An bhféadfá a rá gur déghnéasach thú murar luí tú le bean eile? Cén dóigh a mbeifeá cinnte, fiú má tá do chuid mothúchán uilig a rá leat, “sea, tá sé fíor”? An bréagadóir thú murar chodail tú cheana ach le fir?
Tá na ceisteanna seo á gcíoradh i m’intinn féin agam le blianta fada agus ní dúirt mé le duine ar bith riamh cén dóigh ar mhothaigh mé. Cúpla mí ó shin, nuair a bhí muid amuigh ag ól, chruinnigh mé an misneach a rá leis an mBuachaill sa Chathair gur cheap mé gur déghnéasach a bhí ionam, ach nár chodail mé le bean eile riamh. An freagra a thug sé orm, go bunúsach, ná “ok, cúl. Ní fheicim aon fhadhb ansin. Deoch eile uait?”
Faraor, mar a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn an t-ól istigh, rinne sé glan dearmad ar an gcomhrá seo agus bhí orm a rá leis arís mí ina dhiaidh sin.
D’airigh mé gur bhréagadóir mé fós. An raibh mé ag glacadh seilbhe ar fhéiniúlacht nár liom í, toisc nach raibh taithí agam uirthi?
Seachas cúpla póigín fánach ag cóisirí coláiste (áit ar fhoghlaim mé gur fearr i bhfad iad na cailíní ag an bpógadh), ní dheachaigh mé mórán níos faide le mná. Thosaigh mé do mo cheistiú féin, agus ní hamháin sin, ach mo chaidreamh leis an mBuachaill sa Chathair freisin. An bhféadfainn a bheith iomlán páirteach inár gcaidreamh má bhí fonn orm craiceann a bhualadh le duine eile? Má bhí mé i bhfíorchaidreamh fadtéarmach an mbeinn in ann mo mhothúcháin a dheimhniú riamh?
D’inis mé an scéal ar fad do dhuine de na cailíní is fearr liom, freisin. Dúirt sí go raibh comhrá mar sin aici lena máthair. Bhí an mháthair pósta le 30 bliain anuas, ach dúirt sí lena hiníon gur bhraith sí gur chaill sí rud éigin agus í óg agus go gceapann sí go bhfuil spéis aici i mná. An chomhairle a chuir mo chara orm ná, go bunúsach, “fiosraigh an scéal más féidir. Níor mhaith leat a bheith 60 bliain d’aois agus ag machnamh an “dá mba”, agus a bheith lán aiféala”.
Cúpla seachtain ó shin, d’fhiafraigh an Buachaill sa Chathair díom an rud é seo a bhfuil mé ag streachailt leis go fóill. Is ea. Dúirt sé go dtacódh sé liom go huile is go hiomlán, agus go raibh sé ceart go leor dá mbeinn ag iarraidh eispéaras collaíochta a bheith agam le bean. An tuairim atá aige ná gur chuige-se a bheidh mé ag teacht ag deireadh an lae (nó na hoíche) i gcónaí, agus nach údar imní dó é.
Tá mé fíorbhuíoch as an muinín mór a chuireann sé ionam , go háirithe nuair a fhéachaim ar na caidrimh atá ag mo chairde, agus a gcéilí de shíor ag seiceáil orthu agus an-amhrasach faoi chairdeas leis an gcineál eile.
An oíche sin d’íoslódáil mé Tinder agus Bumble araon. Níor aimsigh mé duine ar bith go fáil, ach tá sé sin ok. Ba mhaith liom duine a aimsiú a bheadh toilteanach na bunchéimeanna a thabhairt dom, mar a déarfá, agus atá compordach le mo chás.
Tá mé níos compordaí anois a rá os ard gur déghnéascach mé. Ní hé gur fhiafraigh duine ar bith díom faoi go díreach, ach ní bheadh a fhios agat. Má ghoilleann sé ar dhuine ar bith gur déghnéasach mé nár chodail le bean, tá fáilte romhaibh an cheist a phlé liom. Níl ann ach nár tharla sé go fóill i mo shaol go raibh na cúinsí ann gur chodail mé le bean…go fóillín.
Anuas air sin agus uile, tá mé cinnte go bhfuil fir agus mná amuigh ann sa mbád ceanann céanna liomsa. Ní bhíonn muid riamh inár n-aonar.
Agus díreach mar a bhí nuair a bhuail mé craiceann le fear den chéad uair, nuair a bheidh an uain cheart ann, tarlóidh sé.