn mothúcháin acu don nduine sin roimré. Bíonn daoine áirithe go minic ag féachaint ar dhaoine dathúla ag rá go bhfuilid chomh dathúil nó gur bhreá leo imeacht abhaile ina dteannta, ach ní bhíonn an fonn sin rómhinic ormsa. Is féidir liom duine a fheiscint agus tuiscint go bhfuilid dathúil ach ná ceapaim féin é, má tá ciall leis sin?

Nó bheinn ag caint le duine éigin dathúil agus chuirfí ceist orm an raibh aon ní ag tarlú eadrainn agus déarfainn, ‘ach níl aon aithne agam orthu?’ Nó chuireadh duine éigin ceist orm imeacht chun dinnéir leo agus níor thuigeas an fáth go gcuirfeadh duine éigin an cheist sin ar dhuine nach raibh aon aithne acu orthu.

As sin amach, thuigeas dom féin gur leathghnéasach a bhí ionam, agus mé breá compordach an focal a úsáid dom féin. Gan dabht bhí oícheanta im’ shaol nár lean le míniú an fhocail sin, ach tarlaíonn a leithéid. Ach leathghnéasach a bhí heitireasholúbtha? N’fheadar.

Tréis tamaillín dom ag machnamh agus eispéiris nua a bheith agam sa tsaol, thuigeas gur déghnéasach mé agus ní duine heitireasholúbtha. Tá sé an-difriúil agus tú ag bualadh le leaids a bhfuil suim agat iontu i gcomparáid le mná. Nílimid chomh gáirsiúil, nó chomh díreach leo, agus taithí na céadta bliain ag fearaibh ar shlite chun mná a mhealladh. Níor mhaith liom riamh tosnú ag flirteáil le haon bhean muna mbeinn siúrálta go mbeadh fáilte roimis, mar ní theastódh uaim iad a chur ar a míchompord. Mar go bhfuil an comhrá i bhfad níos oscailte anois, tarlaíonn sé níos minice go dtagann sé chun solais cén tsuim nó an bhfuil aon suim ag daoine ionat, nó triaileann daoine é a dhéanamh soiléir sna héadaí agus stíleanna gruaige a bhíonn á chaitheamh acu (rud ná oibríonn i gcónaí, caithfidh mé a rá).

Bíonn ceist ann i gcónaí ar an bhfás a thagann ar dhaoine go ginearálta mar is ag forbairt agus ag foghlaim fúinn féin a bhímid i gcónaí. Athraíonn lipéid an t-am ar fad agus lánchead ag daoine a leithéid a dhéanamh nuair a thuigeann siad nach n-oireann siad dóibh níos mó. Bíonn daoine áirithe nach mbíonn ró-oscailte fé athruithe ar fhéiniúlacht daoine ach ná tabhair an sásamh dóibh gan foghlaim fút féin agus gan forbairt mar dhuine.

B’fhéidir go n-athródh mo rudaí-sa tréis cúpla bliain, agus suim agam i rudaí difriúla in ionad na rudaí a bhfuil suim agam iontu anois. Bíonn ceist i gcónaí ar chúrsaí gnéasachta, agus beidh go deo déarfainn, ach ná lig dó sin tú a stop áthas a aimsiú sa tsaol agus a bheith chomh compordach leat féin is is féidir leat, le lipéad nó gan é!

SCÉALTA EILE